Gnólachtaí Gaeltachta ag Taispeáint Ceardaíocht den Scoth ag Showcase 2025

17 Eanáir, 2025

nóiméad léite

Showcase Ireland 2025

Beidh scoth na gceardaithe agus dearthóirí Éireannacha ag taispeáint a gcuid saothair ag Showcase 2025, ag ceiliúradh 50 bliain d'fheabhas i gceardaíocht agus dearadh na hÉireann.

Léiríonn na rannpháirtithe an éagsúlacht agus saibhreas atá i gceardaíocht chomhaimseartha na hÉireann, ó tháirgí traidisiúnta go nuálaíochtaí inbhuanaithe.

Ó cheantar Ghaillimh, tá LESS Watches ag cur réiteach nuálach ar fhadhb an phlaistigh sna haigéin. Tar éis blianta a chaitheamh ag obair mar dhearthóir i mBaile Átha Cliath, san Ísiltír agus sna Stáit Aontaithe, d'fhill Ruairí Ó Faoláin ar Ghaillimh chun uaireadóirí a dhéanamh le strapaí déanta as plaisteach aigéin-cheangailte, ag nascadh dearadh só le hinbhuanaitheacht. Mar aitheantas ar a gcur chuige nuálach agus ardchaighdeán deartha, tá LESS Watches roghnaithe ar an ngearrliosta do Limistéar Taispeántais The Edit ag Showcase 2025, rogha cúramach curtha le chéile de na táirgí is fearr caighdeán ag an ócáid.

I gConamara, tá C Beauty ag léiriú a gcuid táirgí cúram craicinn lámhdhéanta ón Spidéal, le comhábhair nádúrtha agus próisis táirgthe uathúla bunaithe ar fhéilire na gealaí. Sa cheantar céanna, tá West Ireland Art, faoi stiúir Caroline Uí Chuláin, ag taispeáint bailiúchán álainn de chártaí beannachta agus priontaí mínealaíona a léiríonn saibhreas cultúrtha na hÉireann.

Is é Dara Mats an gnó is nuaí i measc na rannpháirtithe, le Laura Uí Fhathaigh ag taispeáint a cuid mataí yoga galánta atá maisithe le healaín bhunaidh inspioráilte ag tírdhreach na hÉireann.

I nDún na nGall, tá traidisiún láidir na ceardaíochta le feiceáil i saothar DONEGAL SOCKS, atá ag táirgeadh stocaí olla i ndathanna traidisiúnta bréidín Dhún na nGall le trí ghlúin anuas. Tá Donegal Copper Crafts, faoi stiúir Neil Ferry, ag léiriú máistreacht i gceardaíocht an chopair, ag tairiscint píosaí saincheaptha agus ceardlanna oiliúna.

I gContae Phort Láirge, tá Criostal na Rinne ag taispeáint sártháirgí criostail lámhsnoite óna gceardlann teaghlaigh sa Rinn. I gCiarraí, tá dhá chuideachta ceardaíochta den scoth - Criostal an Daingean, faoi stiúir an mháistircheardaí Sean Daly, agus Louis Mulcahy Pottery, atá tar éis a rian a fhágáil ar stair na ceardaíochta in Éirinn lena photaireacht álainn.

"Is ócáid stairiúil é Showcase 2025 agus muid ag ceiliúradh leathchéad bliain d'fheabhas i gceardaíocht na hÉireann,"

a dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail & Pleanála Teanga.

"Léiríonn na gnólachtaí seo an tallann agus an nuálaíocht atá le fáil inár gceantair Ghaeltachta, ag cothú fostaíochta agus ag caomhnú ár dtraidisiún ag an am céanna. Tá sé tábhachtach go bhfeiceann an domhan mór an ardchaighdeán ceardaíochta agus deartha atá á chruthú in Éirinn, go háirithe inár gceantair Ghaeltachta."