Léiríonn suirbhé nua ó Ghaelchultúr agus Údarás na Gaeltachta, a rinne Amárach Research le 1,000 rannpháirtí, dearcadh dearfach an phobail i leith na Gaeilge.
Príomhthorthaí:
Léiríonn ceann de na torthaí is suntasaí sa suirbhé go bhfuil aiféala ar bheirt as gach triúr (66%) nach bhfuil Gaeilge labhartha níos fearr acu agus go bhfuil an mothúchán seo níos láidre fós i measc daoine atá 55 bliana d’aois agus os a chionn (70%). Tugann sé seo le fios go bhfuil ceangal láidir mothúchánach ag baint leis an teanga a mbraitheann go leor daoine gur chaill siad amach air, agus deir 74% de na freagróirí gur mian leo Gaeilge labhartha níos fearr a bheith acu.
Chomh maith leis sin ar fad, léiríonn an suirbhé mealltacht na Gaeltachta mar cheann scríbe turasóireachta, agus suim á léiriú ag 42% de na freagróirí i saoire a chaitheamh sa Ghaeltacht. Cuireann na torthaí seo deiseanna spreagúla in iúl do thionscal na turasóireachta chun na gníomhaíochtaí cultúrtha faoi leith atá ar fáil sna réigiúin seo a chur chun cinn.
Aithníodh ról Údarás na Gaeltachta freisin i gcur chun cinn na Gaeilge agus tacaíocht don teanga. D’aithin 63% de na freagróirí an nasc idir an eagraíocht féin agus a hiarrachtaí le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn.
Léirigh an staidéar an nasc láidir idir an Ghaeilge agus féiniúlacht náisiúnta freisin, agus beagnach triúr as gach ceathrar (73%) ann a deir go n-aontaíonn siad go bhfuil an teanga riachtanach mar chuid d’fhéiniúlacht mhuintir na hÉireann, an líon is airde astu sin ina measc siúd atá idir 35-44 bliana d’aois (81%). Léiríonn sé seo an tábhacht dhomhain chultúrtha a bhaineann leis an teanga agus ról na teanga i múnlú na tuisceana atá ag muintir na hÉireann orthu féin.
Ina theannta sin, aontaíonn seachtar as gach deichniúr go mbeadh Éire níos boichte ó thaobh cultúir de gan an Ghaeilge, rud a léiríonn an t-aitheantas a thugann an pobal don teanga mar bhunchloch i saol saibhir cultúrtha na tíre. Éilíonn 64% de na freagróirí ar an rialtas níos mó a dhéanamh chun tacú le pobail Ghaeltachta agus chun todhchaí na Gaeilge a chinntiú.
Leagann an staidéar béim freisin ar na deiseanna suntasacha atá ann do ghnólachtaí agus do thionscal na turasóireachta sna Gaeltachtaí. Tugann an spéis atá ag níos mó agus níos mó daoine i saoire sa Ghaeltacht deis iontach do ghnólachtaí seirbhísí a fhorbairt a fhreastalóidh ar an éileamh seo – éileamh atá ag fás – ar an tumoideachas Gaeilge agus ar imeachtaí cultúir. Éiríonn an luach tráchtála seo níos treise arís sa mhéid is go gcuirfeadh os cionn leath (55%) de na freagróirí fáilte roimh níos mó fógraíochta i nGaeilge. Ar an dul céanna, tugann an dearcadh dearfach ar obair Údarás na Gaeltachta i gcur chun cinn na Gaeilge le fios go bhfuil bunús láidir le forbairt bhreise a dhéanamh ar thionscnaimh a thacóidh le pobail Ghaeilge agus a chuirfidh le fás eacnamaíoch sna réigiúin sin.
Agus é ag labhairt faoi na torthaí seo, dúirt Darren Ó Rodaigh, Príomhfheidhmeannach Ghaelchultúir, ‘Léiríonn an staidéar seo an ceangal domhain atá ag muintir na hÉireann lena dteanga agus lena gcultúr. Ní hamháin gur droichead í an Ghaeilge leis an am a chuaigh thart ach is léiriú é ar na deiseanna amach anseo chomh maith, go háirithe in earnáil na turasóireachta agus earnáil an ghnó laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. Is ábhar spreagúil iad na torthaí seo agus creidimid gur tráth ríthábhachtach é seo chun leanúint ar aghaidh ag infheistiú sa teanga agus sna pobail a choinníonn beo í.’
Tá Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, ag teacht le tuairimí Uí Rodaigh, agus é ag rá: ‘Athdhearbhaíonn an staidéar seo bunthábhacht na Gaeilge dár bhféiniúlacht náisiúnta, ach leagann sé béim freisin ar an bhféidearthacht ollmhór atá ann d’fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta sna Gaeltachtaí. Tugann an tsuim mhéadaitheach i laethanta saoire Gaeltachta agus an fonn atá ar an bpobal dul i ngleic níos mó leis an teanga deiseanna spreagúla d’earnálacha na turasóireachta agus an ghnó’.