Maoiniú ceadaithe d’Ard-Dioplóma i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán

25 Lúnasa, 2025

nóiméad léite

Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh ar an gCeathrú Rua

Leanann Údarás na Gaeltachta de thacaíocht a thabhairt do chúrsa tábhachtach aistriúcháin i gConamara

Tá Údarás na Gaeltachta tar éis maoiniú a cheadú d'Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA) don bhliain acadúil 2025/2026 chun tacaíocht a thabhairt don Ard-Dioplóma i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán a bheidh á reáchtáil ar an gCeathrú Rua i gcomhpháirtíocht le Europus.

Tá an cúrsa 26 sheachtain ag freastal ar riachtanais thábhachtacha thionscal na Gaeilge ó 2000 i leith. Leis an gcúrsa, cuirtear oiliúint ghairmiúil ar ardchaighdeán ar fáil in earnáil an aistriúcháin agus na Gaeilge Feidhmí, rud atá riachtanach chun freastal ar éileamh leanúnach na hearnála.

"Tá an cúrsa seo i gcroílár thionscal na teanga in Éirinn," a dúirt urlabhraí d'Údarás na Gaeltachta. "Cuireann sé céimithe oilte ar fáil do réimse leathan fostóirí lena n-áirítear institiúidí na hEorpa, eagraíochtaí stáit, agus comhlachtaí aistriúcháin ar fud na tíre."

Torthaí Fostaíochta Suntasacha

Tá roinnt torthaí suntasacha bainte amach ag céimithe an chúrsa le blianta anuas:

  • Ag obair ina n-aistritheoirí sna hinstitiúidí Eorpacha
  • Ag obair i dtionscal na meán - TG4, Raidió na Gaeltachta agus i gcomhlachtaí léiriúchán neamhspleách
  • Fostaíocht in institiúidí acadúla ar fud na tíre
  • Saoraistritheoirí ag soláthar seirbhísí teanga
  • Poist in oifigí stáit agus i rialtais áitiúla

Ag Freagairt do Dhúshláin na Teicneolaíochta

Tá an cúrsa á nuashonrú chun freagairt don tionchar atá ag an intleacht shaorga agus ag an teicneolaíocht dhigiteach ar thionscal an aistriúcháin. Cuirfidh mic léinn eolas ar:

  • Uirlisí aistriúcháin amhail Trados agus MemoQ
  • Meaisín-aistriúchán agus a bhuntáistí agus míbhuntáistí a bhaineann leis
  • Trascríbhneoireacht le huirlisí digiteacha
  • Nuair is ceart brath ar uirlisí digiteacha agus nuair is ceart iad a sheachaint

"Cé go bhfuil an teicneolaíocht ag cur athrú ar an tionscal, tá géarghá fós le haistritheoirí oilte ar bhonn gairmiúil” a dúirt Sinéad Ní Ráinne, Europus. "Níl an teicneolaíocht i riocht fós áit an aistritheora a ghlacadh ó thaobh cruinnis, comhthéacs, ná tuiscint ar an teanga."

Tugtar suas le15 mac léinn le chéile i gConamara ar an gcúrsa gach bliain ar feadh 26 seachtain, rud a chuireann le cúrsaí eacnamaíochta na háite.

Rinne bord seachtrach ardoideachais athbhreithniú ar an gcúrsa i Márta 2022, agus tugadh ardmholadh dó. Reáchtáiltear na scrúduithe de réir rialacha OTA chun caighdeán acadúil a chinntiú.

Is cúrsa HETAC/QQI Leibhéal 8 é a chuimsíonn sé mhodúl: Cruinneas na Gaeilge, Aistriúchán na Gaeilge, Aistriúchán Scripteanna, Craoltóireacht, Teicneolaíocht an Aistriúcháin agus Teoiric an Aistriúcháin.

Níl aon táille ar a gcúrsa.

Breis Eolas: https://ga-europus.ie/training-courses/