Scéim Phíolótach Nua: Fuinneamh In-athnuaite Mara agus Inbhuanaitheacht do Dhaltaí Idirbhliana

12 Lúnasa, 2024

nóiméad léite

Windmills

Tá MIDC Pháirc na Mara ag seoladh clár píolótach nuálach d'idirbhliain i seacht meánscoil Ghaeltachta i nGaillimh don scoilbhliain 2024-2025. Díreoidh an clár seo ar Fhuinneamh In-athnuaite Mara agus Inbhuanaitheacht, ag cur béime ar spriocanna forbartha inbhuanaithe.

Príomhaidhmeanna an chláir:

  • Feasacht a ardú faoi fhuinneamh in-athnuaite mara
  • Tuiscint ar inbhuanaitheacht a fhorbairt
  • Freagracht shóisialta a chothú i measc daltaí
  • Rannpháirtíocht ghníomhach i dtodhchaí inbhuanaithe a spreagadh

Mar chuid den tionscnamh seo, tá MIDC Pháirc na Mara ag earcú múinteoir cáilithe mar Oifigeach Togra ar chonradh bliana. Beidh an té a cheapfar freagrach as an gclár a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, ag obair ó oifigí Údarás na Gaeltachta sna Forbacha.

Tá an scéim phíolótach seo mar chuid d'fhís níos leithne chun an Ghaeltacht Ghlas a chur chun cinn agus deiseanna nua a chruthú san earnáil fuinnimh in-athnuaite.

Dúirt Feidhmeannach Forbartha, Údarás na Gaeltachta Máire Ní Einniú:

 "Is céim thábhachtach chun tosaigh é an clár píolótach seo i bhforbairt inbhuanaithe na Gaeltachta. Creidimid go láidir go gcothóidh sé glúin nua ceannairí a bheidh tiomanta don chomhshaol agus d'fhorbairt eacnamaíoch inbhuanaithe inár bpobail Ghaeltachta, ag spreagadh dúchas na farraige sa ghlúin óg."

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Tomás Ó Siochán:

 "Tá acmhainn nadúrtha gaoithe amach ó chósta thiar na h-Éireann atá ar aon dul le acmhainn dá leithéid ar fud na cruinne. Tá sé ríthábhachtach deis a thabhairt don gcéad glúin eile tuiscint a fháil ar an obair seo agus deis a thabhairt dóibh siúd atá ag obair san earnáil seo, agus sna seirbhísí tacaíochta ar fad a théann leis, filleadh abhaile sna blianta amach romhainn de réir mar a bheidh an earnáil seo ag fás agus ag forbairt."

Spriocdháta d'iarratais don phost: 4:00 i.n. ar 26 Lúnasa 2024. Tuilleadh eolais ar fáil anseo: https://bit.ly/4dkAWgL