Feachtas tosaithe chun glórtha Gaeilge a bhailiú le haghaidh togra a chuirfidh go mór le todhchaí dhigiteach na teanga.
I bpáirtnéireacht le Mozilla Common Voice, tugann Údarás na Gaeltachta cuireadh don phobal Gaeilge agus Gaeltachta páirt a ghlacadh i gcruthú corpais* labhartha Gaeilge poiblí a bheidh ar fáil saor in aisce agus gan aon srianta úsáide. Tá corpais no bailiúcháin mór labhartha sa Ghaeilge ríthábhachtach d’fhorbairt uirlisí teicneolaíochta teanga.
Gach uair a dhéanann tú taifead ar ardán Mozilla Common Voice, cuireann tú le corpas a chuirfidh ar chumas forbróirí:
Gach Glór Tábhachtach agus Gach Canúint Luachmhar
Ní mór dúinn glórtha ó gach cuid den phobal Gaeilge, ó ghlórtha óga i mBéal Feirste go seandaoine i gCorca Dhuibhne. Beidh gach taifeadadh marcáilte (gan ainm) le do chanúint agus do chúlra, rud a chinnteoidh go dtuigfidh an AI éagsúlacht shaibhir na Gaeilge.
"Is deis iontach í seo chun seasamh na Gaeilge sa domhan digiteach a neartú agus í a chur ar chomhchéim leis na teangacha móra eile," a mhínigh Ruairí Ó Neill, Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha ag Údarás na Gaeltachta. "Faoi láthair, níl ach 15 uair an chloig d'ábhar Gaeilge labhartha ar fáil ar Common Voice, suim an-bheag i gcomparáid leis na 159 uair atá ag an mBreatnais nó na 713 uair atá ag an mBascais. Ach ag obair le chéile, is féidir linn an méid sin a mhéadú go suntasach."
An bhfuil 5 nóiméad agat chun páirt a ghlacadh?
Téigh chuig Common Voice (https://commonvoice.mozilla.org/ga-IE)
Beidh an corpas ar fáil faoi cheadúnas CC0 (Creative Commons Zero) Tugann CC0 deis do dhaoine a gcuid oibre a scaoileadh go poiblí; ionas gur féidir le duine ar bith an obair sin a úsáid, a athrú nó a roinnt gan chead a iarraidh, rud a chiallaíonn:
Dúirt An Dr. Mícheál J. Ó Meachair, Ollamh Cúnta agus Léachtóir Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU)
“Tacaím le feachtas Údarás na Gaeltachta sonraí Gaeilge an ardáin Mozilla Common Voice a chur chun cinn agus a shaibhriú. Beifear ábalta sonraí urlabhra an ardáin seo a úsáid chun leasa teicneolaíochtaí teanga na Gaeilge san earnáil phoiblí, sa taighde, agus san earnáil phríobháideach. Is de bharr an cheadúnais oscailte atá sé seo amhlaigh, agus sábhálfaidh an ceadúnas oscailte seo am riaracháin ar na grúpaí taighde a oibreoidh leis na sonraí amach anseo.”
Dúirt E.M. Lewis-Jong, Leas Uachtarán, Comhchoibhneas Sonraí Mozilla & Stiúrthóir, Common Voice
“Tá muid an sásta bheith ag obair le hÚdarás na Gaeltachta chun cainteoirí Gaeilge a spreagadh chun níos mó uaireanta cainte Gaeilge a chur le Mozilla Common Voice. Is é seo an cineál comhoibriú is fearr linn, ceann a rachaidh chun tairbhe do theicneolaíochtaí na Gaeilge agus a thacóidh freisin le taighde luachmhar oscailte ar chanúintí réigiúnacha trínár gcóras clibeála meiteashonraí. Tá muid ag súil go mór a bheith páirteach san togra seo!”
Dúirt An Dr. Neasa Ní Ciaráin, Ollamh Cúnta, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
"Tacaíonn foireann ABAIR leis an bhfeachtas chun corpas cainte a bhailiú trí ardán Mozilla Common Voice. Braitheann córais nua-aimseartha teicneolaíochta AI ar shonraí cainte ar ardchaighdeán agus ar scála mór. Cuirfidh an bailiúchán seo le Mozilla Common Voice go mór leis an obair leanúnach atá ar siúl ag ABAIR i mbailiú corpais, i dtógáil na mbonnteicneolaíochtaí cainte agus i bhforbairt áiseanna don Ghaeilge.
Tá ABAIR tiomanta do chórais a fhorbairt a fhreastalaíonn ar riachtanais an phobail, ar fhoghlaimeoirí teanga, agus ar dhaoine le míchumas. Cuirfidh bailiúchán ar Common Voice leis an obair mhór atá ar siúl chun teicneolaíochtaí a chruthú, rud a chabhróidh le húsáid na Gaeilge a leathnú sa spás digiteach, go háitiúil agus go hidirnáisiúnta."
Ná caill an deis, cuir do ghlór leis an gcorpas inniu. Nasc anseo Common Voice