Plean Digiteach don Ghaeilge: ArdIntleacht (AI) na Gaeilge

9 Deireadh Fómhair, 2024

nóiméad léite

Tá tús á chur ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (TCEGSM), Údarás na Gaeltachta agus an Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta PFN agus Athchóirithe (DPENDR) le próiseas tairisceana chun uirlis, atá bunaithe ar an ArdIntleacht (AI) agus acmhainn shaibhir na Gaeilge, a fhorbairt.

Faoi Threochlár Intleachta Saorga na Gaeilge atá á fhorbairt, tá sé beartaithe seirbhísí cainte ArdIntleachta ó Ghaeilge go Gaeilge a fhorbairt faoi dheireadh 2026. Beidh an áis sin, ag tógáil ar na féidearthachtaí téacs atá ann faoi láthair, mar eiseamláir do theangacha neamhfhorleathana ar fud na cruinne. Beidh an uirlis seo in ann feidhmiú le haon táirge ArdIntleachta atá ar an margadh agus seirbhís i nGaeilge ghlan, chanúnach a chur ar fáil.

Tá Fógra Réamheolais (PIN) agus Comhairliúchán ar an Margadh Oscailte (OMC) á bhfoilsiú inniu mar chéad chéim i dtreo tairiscint Eorpach chun an uirlis a fhorbairt. Beidh an teicneolaíocht a bheidh á forbairt ag líonadh bearna atá sa mhargadh de réir taighde atá déanta ag dlíodóirí a chuireann comhairle ar an Aontas Eorpach mar chuid den phróiseas seo.

Beidh an uirlis seo á bainistiú ag Údarás na Gaeltachta agus ag an Roinn TCEGSM faoi chúram DAC – comhlacht sainiúil. Beidh tús á chur le forbairt seirbhísí eile i nGaeilge ag úsáid uirlisí reatha téacs i nGaeilge agus tá sé beartaithe go mbeidh an comhlacht sainiúil sin ag tairiscint seirbhísí don earnáil phoiblí agus ag tairiscint oiliúna d'oibrithe sa tseirbhís phoiblí i dtreo sprioc earcaíochta 2030 an Rialtais a bhaint amach.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

'Tá sé riachtanach go mbeidh na huirlisí a bheidh ag úsáid na nuatheicneolaíochta seo ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Dá uireasa sin, beidh an chéad ghlúin eile Gaeltachta agus cainteoirí Gaeilge faoi mhíbhuntáiste mór. Ina choinne sin, ag tapú na deise atá ann, beidh tús á chur le ré nua theicneolaíochta don teanga, deiseanna forbartha agus fostaíochta agus deis ar leith seirbhísí ar ardchaighdeán i nGaeilge agus i dteangacha eile a fhorbairt do phobail na hÉireann agus na scileanna agus múnlaí sin a roinnt le tíortha eile go hidirnáisiúnta.'

Chuir Siobhán Ní Ghadhra, Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, leis sin:

"Léiríonn an tionscadal seo ár dtiomantas don Ghaeilge a chur i lár an aonaigh sa saol nua-aimseartha teicneolaíochta. Trí infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíocht, táimid ag cothú todhchaí inbhuanaithe don teanga agus ag cruthú deiseanna nua forbartha agus fostaíochta inár bpobail Ghaeltachta."

3 fhorbairt shonracha:

1. Ardán agus uirlis a bheidh in ann seirbhísí agus comhairle ar ardchaighdeán i nGaeilge a thairiscint don phobal agus mar acmhainn teanga d'áisíneachtaí stáit.

2. Cúrsaí oiliúna don earnáil phoiblí a mbeidh daoine le Gaeilge agus scileanna AI mar thoradh air agus deiseanna oiliúna d'aos óg na Gaeilge a bheidh ag obair i dtreo sprioc earcaíochta 2030 an Rialtais.

3. Forbairt fiontraíochta san earnáil seo i gceantair Ghaeltachta agus do chomhlachtaí a bheidh ag úsáid na Gaeilge in earnáil an oideachais, na foghlama agus eile agus deiseanna forbartha agus easpórtála idirnáisiúnta do theangacha neamhfhorleathana eile.

Breis Eolais: www.udaras.ie/ai