
Tá clár ceannródaíoch dátheangach iarchéime ‘Lucht Bainistíochta a Fhorbairt’ seolta go hoifigiúil ag Údarás na Gaeltachta agus Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA).
Tá an clár dátheangach seo deartha chun scileanna bainistíochta tábhachtacha a chur ar fáil don chéad ghlúin eile de ghairmithe gnó agus bainistíochta atá ag obair san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach. Rinne an ócáid seolta ceiliúradh ar an gcéad chohórt rannpháirtithe atá cláraithe faoi láthair ar chlár GAIRM. Oibríonn na rannpháirtithe go lánaimseartha le hÚdarás na Gaeltachta agus a gclár acadúil á gcríochnú ag an am céanna acu le OTA.
Is é príomhchuspóir an chláir seo tacú le misean Údarás na Gaeltachta an Ghaeilge a chaomhnú agus a neartú mar theanga bheo, agus forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta a chur chun cinn. Is cuid lárnach de Chlár GAIRM an Dioplóma Iarchéime dar teideal, “Gnó i gCleachtas Gairmiúil sa Bhainistíocht (Leibhéal 9)”, a chuireann an Scoil Ghnó ag Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh – Gaillimh ar fáil. Comhtháthaítear socrúcháin oibre gairmiúla le staidéar acadúil sa chlár chun samhail nua foghlama iarchéime agus forbartha gairmiúla a chruthú a neartaíonn ceannaireacht réigiúnach agus inniúlacht ghnó dhátheangach.
Tá deichniúr céimí cláraithe faoi láthair ar an gclár dhá bhliain atá lán. Cuireann an clár taithí oibre phraiticiúil ar fáil i rannóga éagsúla Údarás na Gaeltachta agus nasctar sin le staidéar iarchéime. Fostaíonn agus íocann an tÚdarás na rannpháirtithe ar feadh thréimhse an chláir, ag obair ar uainíochtaí a mhaireann trí mhí i réimsí amhail forbairt fiontraíochta, seirbhísí corparáideacha, inbhuanaitheacht chomhshaoil, agus rannpháirtíocht leis an bpobal.
Gach seimeastar acadúil, críochnaíonn mic léinn ceithre mhodúl (dhá cheann i nGaeilge agus dhá cheann i mBéarla), agus meascán de sholáthar ar líne agus ar an gcampas. Cuireann an cúrsa deiseanna le dul chun cinn a dhéanamh freisin le Máistreacht Ghnó i gCleachtas Gairmiúil sa Bhainistíocht dóibh siúd ar mian leo a gcuid staidéir a thabhairt chun cinn.
Seoladh an clár ar champas Chathair na Gaillimhe de chuid OTA le déanaí, ócáid ar fhreastail Uachtarán OTA uirthi, an Dr. Orla Flynn agus POF Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin, agus ionadaithe sinsearacha ó na heagraíochtaí araon agus ó bhaill foirne acadúla. Bhí ról lárnach ag na daoine atá cláraithe faoi láthair faoin gclár GAIRM san ócáid lainseála.
Ag labhairt di ag an seoladh, dúirt an Dr Flynn go léiríonn an comhoibriú “ailíniú láidir idir misean réigiúnach OTA agus tiomantas Údarás na Gaeltachta d’fhorbairt inbhuanaithe eacnamaíoch agus pobail tríd an oideachas, oiliúint agus forbairt scileanna.”
Dúirt an tUasal Ó Síocháin: “Táimid thar a bheith bródúil as an ngrúpa céimithe den scoth seo, agus táimid thar a bheith buíoch as an gcomhoibriú luachmhar atá againn le OTA chun an chéad ghlúin eile de bhainisteoirí dinimiciúla agus cumasacha a fhorbairt. Ní hamháin gur éacht atá sa lá inniu, ach tá sé ina thús le haistear spreagúil do na daoine cumasacha seo a mbeidh ionchuir fhiúntacha acu, bíodh sé in Údarás na Gaeltachta, in eagraíochtaí eile, nó cibé áit a dtabharfaidh a ngairmeacha iad.”
Labhair rannpháirtithe cláir Ailiadh Breathnach ó Indreabhán, Co. na Gaillimhe agus Seán Ó Coileáin ó Chontae Phort Láirge ag an ócáid freisin, á roinnt léargais óna dtaithí ar staidéar iarchéime a nascadh leis an timpeallacht oibre san fhíorshaol ina bhfreastalaítear ar fhiontair Ghaeltachta agus ar phobail Ghaeltachta
Tá sé beartaithe clár GAIRM 2026-28 a fhógairt i mí na Nollag 2025 agus cuirfear fáilte roimh iarratais go luath san Athbhliain don chéad dream eile a ghlacfar isteach faoin gclár sin. Cuirfear fáilte roimh iarratais ó iarrthóirí a bhfuil Gaeilge líofa acu agus Céim Leibhéal 8 de chuid NFQI (cúrsa reatha nó cúrsa atá ar tí a bheith críochnaithe le linn na Bliana Acadúla reatha) i réimsí éagsúla amhail gnó, teicneolaíocht, cuntasaíocht, pleanáil, bainistíocht tionscadail, eolaíocht, eolaíochtaí sóisialta, agus cumarsáid.
Dóibh siúd ar spéis leo tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar www.udaras.ie/GAIRM