Tháinig rannpháirtithe i gclár Cumasú Fás EMPOWER le chéile ag searmanas bronnadh teastas a reáchtáladh in oifigí Údarás na Gaeltachta le déanaí.
Bhí Siobhán Ní Ghadhra ó Danú Media i láthair mar aoi speisialta ag an ócáid, ag roinnt eolas ar na tacaíochtaí atá ar fáil ó Údarás na Gaeltachta agus ag labhairt faoina taithí le fiontraíocht. Tar éis di labhairt, bhronn Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin, teastais ar gach rannpháirtí sa chlár.
"Tá Údarás na Gaeltachta tiomanta do dheiseanna cothroma a sholáthar do dhaoine a bhíonn fágtha ar lár go minic sa saol gnó. Ní ceist cheartais amháin í seo - tá daoine den scoth inár bpobail Gaeltachta nach bhfuil ag fáil na deise a thuilleann siad. Nuair a bhaintear na bacainní agus nuair a chuirtear tacaíocht ar fáil dóibh, ní hamháin go n-éiríonn leo ach feabhsaítear an thimpeallacht ghnó ina hiomlána dá bharr," a mhínigh Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.
Tá an clár Cumasú Fás ann chun forbairt ghairmiúil agus tacaíocht fiontraíochta a chur ar fáil do mhná laistigh de phobal na Gaeltachta. Chríochnaigh na rannpháirtithe oiliúint chuimsitheach a thabharfaidh na scileanna riachtanacha dóibh agus iad ag dul i mbun gnó sna ceantair Gaeltachta.
"Léiríonn an clár seo ár dtiomantas do mhná na Gaeltachta a chumhachtú trí fhorbairt scileanna praiticiúla agus meantóireacht," a dúirt Michelle Lee, Comhordaitheoir Tionscadal EMPOWER Cumasú.
Léiríonn an comhoibriú le hÚdarás na Gaeltachta agus ceannairí tionscail cosúil le Siobhán Ní Ghadhra, atá ina Cathaoirleach ar Bhord Údarás na Gaeltachta freisin agus ina léiritheoir a bhuaigh duais Emmy, naisc láidre pobail an chláir.
Ag tógáil ar rath an chláir seo, tosófar earcaíocht do na chéad tionscnaimh EMPOWER eile i dtús mhí Lúnasa 2025. Cuirfear cláir Cumasú Tús agus Cumasú Fás ar fáil, ag soláthar deiseanna leanúnacha d'fhorbairt ghairmiúil i réigiún na Gaeltachta.
Is féidir leo siúd a bhfuil suim acu iarratas a dhéanamh ar chláir atá le teacht a spéis a chlárú trí ríomhphost a sheoladh chuig: empower.galwaymayo@atu.ie