Dul chun cinn dearfach ar thodhchaí champais Choláiste Chonnacht
Ag cruinniú aréir (Dé Luain, 22ú M.F. 2025) sa Spidéal, síníodh Meamram Comhthuisceana a chinnteoidh todhchaí láidir don champas stairiúil seo. Tá buíochas mór ag dul chuig na páirtí éagsúla as an obair dhian atá déanta acu go dtí seo.
Na páirtithe:
Beidh coiste stiúrtha á bhunú anois agus beidh obair thábhachtach faoina stiúir maidir leis an gcampas. Tá suirbhé teicniúil le déanamh ar an suíomh agus cúrsaí rialachais agus struchtúir le plé. Chomh maith le sin beidh plean coincheaptha le forbairt don champas agus amach anseo beidh deis ag an pobal ionchur a bheith acu sa próiseas sin.
Leanfaidh an tÚdarás ag obair go dlúth leis na páirtithe go léir chun an chéad chéim eile a chur i gcrích.