Méadú ar Líon Ollscoileanna as Stáit Aontaithe Mheiriceá ag teacht go Gaeltacht Thír Chonaill 

27 Bealtaine, 2024

nóiméad léite

Students from Truman State University visiting Donegal Gaeltacht
Mic léinn ó Ollscoil Stáit Truman ar cuairt ar Ghaeltacht Dhún na nGall

Tá Údarás na Gaeltachta agus Ionad Naomh Pádraig i nGaoth Dobhair ag fáiltiú roimh an méadú atá tagtha ar líon na n-ollscoileanna as Stáit Aontaithe Mheiriceá atá ag tabhairt cuairte ar Ghaeltacht Thír Chonaill le blianta beaga anuas. Mar chuid d'fheachtas a chuir an tÚdarás ar bun in 2017, tá níos mó ollscoileanna ag teacht ar cuairt chun an cheantair álainn seo, ina bhfuil cultúr, teanga agus stair shaibhir le fáil. 

Le seachtain anuas, thug daltaí as North Carolina State University, Kirksville agus Truman State University, Missouri, cuairt ar an cheantar. Ó 2017 i leith, tá ollscoileanna ó Virginia, Nua Eabhrach, Florida, Massachusetts,  North Dakota agus áiteanna eile tar éis teacht freisin. Tá seacht n-ollscoil ag teacht go Gaoth Dobhair i mbliana. 

Dúirt urlabhraí ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil an tÚdarás an-sásta leis an dul chun cinn atá déanta agus go bhfuil siad ag tnúth le tuilleadh forbartha ar an tionscnamh seo sna blianta amach romhainn. Beidh Máire Uí Chomhaill, Bainisteoir Ionad Pádraig Dobhair, ag freastal ar chomhdháil in Indianapolis, Indiana, an tseachtain seo chugainn ag súil le tuilleadh ollscoileanna a mhealladh. 

Is léir go bhfuil an-tóir ag ollscoileanna Meiriceánacha ar an deis cuairt a thabhairt ar Ghaeltacht Thír Chonaill. Cuirfidh na turais seo go mór le heispéireas oideachasúil na mac léinn agus leagfaidh siad béim ar an oidhreacht chultúrtha shaibhir atá le fáil sa cheantar seo.