
Cuireann Údarás na Gaeltachta agus Muintearas fáilte mhór roimh an mhaoiniú atá fógartha ag an Aire Dara Calleary T.D. don óige inniu. Cuirfidh an mhaoiniú seo ar chumas Mhuintearais cur leis na seirbhísí óige ins na Limistéir Pleanála Teanga ar fud na Gaeltachta. Táthar ag súil go gcuideoidh sé seo le buanú agus neartú úsáid na Gaeilge i measc an ghlúin óig sa Ghaeltacht agus go mbeifear in ann deiseanna nua a chruthú don óige leis an nGaeilge a úsáid i suíomhanna sóisialta.
Ag fáiltiú roimh an mhaoinithe seo dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis Tomás Ó Síocháin “Fáiltím go mór roimh an mhaoiniú seo, cuirfidh sé ar chumas Mhuintearais cur le seirbhísí óige ar fud na Gaeltachta, rud a chuideoidh go mór le buanú na teanga i measc an ghlúin óig”.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Gníomhach Mhuintearais, Mairéad Ní Oistín “Is cúis áthais dúinn go bhfuil an mhaoiniú seo ceadaithe ag an Aire, agus tá Muintearas ag súil go mór le bheith ag tacú le soláthar seirbhísí óige buana ar fud na Gaeltachta.”
Is fochuideachta de chuid Údarás na Gaeltachta Muintearas Teo a bhfuil freagracht maidir le forbairt na hóige sa Ghaeltacht tugtha ag Údarás na Gaeltachta.
Tá Muintearas freagrach as tograí oiliúna, oideachais, óige agus luathoideachais a chur chun cinn, agus riaradh a dhéanamh ar Scéim na gCampaí Samhraidh agus ar Scéim na gCúntóirí Teanga don Roinn.
Faoi láthair tá 42 club óige cláraithe le Muintearas ag cur seirbhísí ar fáil do 1,534 duine óg ar fud na Gaeltachta.