D'fhógair Údarás na Gaeltachta infheistíocht chaipitil suas go €4.55 milliún chun obair uasghrádaithe agus athchurtha riachtanach a dhéanamh ar infreastruchtúr Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair, an pháirc fhiontraíochta is mó sa Ghaeltacht.
Cinnteoidh an infheistíocht seo go mbeidh an Pháirc Ghnó ar an chaighdeán is airde chun gnóthaí nua a mhealladh agus tacaíocht a thabhairt do na 728 duine atá fostaithe ann faoi láthair.
Áireoidh na hoibreacha uasghrádaithe athchóiriú iomlán ar bhóithre na Páirce Gnó le dromchla nua, líne-mharcáil agus comharthaíocht nua. Suiteálfar líonra nua príomhphíoba uisce a bheidh 4km ar fad le hidreáin nua agus comhlaí chun seirbhís níos fearr uisce a sholáthar. Déanfar uasghrádú cuimsitheach ar chosáin choise agus colbhaí soilsithe chomh maith le hathsholáthar iomlán ar fhálaithe teorann. Cuirfear córas draenála nua i bhfeidhm le dúnphoill, píopaí oibre agus cainéil draenála, agus déanfar feabhsúchán cuimsitheach ar chomharthaíocht agus limistéir pháirceála ar fud na Páirce Gnó. Cuirfear na hoibreacha i gcrích i gceithre chéim thar thréimhse 18 mí idir 2025 agus 2027.
Chomh maith le bheith ina ionad tábhachtach fostaíochta, freastalaíonn Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair ar riachtanais ilghnéitheacha an phobail. Tá Leabharlann agus Gailearaí Poiblí (Áislann Ghaoth Dobhair) lonnaithe ann chomh maith le Naíolann agus Naíonra, Páirc Shúgartha Pobail, Seirbhís Dóiteáin na Comhairle Contae, Stáisiún na nGardaí, Ionad Oiliúna Bhord Oideachais & Oiliúna Dhún na nGall, Ionad Seirbhíse de chuid na Feidhmeannachta Seirbhíse Sláinte agus aiseanna agus seirbhísí éagsúla eile
Tá cuid den infreastruchtúr reatha in áit os cionn 30 bliain agus ag teacht go deireadh a shaolré. Tá an infheistíocht seo riachtanach chun a chinntiú go bhfuiltear ag cur seirbhíse shábháilte leanúnach ar fáil, chun comhlíonadh riachtanais sláinte agus sábháilteachta, agus chun an Pháirc Ghnó a choinneáil iomaíoch le haghaidh infheistíochta nua.
Dúirt Micheal Mac Giolla Easbuig, Bainisteoir Réigiúnach Údarás na Gaeltachta i nDún na nGall:
"Tháinig Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair slán tríd achan dúshlán a cuireadh roimpi ó na seascaidí aniar. Cuideoidh an infheistíocht seo lena cur féin in oiriúint do riachtanais na linne seo agus an ama atá le teacht le cinntiú go mairfidh sí agus go mbeidh rath agus bláth uirthi sna blianta atá romhainn."