D'fhógair an tAire Stáit Thomas Byrne T.D. ceapachán Donnchadh Uí Bhaoill ar an gCoiste Logainmneacha nua an tseachtain seo. Tá freagracht na Gaeilge agus na Gaeltachta ar an Aire Stáit Byrne sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
Tá an chuid is mó dá shaol oibre caite ag Donnchadh Ó Baoill le hÚdarás na Gaeltachta i nGaeltacht Thír Chonaill. Ina theannta sin, tá suim mhór aige i gcúrsaí logainmneacha, cúrsaí timpeallachta agus sa stair áitiúil. Tá sé gníomhach i roinnt eagraíochtaí pobail a bhfuil na téamaí seo lárnach ina gcuid oibre agus tugann sé cur i láthair go rialta ar na hábhair chéanna.
Is é príomhchúram an Choiste Logainmneacha ná comhairle a chur ar an Aire maidir le leaganacha Gaeilge de logainmneacha na hÉireann a dhearbhú faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Beidh an Coiste ag díriú ar na dréachtorduithe logainmneacha do roinnt contaetha a chlaochlú ina n-orduithe logainmneacha.
Ag labhairt dó faoin gceapachán, dúirt an tAire Stáit Byrne: "Is cuid thar a bheith luachmhar dár n-oidhreacht iad logainmneacha na tíre, agus iad fréamhaithe go domhain i ndúchas ár muintire. Tá ról ríthábhachtach le bheith ag an gCoiste nua, le tacaíocht ó fhoireann an Bhrainse Logainmneacha i mo Roinn, ó thaobh comhairle a chur orm i dtaobh na leaganacha deimhnithe Gaeilge de logainmneacha an Stáit."
Tá téarma trí bliana ag an gCoiste Logainmneacha, agus feidhmíonn na baill go deonach. Tá Donnchadh Ó Baoill ina Fheidhmeannach Forbartha le hÚdarás na Gaeltachta i nDoirí Beaga, Co. Dhún na nGall, agus tá saineolas aige ar logainmneacha iarthar Thír Chonaill.
Is iad baill an Choiste:
Cathaoirleach:
• An tOllamh Liam Mac Mathúna: IarCheann na Scoile, Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath; iarbhall den Choimisiún Logainmneacha; eagarthóir Éigse.
Gnáthchomhaltaí:
Donnchadh Ó Baoill, MA: Feidhmeannach Forbartha, Údarás na Gaeltachta, Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall; saineolaí ar logainmneacha iarthar Thír Chonaill.
• An Dr Úna Bhreathnach: Bainisteoir Eagarthóireachta/Ollamh Cúnta, Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU).
• Dónall Mac Giolla Easpaig, MA: IarPhríomhoifigeach Logainmneacha, an Brainse Logainmneacha.
• Maura Lynskey, MA: údar An Ghaeilge ar Chomharthaí Stáit.
• An Dr Patrick McKay: Chaith sé blianta ag saothrú leis an Northern Ireland Placenames Project agus is é údar an Dictionary of Ulster Placenames; Place-Names of Northern Ireland IV - County Antrim I, The Baronies of Toome, agus Lough Neagh Places: Their Names and Origins.
• Máire Feiritéar: Saineolaí ar Ghaeilge Chonamara; aoi-chainteoir ar chláir de chuid RTÉ agus Raidió na Gaeltachta maidir le saíocht na Gaeilge agus logainmneacha.
• Nóilín Nic Bhloscaidh, MA: Comhairleoir teanga; léachtóir in Ollscoil Uladh; ball den Choiste Téarmaíochta.
• An Dr Aengus Ó Fionnagáin: Ceann Ábhair ar Léann na Gaeilge in Ollscoil Luimnigh; Leas-Uachtarán Society for Names Studies in Britain and Ireland.
• Caoimhe Ní Shúilleabháin, MA: IarOifigeach Logainmneacha sa Bhrainse Logainmneacha; IarCheann Aonaid Gníomhach, Roinn na Gaeilge, Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin, an Coimisiún Eorpach; Oifigeach Feidhmiúcháin, Cill Dara le Gaeilge.
• An Dr Liam Ó hAisibéil: Ollamh Cúnta le Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe; Comhúdar Oxford Dictionary of Family Names of Ireland (2021).