Cuir do Ghuth in Iúl: Bí páirteach sa phlé ar bheartas forbartha tuaithe na hÉireann 2026-2030
Cruinniú Comhairliúcháin Phoiblí as Gaeilge sna Forbacha
Reáchtálfaidh an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail cruinniú comhairliúcháin phoiblí as Gaeilge, i gcomhair le hÚdarás na Gaeltachta sna Forbacha, Co. na Gaillimhe ar an Déardaoin, 26 Meitheamh, óna 10:00 r.n. go 1:30 i.n. chun bonn eolais a chur faoin gcéad chéim eile de bheartas forbartha tuaithe na hÉireann don tréimhse 2026-2030.
Tiocfaidh an beartas seo in áit Thodhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann 2021-2025 ina raibh dul chun cinn iontach i dtreo na físe ceantar tuaithe faoi bhláth a bhaint amach in Éirinn.
Reáchtálfar an ócáid seo trí mheán na Gaeilge amháin.
Tábhacht na gCeantair Ghaeltachta
Tá meascán uathúil de shaibhreas cultúir, atá fréamhaithe sa Ghaeilge agus féiniúlacht a bhfuil ardmheas uirthi ar fáil i saol na Gaeltachta. Tá tréithe faoi leith agus deiseanna éagsúla ag ceantair Ghaeltachta i réimsí ar nós turasóireacht inbhuanaithe, cianobair, fiontraíocht áitiúil agus foghlaim teanga.
Mar sin féin, bíonn dúshláin ann i gcónaí. Tá dúshláin ag baint le nádúr iargúlta go leor ceantair Ghaeltachta d'iompar poiblí, bonneagar, agus deiseanna eacnamaíocha. Fágann daoine óga na ceantair go minic agus iad sa tóir ar dheiseanna oideachais agus fostaíochta.
Príomhábhair Pléite
Leis an imeacht seo, beifear in ann na deiseanna agus na dúshláin atá roimh cheantair thuaithe na hÉireann, agus a gceantair Ghaeltachta don tréimhse suas go dtí 2030, a phlé, lena n-áirítear:
"Tá an plean forbartha tuaithe na Rialtais, Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann, tar éis dul go mór chun tairbhe don Ghaeltacht, i dtaobh maoiniú i leith tograí turasóireachta, infreastruchtúr siúlóide, tograí forbartha pobail agus go leor eile," a deir Stiúrthóir Forbartha Réigiúin, Pobail agus Pleanála Teanga an Údaráis, Rónán Mac Con Iomaire. "Agus muid ag breathnú chun cinn ar phlean nua a fhorbairt, tá sé rí-thábhachtach go bhfaighfeadh muid tuairimíocht phobal na Gaeltachta i dtaobh a gcuid riachtanais forbartha, le gur féidir an Ghaeltacht a neartú tuilleadh sna blianta atá amach romhainn."
Tabhair faoi deara:
Is ócáid ar an láthair amháin í seo. Tá líon na rannpháirtithe teoranta, agus ní mór clárú roimh ré tríd an nasc Eventbrite thíos:
Tá an t-ionad go hiomlán inrochtana do dhaoine a bhfuil deacrachtaí soghluaiseachta acu. Má tá riachtanais inrochtaineachta eile agat, cuir in iúl iad ar a laghad seachtain roimh an ócáid ag:
rural.consultation@drcd.gov.ie
Beidh lón éadrom ar fáil ar an lá.