Gradam Nua Phádraig Uí hAoláin Fógartha agus Glaoch Oscailte ar Iarratais do Ghradaim na Gaeltachta 2025

3 Meitheamh, 2025

nóiméad léite

Tá Údarás na Gaeltachta ag lorg iarratas ó eagraíochtaí pobail agus coistí deonacha ar fud na Gaeltachta do chomórtas náisiúnta Ghradaim na Gaeltachta 2025. Is deis iontach é seo d'eagraíochtaí a gcuid oibre a chur i láthair agus aitheantas a fháil don obair fhiúntach atá ar siúl acu ina bpobail féin, i gcomórtas atá ag dul ó neart go neart ó bunaíodh é dhá bhliain ó shin.

I mbliana, chomh maith le duaiseanna réigiúnacha do na coistí pobail is fearr, bronnfar gradam speisialta - Gradam Phádraig Uí hAoláin. Ainmníodh an gradam i gcuimhne ar iar-Phríomhfheidhmeannach an Údaráis, fear a bhí ceannródaíoch ina chur chuige agus tiomántas don earnáil forbartha pobail. Tabharfaidh an gradam seo, lena n-áirítear trófaí buan, aitheantas ar leith don choiste nó don eagraíocht dheonach a léiríonn sárobair ina bpobal.

Ar son mhuintir Uí hAoláin, dúirt Fionnuala Ní Aoláin, iníon Phádraig:

"Is mór an onóir dár gclann go bhfuil gradam á ainmniú i gcuimhne ar m'athair. Chaith sé a shaol ag obair ar son phobal na Gaeltachta agus bhí grá mór aige don obair dheonach a rinne daoine ina bpobail féin. Tá sé thar a bheith oiriúnach go mbeidh a chuimhne á cheiliúradh trí aitheantas a thabhairt don obair iontach atá ar siúl ag coistí deonacha ar fud na Gaeltachta. Thar ceann ár gclainne, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le hÚdarás na Gaeltachta as an onóir seo a bhronnadh ar oidhreacht m'athar."

Catagóirí an Chomórtais

Tá réimse leathan catagóirí sa gcomórtas, lena n-áirítear:

  • Fiontraíocht Shóisialta
  • Turasóireacht
  • Timpeallacht
  • Seirbhísí Sóisialta Pobail
  • Obair na gCoistí Pobail
  • Tionscnaimh don Óige

Spreagtar gach eagraíocht agus coiste deonach sa Ghaeltacht le hiarratas a chur isteach, beag beann ar mhéid nó ar réimse oibre roimh spriocdháta an 25 Iúil 2025.

Dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Pobail Réigiúnaí agus Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta:

"I ndiaidh an rath a bhí ar chomórtas na bliana seo caite, táimid ag súil go mór leis na hiarratais a thiocfaidh isteach i mbliana. Bhí caighdeán na n-iarratas an-ard anuraidh agus léirigh sé an obair dochreidte atá ar siúl inár bpobail Ghaeltachta. I mbliana, táimid ag súil le tuilleadh tograí nuálacha a fheiceáil, go háirithe ó na coistí deonacha beaga atá ag obair go dian ina bpobail féin." 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin:

"Is mór an onóir dúinn gradam a bhunú in ómós do Phádraig Ó hAoláin, a d'fhág oidhreacht shaibhir i bhforbairt pobail na Gaeltachta. Is breisiú tábhachtach é seo ar Ghradaim na Gaeltachta, atá anois sa tríú bliain agus a bhfuil meas agus ardchéim bainte amach acu. Léiríonn an gradam nua seo ár dtiomantas leanúnach don phobal agus don obair dheonach atá mar chroílár shaol na Gaeltachta. Tá súil againn go spreagfaidh an gradam seo níos mó coistí agus eagraíochtaí chun a gcuid oibre luachmhaire a roinnt agus a cheiliúradh."

 

Conas Iarratas a dhéanamh

Tá Foirm Iontrála ar fáil ag: https://udaras.ie/pobal/gradaim-na-gaeltachta/

Ní ghlacfar le hiarratais ach tríd an bhfoirm iarratais ar líne seo.

Moltar do gach eagraíocht agus coiste deonach sa Ghaeltacht smaoineamh ar iarratas a chur isteach agus a gcuid oibre luachmhaire a chur os comhair an phobail.