Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte roimh an deontas €12 milliún a bronnadh ar a chliant comhlacht Eolaíocht Bhitheach LIfT Teoranta (LIfT BioSciences) ó Chiste Nuálaíochta Teicneolaíochtaí (DTIF) – an deontas is mó a bronnadh ag an gciste go dtí seo.
Tá LIfT BioSciences ag stiúradh na comhpháirtíochta in éineacht le hOllscoil na Gaillimhe agus Hooke Bio. Tacóidh an maoiniú le trialacha cliniciúla d'othair le hailse.
Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach, Údarás na Gaeltachta : "Is sampla iontach é Eolaíocht Bhitheach LIfT Teoranta de cén chaoi is féidir le comhlacht bithteicneolaíochta idirnáisiúnta, deiseanna fostaíochta ardluacha a chruthú sa nGaeltacht"
De réir mar a théann Eolaíocht Bhitheach LIfT Teoranta ar aghaidh i dtreo trialacha cliniciúla a bhfuiltear ag súil leo i 2026, meastar go méadóidh an comhlacht an foireann san Spidéal go suntasach, rud a chruthóidh deiseanna do ghairmithe ardoilte i mbithteicneolaíocht agus taighde cliniciúil.
Ag tabhairt tráchtaireachta ar an mbronntanas, dúirt Peter Burke, an tAire Fiontraíochta, Turasóireachta agus Fostaíochta:
"Bhunaigh an Rialtas Ciste Nuálaíochta na dTeicneolaíochtaí (DTIF) chun infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí a léiríonn fíornuálaíocht agus a bhfuil an cumas acu tabhairt faoi dhúshláin náisiúnta agus sóisialta ríthábhachtacha. Is mian linn maoiniú a thabhairt do thionscadail a dhéanfaidh difríocht fhíor do shaol na ndaoine. Tháinig tionscadal N-LIfT trí phróiseas meastóireachta dian agus léiríonn leibhéal an mhaoinithe a bronnadh a chumas chun athrú móra dhéanamh i dteiripe ailse. Táim ar bís an tionchar a thabharfaidh sé a fheiceáil."