All About Kombucha, Cliant de chuid Údarás na Gaeltachta, Buacach ag Blas na hÉireann 2024

7 Deireadh Fómhair, 2024

nóiméad léite

Foireann All About Kombucha ina monarchan nua-aimseartha i nGaillimh
Foireann All About Kombucha ina monarchan nua-aimseartha i nGaillimh

Tá áthas ar Údarás na Gaeltachta a fhógairt gur bhuaigh All About Kombucha an Gradam 'Rogha na Gaeltachta' ag #Blas2024. Léiríonn an t-éacht seo an nuálaíocht agus an fhiontraíocht atá ag borradh i bpobail Ghaeltachta na hÉireann.

Ó bunaíodh é in 2017, tá All About Kombucha tar éis a bheith ina eiseamláir den rath is féidir a bhaint amach sa Ghaeltacht. Tá an comhlacht, atá lonnaithe i Co. na Gaillimhe, ag táirgeadh kombucha orgánach, beo agus neamhphaistéaraithe, ag cruthú fostaíochta sa cheantar agus ag cur le héagsúlacht an gheilleagair áitiúil.

"Is cúis áthais dúinn a fheiceáil go bhfuil ár n-infheistíocht i gcomhlachtaí ar nós All About Kombucha ag tabhairt toradh," a dúirt Dónal Ó Liatháin , Bainisteoir Réigiúnach Údarás na Gaeltachta. "Léiríonn sé seo a thábhachtaí atá sé tacaíocht leanúnach a thabhairt d'fhiontraithe óga sa Ghaeltacht."

Creideann Údarás na Gaeltachta go gcuirfidh an gradam seo le cáil All About Kombucha agus go spreagfaidh sé tuilleadh fiontraíochta sa Ghaeltacht. Tá Údarás na Gaeltachta tiomanta do thacaíocht leanúnach a thabhairt do ghnólachtaí nuálacha mar seo chun fostaíocht inbhuanaithe a chothú agus pobal bríomhar Gaeltachta a choinneáil.

Tá táirgí All About Kombucha ar fáil ar fud na hÉireann. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin gcomhlacht ag www.allaboutkombucha.ie