Fógraíodh ceapachán Bainisteoir ar Nua na Mara ag Comhdháil Mná na Mara, comhdháil a d’oscail an tAire Mara, Timmy Dooley T.D.

14 Feabhra, 2025

nóiméad léite

Máire Ní Éinniú Marine development executive, Údarás na Gaeltachta,Timmy Dooley TD,Minister of State for the Marine, Fisheries and Digital Mapping, Marie Gleeson NavMar Leadership , Tomás Ó Síocháin, CEO Údarás na Gaeltachta and Siobhán Ní Ghadhra,chairperson Údarás na Gaeltachta attending Mná na Mara, Celebrating Achievements,Fostering Innovation, and Preserving Maritime Heritage conference hosted by Údarás na Gaeltachta on Thursday. Photo: Mike Shaughnessy

Tá áthas ar Údarás na Gaeltachta ceapachán Mháire Ní Éinniú a fhógairt mar bhainisteoir ar Nua na Mara, an bhfochuideachta nua fiontar mara. Is céim shuntasach é an ceapachán seo, mar aon le post Comhordaitheora Tionscadail atá le fógairt, i dtreisiú cumais na heagraíochta i bhforbairt na hearnála mara.

Beidh Nua na Mara ag cur spás taighde, forbartha agus nuálaíochta ar fáil chun tacú le comhlachtaí tabhairt faoi obair thaighde san earnáil mara. Lonnaithe ar shuíomh reatha saotharlann Ollscoil na Gaillimhe i Muighnís i gCárna, beidh deis ag taighdeoirí agus fiontraithe na h-áiseanna a úsáid ar mhaithe le tograí nua a chur ar bun in earnáil na mara sa Ghaeltacht, rud a spreagfaidh an earnáil sa Ghaeltacht, sa réigiúin agus go náisiúnta.

Tá breis is 15 bliain taithí ag Máire i bhforbairt mhara, i mbainistíocht airgeadais, agus i seachadadh tionscadal straitéiseach. Ó ceapadh mar Ardoifigeach in Údarás na Gaeltachta í in 2017, bhí ról lárnach aici i bhforbairt tionscnaimh straitéiseacha mara.

Tá cáilíochtaí cuimsitheacha gairmiúla agus acadúla ag Máire, ina measc teastas mar Chomhairleoir Cánach Cairte agus cáilíocht ACCA mar Chuntasóir Cairte. Bhain sí Máistreacht amach in Eacnamaíocht agus Beartas Acmhainní Nádúrtha ó Ollscoil na Gaillimhe, áit ar dhírigh a cuid taighde ar eacnamaíocht mhara agus forbairt pobail cois cósta. Tá Máistreacht sa Chuntasaíocht aici chomh maith. Is í Máire ionadaí an Údaráis ar Bhord Ceadaithe Tionscadal an Chiste Eorpaigh Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe, ag maoirsiú iarratais ar dheontas thar scéimeanna éagsúla lena n-áirítear Próiseáil, Forbairt Gnó, agus tionscnaimh Dobharshaothraithe.

"Táim tógtha le bheith i gceannas ar Nua na Mara ag forbairt fiontair mhara inbhuanaithe ar fud ár réigiúin Ghaeltachta," a dúirt Máire, atá ina cainteoir dúchais Gaeilge as Gaeltacht na Gaillimhe.

Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta: " Cuirfidh saineolas agus taithí Mháire, mar aon lena tuiscint dhomhain ar an earnáil mhara agus ar riachtanais na bpobal Gaeltachta, go mór le forbairt na hearnála seo sna blianta amach romhainn."