Ceapachán Nua in Údarás na Gaeltachta

2 Lúnasa, 2024

nóiméad léite

Ruairí Ó Néill

Tá áthas ar Údarás na Gaeltachta a fhógairt go bhfuil Ruairí Ó Néill ceaptha mar Stiúrthóir Sheirbhísí Corporáideacha na heagraíochta.

Sa ról seo, beidh cúram na rannóga airgeadais, maoine, acmhainní daonna agus dlí ar Ruairí. Leanfaidh sé freisin leis an obair atá ar bun aige i réimsí na hintleachta saorga.

Tá taithí fhairsing ag Ruairí in Údarás na Gaeltachta, áit a raibh sé ina Bhainisteoir Tograí agus roimhe sin ina Bhainisteoir Réigiúnach an Iarthair ó 2019 go 2022. Sa ról sin, bhí sé freagrach as forbairt fiontraíochta, eagrais forbartha pobail agus scéimeanna fostaíochta poiblí i limistéir Ghaeltachta Chonnacht agus Laighean.

Tá taithí shuntasach ag Ruairí i réimsí éagsúla gnó agus forbartha. Is bunaitheoir é ar Solar Structures, cuideachta atá ag díriú ar struchtúir nuálacha a dhearadh agus a thógáil chun painéil ghréine a chur in áiteanna éagsúla. Roimhe sin, bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach ar Chomhar Creidmheasa Cholm Cille ar feadh 11 bliain, agus d'oibrigh sé freisin mar chomhairleoir sinsearach le Deloitte.

Ag labhairt dó faoin gceapachán, dúirt Tomás Ó Siocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

"Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Ruairí. Tá taithí fairsing ag Ruairí i rólanna sinsearacha in earnálacha éagsúla, mar chomhairleoir, ceannasaí airgeadais, príomhfheidhmeannach agus mar fhiontraí. Beidh ról lárnach aige i dtreisiú dhigitiú na heagraíochta a bheidh mar bhunchloch d'fhorbairtí fud fad na Gaeltachta, don teanga, do na pobail éagsúla agus aghaidh á tabhairt ar ré na hintleachta saorga."

Dúirt Ruairí Ó Néill:

"Tá mé ag súil go mór leis an dúshlán seo agus na féidearthachtaí atá ann teicneolaíocht agus intleacht shaorga a úsáid chun feabhas a chur ar sheirbhísí agus forbairt na Gaeltachta. Creidim go láidir gur féidir linn nuálaíocht a úsáid chun ár bpobail Ghaeltachta a neartú agus a fhorbairt."