Bain úsáid as an Intleacht Shaorga chun cabhrú leat smaointe nua a cheapadh, do chuid oibre a éascú, agus do ghnó a chur chun cinn? Tá CREW (Creative Enterprise West) agus Údarás na Gaeltachta tar éis teacht le chéile chun clár úr a chur ar fáil do lucht gnó ar fud na Gaeltachta.
Tá an clár seo bunaithe ar phíolóit a d'oibrigh go maith in 2024 agus beidh sé ag díriú ar AI agus ar smaoineamh deartha a nascadh le chéile chun nuálaíocht agus fás a chothú. Trí cheardlanna praiticiúla foghlaimeoidh daoine cén chaoi AI a úsáid mar chomrádaí cruthaitheach a chabhróidh leo fadhbanna a réiteach, deiseanna nua a aimsiú, agus an chaoi a ndéanann siad gnó a athrú.
Cén uair agus Cén áit a bheidh na Ceardlanna
Tabharfaidh gach ceardlann uirlisí praiticiúla agus eolas úsáideach do lucht gnó, agus ina dhiaidh sin beidh seisiúin phearsanta ann le cabhrú leo AI a úsáid go díreach ina gcuid oibre chun fadhbanna a réiteach agus rudaí nua a chruthú.
"Ní do chuideachtaí móra teicneolaíochta amháin atá AI ann, ach d'aon duine atá ag iarraidh smaoineamh níos fearr, oibriú níos cliste, agus rud éigin luachmhar nua a chruthú dá gcuid custaiméirí," arsa Ainslie Peters, Bainisteoir an Chláir ag CREW. "Taispeánfaidh na ceardlanna seo cén chaoi is féidir le hAI agus smaoineamh deartha dul le chéile chun smaointe nua agus deiseanna gnó fíor a chruthú."
"Tugann an comhpháirtíocht seo deis iontach dúinn tacaíocht phraiticiúil agus éifeachtach a chur ar fáil d'fhiontraithe agus do ghnólachtaí na Gaeltachta," a dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach, Údarás na Gaeltachta. "Tá sé mar aidhm againn go bhfeicfeadh an lucht gnó an AI mar uirlis chumhachtach a chabhróidh leo a bheith níos nuálaí agus fás inbhuanaithe a bhaint amach."
Cén chaoi le Clárú Moltar do lucht gnó clárú go luath chun áit a chinntiú dóibh féin. Téigh chuig www.crewdigital.ie le tuilleadh eolais a fháil agus le do chlárú a dhéanamh.