Plean Teanga Bhaile Seirbhíse Gaeltachta an Chlocháin seolta go hoifigiúil

29 Iúil, 2024

nóiméad léite

Pier at the port of Clifden at high tide, boats anchored with mirror reflection in the water, sunny spring day with a blue sky and abundant white clouds in Clifden, Ireland
Pier at the port of Clifden at high tide, boats anchored with mirror reflection in the water, sunny spring day with a blue sky and abundant white clouds in Clifden, Ireland

Seoladh Plean Teanga Bhaile Seirbhíse Gaeltachta an Chlocháin i gConamara i gContae na Gaillimhe go hoifigiúil inniu, 29 Iúil 2024.

Is í an eagraíocht Forum Connemara atá aitheanta mar cheanneagraíocht pleanála teanga agus a fheidhmeoidh plean teanga an Chlocháin, i gcomhar leis an Údarás. Is i nDeireadh Fómhair 2021 a cuireadh tús le réiteach an phleain faoi stiúir an Údaráis agus tá 36 beart sa phlean teanga chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gceantar an Chlocháin.

Tá ról suntasach ag an mbaile seirbhíse Gaeltachta i soláthar seirbhísí poiblí, saoráidí áineasa, sóisialta agus tráchtála don phobal sna limistéir phleanála teanga ar a bhfreastalaíonn sé. De thoradh air seo, imríonn Bailte Seirbhíse Gaeltachta tionchar suntasach agus dearfach ar stádas na Gaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh i gceantair Ghaeltachta, rud a thacaíonn le misean an Údaráis.

Agus é ag fáiltiú roimh fhoilsiú an phleain, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne:

“Ba mhaith liom tréaslú le Forum Connemara - Ceanneagraíocht ar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta An Chlocháin - agus le gach duine a bhí bainteach leis an bplean teanga a chur le chéile don Chlochán. Tabharfaidh an plean teanga deiseanna do phobal an cheantair a bheith lárnach sna hiarrachtaí an Ghaeilge a neartú ar an mbaile agus freastal ar na ceantair Ghaeltachta máguaird freisin.”

D'fháiltigh Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail & Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta, Rónan Mac Con Iomaire, roimh an bhforbairt seo freisin:

"Is céim shuntasach chun tosaigh é seoladh an phlean teanga seo don Chlochán agus do phobal na Gaeltachta i gConamara. Cuireann sé lenár n-iarrachtaí an Ghaeilge a chothú mar theanga bheo i gcroílár ár bpobal. Táimid ag Údarás na Gaeltachta ag tnúth le bheith ag obair go dlúth le Forum Connemara agus le muintir an cheantair chun an plean seo a chur i bhfeidhm go rathúil."

Cuirfear suas le €96,000 ar fáil go bliantúil ar feadh tréimhse 7 mbliana do Forum Connemara chun Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú agus an plean teanga a chur i bhfeidhm. Déanfaidh an tÚdarás maoirseacht ar úsáid na maoinithe seo agus ar chur i bhfeidhm an phlean.