Tá áthas ar Údarás na Gaeltachta a fhógairt go mbeidh sraith imeachtaí nuálacha ar siúl le linn Sheachtain na Fiontraíochta Dhún na nGall 2025. Díreoidh na himeachtaí seo ar fhiontraithe agus gnólachtaí beaga agus meánmhéide sa Ghaeltacht, ag tabhairt deiseanna luachmhara líonraithe agus forbartha dóibh.
Ceardlann Faoi Dhearbhán Nuálaíochta
Ar an 4 Márta 2025, ó 10:30-12:30, reáchtálfar "Innovation Voucher Explorer Morning" i nGteic @ Gaoth Dobhair (Eircode: F92 PT38). Tá an Clár Dearbhán Nuálaíochta deartha chun comhoibriú a spreagadh idir gnólachtaí beaga agus meánmhéide in Éirinn agus Soláthraithe Eolais atá maoinithe go poiblí. Cuireann an tionscnamh seo dearbháin nuálaíochta ar fáil do chuideachtaí incháilithe ar luach €10,000, ag éascú rannpháirtíocht le soláthraithe eolais cláraithe chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ghnó sonracha.
I measc na gcainteoirí beidh:
Teicneolaíochtaí Digiteacha agus Glasa don Turasóireacht
Ar an 4 Márta 2025 freisin, ó 11:00-12:15, reáchtálfar imeacht ar líne dar teideal "Adopting Digital and Green Technologies to Transform Your Tourism Business". Díreoidh an t-imeacht seo ar ghnólachtaí turasóireachta SME agus scrúdóidh sé treochtaí agus téamaí i nuálaíocht dhigiteach agus ghlas.
Pléifear uirlisí digiteacha cosúil le Réaltacht Bhreisithe/Fhíorúil, Intleacht Shaorga, agus ardáin CRM. Cuirfear staidéar cáis ar lorg carbóin agus laghdú carbóin sa turasóireacht i láthair, mar aon le tacaíochtaí do SMEanna turasóireachta tríd an tionscadal ST3ER.
Beidh Jess Harkin, Cruthaiteoir Ábhair agus Stiúrthóir ag Socialta Management, agus Meadbh Seoighe, Bainisteoir Forbartha Turasóireachta le hÚdarás na Gaeltachta, i measc na gcainteoirí.
Dúchas an Bhaile: Conas a Mhúnlaíonn Spiorad Dhún na nGall Muid
Déanfar ceiliúradh ar oidhreacht, cultúr agus pobal Dhún na nGall ar an 4 Márta 2025, ó 18:30-20:30, i nDriolann Chroithlí (Eircode: F92 XHH5). Pléifidh an t-imeacht seo an ceangal domhain idir daoine agus áit, agus conas a spreagann sé féiniúlacht pobail ar fud na n-earnálacha - ó na healaíona agus ábhar closamhairc go dtí teicstílí.
Déanfaidh Cathal Goan, iar-Stiúrthóir Ginearálta RTÉ agus céimí i Staidéar Ceilteach, cathaoirleacht ar an imeacht seo, ag cur a shaineolais ar chúrsaí cultúrtha agus a phaisiún don cheol traidisiúnta Éireannach i bhfeidhm.
Is féidir áiteanna a chur in áirithe do na himeachtaí seo trí ríomhphost a sheoladh chuig karina@udaras.ie nó 074 95 60100