D'fhoilsigh Údarás na Gaeltachta a Ráiteas Deireadh Bliana do 2024 inniu (4 Feabhra 2025), ag léiriú éachtaí suntasacha i réimsí na fostaíochta, na hinfheistíochta agus na forbartha teanga.
Nasc: Ráiteas Deireadh Bliana do 2024
Folúntais :https://udaras.ie/foluntais-eanair-2025/
Príomhéachtaí na Bliana 2024:
Fiontar agus Fostaíocht
Tháinig ardú de 217 duine ar líon na bhfostaithe i gcliaint-chomhlachtaí Údarás na Gaeltachta sa bhliain 2024, rud a d'fhág go raibh 9,743 duine ar an iomlán fostaithe iontu faoi dheireadh na bliana. Tháinig méadú ar phoist i gcúig cheantar Gaeltachta, agus bhí 200 post le líonadh i gcliaint-chomhlachtaí Údarás na Gaeltachta faoi dheireadh 2024.
Ba í seo an bhliain is fearr riamh ó thaobh díolacháin de do chliaint-chomhlachtaí an Údaráis, le díolachán iomlán de €1.098 billiún - ardú 4.4% ar 2023 agus méadú 28% i gcomparáid le deich mbliana ó shin. As an méid sin, bhain luach €658 milliún le heaspórtáil, méadú €20 milliún ó 2023.
Pleanáil Teanga
Bhí 28 Plean Teanga ag feidhmiú sa bhliain 2024, le buiséad €3.9m ag tacú le 36 post. Cheadaigh an Roinn maoiniú breise de €3.22m don Údarás chun dhá chlár tacaíochta nua a chruthú agus a reáchtáil ó 2025 ar aghaidh, dírithe ar úsáid na Gaeilge a threisiú i gcliaint-chomhlachtaí Gaeltachta.
Forbairt Pobail
Infheistíodh níos mó ná €7 milliún i bhforbairt pobail i mbliana. As an méid sin, tugadh €3.88 milliún mar dheontais oibriúcháin do 33 eagraíocht forbartha pobail sna ceantair Ghaeltachta. Le linn 2024, bhain 953 duine tairbhe as na Scéimeanna Fostaíochta Sóisialta, agus cuireadh ciste nua ar bun, le luach €210,000, chun tacú le tionscadail ghnó shóisialta.
Nuálaíocht Dhigiteach
D'fhógair an tÚdarás, i gcomhar leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus an Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta agus Athchóirithe, próiseas tairisceana sa bhliain 2024 chun uirlis Ardintleachta (AI) don Ghaeilge a fhorbairt faoi dheireadh 2026. Beidh an uirlis seo in ann feidhmiú le haon táirge Ardintleachta atá ar an margadh agus seirbhís i nGaeilge ghlan, chanúnach a chur ar fáil, ag cur na Gaeilge chun tosaigh mar eiseamláir do theangacha neamhfhorleathana ar fud na cruinne.
Rinne an tÚdarás maoirseacht ar oibriú 29 ionad digiteach, mar chuid den líonra gteic. Tá níos mó ná 465 fostaí agus 869 spás oibre iomlán ar fáil sna hionaid seo faoi láthair.
Oideachas agus Oiliúint
Seoladh dhá chlár úrnua spreagúil sa bhliain 2024 chun borradh a chur faoi fhorbairt na Gaeltachta. Díríonn an chéad cheann, CUMASÚ, ar mhná gnó na Gaeltachta a chumasú agus a threisiú. Tá 41 banfhiontraí páirteach sa chlár ceannródaíoch seo faoi láthair, agus tá sé mar sprioc an líon sin a mhéadú go 150 rannpháirtí laistigh de thrí bliana.
Anuas air sin, tá clár nuálach eile, GAIRM, seolta ag Údarás na Gaeltachta do chéimithe óga. Faoi láthair, tá deichniúr céimithe ag tabhairt faoin gclár seo, áit a bhfuil siad ag comhlíonadh Dioplóma Iarchéime in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh agus ag cur taithí luachmhar faoin mbainistíocht agus forbairt pobail orthu féin i gcomhthéacs na Gaeltachta.
Turasóireacht agus Cultúr
Tá an turasóireacht sna ceantair Ghaeltachta ar cheann de phríomhspriocanna an Údaráis. Le linn 2024, cuireadh maoiniú suntasach ar fáil d'ionaid chuairteoirí agus d'áiseanna cultúrtha. Ina measc, ceadaíodh €2.41 milliún d'ionad cuairteoirí Árann, tá ionad nua á thógáil i gCarna a thabharfaidh léargas ar scéal na himirce, agus tá comhoibriú ar bun le Tithe Soilse na hÉireann chun turasóireacht inbhuanaithe a chur chun cinn ar an gcósta.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin:
"Tá áthas orainn na torthaí láidre seo a roinnt libh ón mbliain is rathúla de chuid Údarás na Gaeltachta go dtí seo. Sa bhliain 2025, leanfaimid ag tógáil ar an bhfás seo ionas go leanfaidh na comhlachtaí a dtacaíonn an tÚdarás leo ag forbairt."
Dúirt sé freisin:
"Tuigim go maith go bhfuilimid ag cur an ráitis seo i láthair go gairid i ndiaidh an scrios a rinne Stoirm Éowyn, agus go bhfuil tionchar na stoirme fós le brath i go leor ceantar ar fud na tíre. Léiríonn sé seo an gá atá le seasmhacht seirbhísí sna ceantair Ghaeltachta, chomh maith le hinfheistíocht agus slándáil don bhonneagar chun a chinntiú go mbeidh gnólachtaí in ann leanúint ar aghaidh lena ngnó nuair a tharlaíonn eachtraí aimsire mar seo."
Dúirt Siobhán Ní Ghadhra, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta:
"Cé go bhfuilimid ag ceiliúradh an dul chun cinn seo, aithnímid na dúshláin atá romhainn. Táimid tiomanta do thodhchaí rathúil a chinntiú dár nGaeltachtaí, ag tacú leis an ngeilleagar áitiúil, agus ag cinntiú go leanaimid ar aghaidh ag cothú agus ag caomhnú na teanga atá ríthábhachtach i gcothabháil pobal inmharthana Gaeltachta."