Dhá shuíomh breise fógraithe ag Údarás na Gaeltachta ina mbeidh siad ag éascú agus ag tacú le forbairt thithíochta faoi réir pleanála

4 Samhain, 2024

nóiméad léite

Construction site

Tá dhá shuíomh breise, ar thalamh Údarás na Gaeltachta, ar a mbeidh na deiseanna chun tacú le forbairt tithíochta amach anseo faofa ag cruinniú do Bhord Údarás na Gaeltachta ag Oireachtas na Samhna.

Tá an dá shuíomh, ceann ar An Tulach i mBaile na hAbhann, ceann cóngarach le Comhlacht Forbartha Inis Meáin, lonnaithe i ngaeltacht Chonamara. Beidh an dá shuíomh á meas mar chéad chéim agus beidh deis ag ionadaithe pobail ionchur a bheith acu sa phróiseas sin. Beidh plé leanúnach le páirtithe leasmhara i dtreo an dara chéim, aistriú seilbhe chun tithíocht a fhorbairt.

Tá an dá shuíomh breise luaite le beartas tithíochta an Údaráis, ina mbeidh an tÚdarás ag tacú leis na foinsí maoinithe atá in i bhfeidhm ag an Roinn Tithíochta agus ag an stát cheana féin. Beidh aon fhorbairt ar thalamh Údarás na Gaeltachta dírithe ar dhaoine le Gaeilge amháin agus beidh sé sin mar choinníoll soiléir in aon aistriú talún. Bhí plé fada ag cruinniú Bhord Údarás na Gaeltachta faoi cheist na teanga agus faoi choinníollacha a bhainfidh le aon aistriú talún sa chomhthéacs sin. Tá cainteanna ar bun i gcónaí le háisinteachtaí eile stáit ar cheisteanna a bhaineann le coinníoll teanga.

Deineadh cur síos don Bhord ar an obair atá ag dul ar aghaidh i gcónaí ar an trí shuíomh eile atá á mheas ag Údarás na Gaeltachta:

Suíomhanna:

Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall: Tá réamhobair déanta ar an suíomh seo a léiríonn go bhfuil féidearthachtaí forbartha ann agus tá cainteanna ar bun le páirtithe leasmhara faoi aistriú talamh chun tacú le forbairt tithíochta ar an suíomh.

An Rinn, Co. Phort Láirge: Tá réamh-obair déanta ar dhá shuíomh i mBaile na nGall a léiríonn go bhfuil féidearthachtaí forbartha ann do thithíocht agus do áiseanna fiontraíochta agus forbartha pobail. Tá cainteanna ar bun le páirtithe leasmhara faoi chuid don talamh sin a aistriú chun tithíocht a fhorbairt. Beidh gá le ath-zónáil talún sa chás seo.

An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe: Tá réamhobair déanta ar dhá shuíomh ar an gCeathrú Rua a léiríonn go bhfuil féidearthachtaí forbartha ann do thithíocht. Tá cainteanna ar bun le páirtithe leasmhara faoi chuid don talamh sin a aistriú chun tithíocht a fhorbairt.

Tá Beartas Tithíochta Údarás na Gaeltachta mar ábhar seasta ar chlár oibre Bhord an Údaráis agus beidh an obair sin ag leanúint ar aghaidh chun tacú le pobal na Gaeltachta agus an bealach a éascú dóibh tarraingt ar na tacaíochtaÍ stáit atá in áit do thithíocht agus go mbeidh na forbairtí sin ag cur le h-úsáid na Gaeilge mar theanga pobail sa Ghaeltacht.