Infheistíocht Fuinnimh Inbhuanaithe ag Páirc Ghnó an Daingin

7 Bealtaine, 2025

nóiméad léite

Tá áthas ar Údarás na Gaeltachta a fhógairt go bhfuil cistiú caipitil de €57,514.86 ceadaithe chun painéil ghréine a shuiteáil. Is cuid den togra Eorpach SAtComm é an tionscadal seo, a bhfuil sé mar aidhm aige feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh a fheabhsú go suntasach.

Cuimseoidh an tionscadal suiteáil painéal gréine, córas cadhnraí, agus córas monatóireachta fuinnimh, rud a chuirfidh ar chumas na Páirce fuinneamh in-athnuaite a ghiniúint agus a stóráil go héifeachtach.

Le blianta beaga anuas, tá Údarás na Gaeltachta tar éis páirt ghníomhach a ghlacadh i roinnt tionscnamh fuinnimh páirtmhaoinithe ag an Aontas Eorpach. Tá siad seo dírithe ar úsáid fuinnimh a laghdú agus giniúint fuinnimh in-athnuaite a mhéadú, chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a ísliú.

"Cuireann an infheistíocht straitéiseach seo i bhfuinneamh glas iomaíochas Pháirc Ghnó an Daingin chun cinn go suntasach. Laghdóidh na painéil ghréine agus an córas stórála fuinnimh costais reáchtála na páirce, rud a chuirfidh ar chumas na gnólachtaí atá lonnaithe anseo buntáiste iomaíoch a bhaint amach sa mhargadh," a dúirt Dónal Ó Liatháin, Bainisteoir Réigiún an Deisceart, Údarás na Gaeltachta.

Is céim thábhachtach eile é an infheistíocht seo i dtreo todhchaí níos inbhuanaithe do Pháirc Ghnó an Daingin agus léiríonn sé tiomantas leanúnach an Údaráis don fhuinneamh glas agus don inbhuanaitheacht i gceantair Ghaeltachta.