Rachel Holstead as Corca Dhuibhne ceaptha mar Phríomhfheidhmeannach ar Ealaín na Gaeltachta Teo

31 Bealtaine, 2024

nóiméad léite

Rachel Holstead standing in front of a microphone.
Rachel Holstead, Áisitheoir na Mumhan, Ealaín na Gaeltachta ag cur fáilte roimh an lucht freastail

Déanann Údarás na Gaeltachta comhghairdeas le Rachel Holstead atá ceaptha mar Phríomhfheidhmeannach Ealaín na Gaeltachta Teo. Beidh Rachel, ar as Corca Dhuibhne í, ag dul i mbun a cuid dualgais ar an 1 Meitheamh.

Tá taithí leathan fhairsing ag Rachel ag obair i réimse na n-ealaíon ag leibhéal forbartha agus straitéiseach. Is ealaíontóir í, agus mar chumadóir ceoil, chaith sí roinnt blianta ag obair le réimse leathan geallsealbhóirí, idir lucht eagrúcháin féilte, ealaíontóirí, daoine óga, grúpaí pobail agus na húdaráis áitiúla chun tograí agus coimisiúin a bhainistiú agus a chur i gcrích.

Tá Rachel ag obair le hEalaín na Gaeltachta mar Áisitheoir Ealaíona i réigiún na Mumhan ó 2017 i leith ag forbairt agus ag cur i bhfeidhm straitéis agus clár oibre Ealaín na Gaeltachta agus ag plé le geallsealbhóirí éagsúla i dtreo fhorbairt na hearnála.

Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta,

“Guíonn muid gach rath ar Rachel agus í ag dul i mbun a cuid cúramaí mar Phríomfheidhmeannach ar an Ealaín na Gaeltachta Teo.  Mar fho-chuideachta de chuid an Údaráis, tacaíonn clár oibre agus gníomhaíochtaí Ealaín na Gaeltachta le timpeallacht ealaíon atá bisiúil, fuinniúil agus inmharthana a chothú agus a fhorbairt agus cuireann sé go mór le saibhriú agus neartú pobal, teanga agus cultúr na Gaeltachta. Tá fás as cuimse tagtha ar ghníomhaíochtaí an chuideachta le roinnt blianta anuas agus leanfar ar na fhóbairt sin faoi stiúir Rachel Holstead.”

Tá tús curtha le próiseas earcaíocht le comharba a cheapadh i bpost Áisitheoir Ealaíona i nGaeltacht na Mumhan agus is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin phost ag www.ealain.ie