Údarás na Gaeltachta ag Dul Chun Cinn le Tionscadal d’Ionad Fiontraíochta Nua i nGaeltacht na nDéise

25 Iúil, 2025

nóiméad léite

Thug Údarás na Gaeltachta chun cinn pleananna d'ionad fiontraíochta nua  i nGaeltacht na nDéise le sprioc fostaíochta suas le 50 post lánaimseartha agus a fheidhmeoidh mar phointe fócais d'fhiontar, cultúr agus turasóireacht sa cheantar.

Cuireadh na pleananna i láthair Bhord an Údaráis ag cruinniú san Rinn inniu (Dé hAoine, 25 Iúil), áit ar leagadh amach fís chuimsitheach d'áis ilchuspóireach 1,000 méadar cearnach a dhéanfaidh freastal ar riachtanais fiontraíochta, pobail agus cultúrtha an cheantair.

Réiteach ar Dhúshlán Fadtéarmach

"Tá gá le lárionad sa cheantar chun pointe fócais a sholáthar d’fhiontar agus do chuairteoirí agus an pobal araon." a dúirt Bainisteoir Réigiúnach an Deiscirt, Údarás na Gaeltachta Dónal Ó Liatháin.

“Tá stair fhada ag an tionscadal seo, le Comhlucht Forbartha na nDéise CTR i bpáirt leis an pobal áitiúil ag déanamh obair na gcapall thar na blianta chun an tionscadal a thabhairt chun chinn” a dúirt sé.

Fís d’Áis Chuimsitheach Ilchuspóireach

  • Spás oscailte/fáiltiú a fhéadfaí a úsáid d’ócáidí pobail agus do thaispeántais ealaíona.
  • Spásanna oifige do chuideachtaí áitiúla ar nós Na Bróga Dearga, Nemeton agus Mireóg.
  • Spás oifige do Chomhlucht Forbartha na nDeise agus d’Údarás na Gaeltachta.
  • Spás Gteic do thart ar fiche duine le meascán d'oifigí aonair agus deascanna roinnte.
  • Ionad cúram leanaí na féidearthachtaí le fiosrú ar chóir go mbeadh sé san aireamh mar chuid don tionscadal.
  • Caife
  • Amharclann faoin aer.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin: “Cuirfidh an t-ionad le forbairt pobail sa cheantar beag ach láidir Gaeltachta seo agus beidh sé mar thaca le caomhnú na teanga agus an chultúir Ghaelaigh agus le leasanna turasóireacht chultúrtha inbhuanaithe a fhorbairt san gceantar.”

Sna míonna amach romhainn, leanfaidh próiseas comhairliúcháin, iarratas ar chead pleanála, agus cás gnó. Tá an tÚdarás ag súil cead pleanála a bhaint amach d’aonad fiontair nua 1000 m2 i 2026.