Cóitseál teanga in Éirinn don chéad uair

18 Meitheamh, 2024

nóiméad léite

Ó Chlé go Deas: In oifigí Údarás na Gaeltachta, bronnadh teastais Ollscoil Luimnigh (OL) ar an ngrúpa ar éirigh leo an Micrea-Dhintiúir ar líne GA6172 An Chóitseáil Teanga san Ionad Oibre a chríochnú Siubhán Nic Grianna - Bainisteoir Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta Deirdre Ní Loingsigh – Stiúrthóir na Gaeilge Ollscoil Luimnigh Catherine Martin – Léachtóir Ollscoil Luimnigh Sarah Brady – Bainisteoir an Tionscadail Microcred, Ollscoil Luimnigh Yvonne Cleary – Head of the School of English, Irish and Communication Ollscoil Luimnigh

Bhí teacht le chéile in oifigí Údarás na Gaeltachta inniu 18 Meitheamh chun ceiliúradh a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach ag an gcéad ghrúpa de chóitseálaithe teanga in Éirinn. Bronnadh teastais Ollscoil Luimnigh ar na foghlaimeoirí proifisiúnta seo a thug faoin gcúrsa GA6172 An Chóitseáil Teanga san Ionad Oibre / Language Coaching in the Workplace ar líne i seimeastar an Earraigh 2024.

Cleachtas nua in Éirinn é an chóitseáil teanga a thacaíonn le foghlaimeoirí a bheith níos éifeachtaí agus neamhspleáchaí. Ar na rannpháirtithe bhí oifigigh phleanála teanga, oifigigh le Gaeilge san earnáil phoiblí agus lucht gnó agus oideachais.

Ag labhairt di mar gheall ar an gclár, duírt an Dr Yvonne Cleary, Ceann Scoile, Scoil na Gaeilge, an Bhéarla, agus na Cumarsáide, Ollscoil Luimnigh.

"Comhghairdeas le gach duine a bhí páirteach sa MhicreDhintiúr uathúil agus spreagúil seo. Bhain na mic léinn a ghlac páirt sa chéad ghrúpa tairbhe as curaclam bunathraitheach a thacaíonn le foghlaim agus forbairt teanga agus a chothaíonn cleachtais teanga chuimsitheacha i suíomhanna oibre. Beidh tionchar ollmhór acu mar chóitseálaithe teanga agus mar cheannairí i dtacaíocht inbhuanaithe teanga ina gcleachtas gairmiúil."

Dúirt Aoife Ní Chonchúir mac léinn ar an gcúrsa:

"Bhain mé an-tairbhe as an gcúrsa seo. D'fhoghlaim mé scileanna nua maidir le cóitseáil teanga a chuirfidh ar mo chumas tacú le foghlaimeoirí Gaeilge ar bhealach níos éifeachtaí."

Dúirt Siubhán Nic Grianna Bainisteoir Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta:

"Tá muid thar a bheith sásta go bhfuil an pháirtnéireacht seo idir muid agus Ollscoil Luimnigh ann. Tá a fhios againn go gcuidíonn ranganna Gaeilge go minic ó thaobh cumas teanga a ardú ach tá rud éigin sa bhreis de dhíth le droichead a thógáil idir an rang agus an úsáid laethúil. Déanann an cúrsa seo sa Choisteáil Teanga iarracht dul i ngleic leis an mbearna sin, chun an Ghaeilge a threisiú mar theanga bheo sna cliantchomhlachtaí agus sa láthair oibre ar fud na Gaeltachta."

Ghabh an Dr Deirdre Ní Loingsigh, stiúrthóir an chúrsa, buíochas le Údarás na Gaeltachta as a gcuid tacaíochta. Pléadh féidearthachtaí an chleachtais chóitseála chun tacú le foghlaimeoirí Gaeilge agus pleananna Ollscoil Luimnigh sa réimse seo.

Beidh oiliúint do chóitseálaithe mar dhara teanga ar fáil i 2025 agus laghdú 50% ar tháillí faoin scéim 'HCI Fóirdheontas na dTáillí MicreDhintiúr d'Foghlaimeoirí'.

HCI Fóirdheontas na dTáillí MicriDhintiúr d’Foghlaimeoirí
Tuilleadh Eolais: Staidéar Iarchéime and Gairmiúil