Os cionn leath-mhilliún euro ceadaithe do thogra nua fostaíochta le FLDK i gCarna, Co na Gaillimhe

13 Meitheamh, 2025

nóiméad léite

Tá tacaíocht d’os cionn leath-mhilliún euro ceadaithe ag Bord Údarás na Gaeltachta do thogra nua fostaíochta i gCarna, Co. na Gaillimhe.

Tá an comhlacht, FLDK, a bhaineann úsáid as feamainn chun táirgí a dhéanamh d’ainmhithe, chun lonnú ar Pháirc Gnó Charna i Roisín na Mainiach, agus beidh athchóiriú an fhoirgnimh sin mar chuid den fhorbairt. Tá tógálaí áitiúil ceaptha chun tabhairt faoin bhforbairt sin.

Táthar ag súil go mbeidh 6 phost lán-aimseartha dhá chur ar fáil ag FLDK mar chuid den togra.

“Is léiriú é seo ar thiomantas an Údaráis i leith ceantar Iorras Aithneach,” a deir Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin. “Beidh an togra seo ag baint leas as acmhainn nádúrtha na feamainne chun táirgí nuálaíochta a fhorbairt agus ag súil go neartóidh sé sna blianta amach romhainn.”

Faoi dheireadh 2024, bhí tacaíocht dhá chur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta do 260 post i Limistéir Pleanála Teanga Chonamara Láir agus tá obair leanúnach ar bun chun cur leis an líon fostaíochta sin. Tá réamh-obair ar bun i láthair na huaire ar iarratas nua pleanála do Pháirc na Mara i gCill Chiaráin, tá obair tógála ar bun i gCarna maidir le togra nua turasóireachta bunaithe ar an imirce agus tá an comhlacht, Nua na Mara, dhá lonnú ag Stáisiún Taighde Charna leis an sprioc fostaíocht a fhorbairt go sonrach in earnáil na mara.