Seoladh Clár Píolótach Tacaíochta don Fhiontraíocht Shóisialta chun cumhacht a thabhairt do phobail i gConamara agus in Oileáin Árann.

16 Bealtaine, 2024

nóiméad léite

Seoladh tionscnamh nua i gConamara agus in Oileáin Árann a bhfuil sé mar aidhm aige forbairt a dhéanamh ar chumas na bhfiontar sóisialta agus na gcomharchumann atá ag feidhmiú sa réigiún. Tá an tionscnamh píolótach mar chuid den tionscadal EmpowerUs atá maoinithe ag an Aontas Eorpach, tionscnamh níos leithne a seoladh i sé réigiún cois cósta ar fud na hEorpa chun cumhacht a thabhairt do phobail chósta gníomhú agus forbairt chósta inbhuanaithe, chuimsitheach agus athléimneach a chinntiú.

Tá sé mar aidhm ag an gClár Tacaíochta don Fhiontraíocht Shóisialta, faoi stiúir Údarás na Gaeltachta agus Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, timpeallacht chumasúcháin níos láidre a chruthú don fhiontraíocht shóisialta agus d’earnáil na gcomharchumann sa Ghaeltacht. Tabharfar aghaidh ar an dúshlán forbartha seo trí thacú le forbairt a dhéanamh ar fhiontair shóisialta agus ar chomharchumainn atá níos inmharthana ó thaobh na tráchtála de agus níos athléimní ó thaobh airgeadais de, agus trí thógáil scileanna, eolais agus cumais foghlama na bhfiontar sóisialta agus na gcomharchumann ar fud na Gaeltachta.  Mar thoradh ar chur i bhfeidhm an chláir, déanfar forbairt ar chineálacha forbartha gnó níos cuimsithí a chosnaíonn agus a fheabhsaíonn sócmhainní nádúrtha, cultúrtha agus pobail na Gaeltachta.

Agus na deiseanna forbartha sin á n-aithint, cuirfear an Clár Píolótach Tacaíochta don Fhiontar Shóisialta chun feidhme trí thrí mheicníocht:

  • Clár modúlach ar líne chun eagraíochtaí earnála pobail agus deonacha a chur ar an eolas agus a spreagadh maidir le poitéinseal an gheilleagair shóisialta.
  • Clár cúnaimh theicniúil chun tacú le grúpaí áitiúla tionscadail a fhorbairt. Chomh maith le comhairle straitéiseach agus dhlíthiúil a chur ar fáil, cuirfidh an clár seo uas-sciliú ar phobail áitiúla maidir le staidéir féidearthachta a dhéanamh, athrú ó bhonn digiteach, margaí a fhorbairt agus tionchar sóisialta;
  • Tacaíocht bhreise a sholáthar d’fhiontraithe sóisialta áitiúla a bhfuil ardphoitéinseal fáis acu, trí chuairteanna láthair, léachtaí agus acmhainní a sholáthar.

Tá sé mar aidhm ag an gClár Píolótach Tacaíochta don Fhiontraíocht Shóisialta tionchar claochlaitheach a imirt ar an gceantar trí aghaidh a thabhairt ar easnaimh scileanna, trí dheiseanna nua fostaíochta a chruthú, agus trí chumas earnáil na bhfiontar sóisialta luach a ghabháil ón nGeilleagar Gorm a neartú. Trí chomhoibriú, comhroinnt eolais agus forbairt acmhainní, féachann an tionscnamh píolótach le timpeallacht chumasúcháin níos láidre a bhunú don earnáil fiontair shóisialta agus d’earnáil na gcomharchumann agus todhchaí eacnamaíoch níos inbhuanaithe agus níos cuimsithí a chruthú do phobail chósta i gConamara agus in Oileáin Árann.

“Tá clár céimnithe i gceist leis an gclár píolótach tacaíochta don fhiontraíocht shóisialta chun scileanna, eolas agus cumais foghlama na bhfiontar sóisialta agus na gcomharchumann atá ag feidhmiú sa Ghaeltacht a fhorbairt. Cuireann sé leis an tacaíocht atá á tabhairt ag Údarás na Gaeltachta do na hearnálacha seo le fada agus tá sé mar aidhm aige cur lena gcumas todhchaí inbhuanaithe a bhaint amach do na pobail chósta agus oileáin seo” (Wesley Flannery, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste)

“Tá lúcháir ar Údarás na Gaeltachta an clár píolótach seo a stiúradh tríd an gcomhpháirtíocht chomhoibríoch a bunaíodh lenár gcomhpháirtí acadúil, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus leis na comhpháirtithe eile ón gcuibhreannas idirnáisiúnta.  Tá breis agus 40 bliain taithí ag an Údarás bheith ag obair leis an bpobal agus le forbairt áitiúil sa Ghaeltacht agus trínár dtiomantas maoiniú agus acmhainní a chur ar fáil d’fhiontair shóisialta áitiúla agus iad ag obair ar mhaithe le pobail áitiúla.  Táimid ag súil go mór le eolas a roinnt comh maith le foghlaim ónár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta agus ó thaithí bheo na gcúig réigiún cósta eile ar fud an AE agus comhoibriú leo chun bearta praiticiúla a fhorbairt le linn chur i bhfeidhm an chláir phíolótaigh seo i gConamara agus ar na hOileáin Árann chun tacú le fiontair shóisialta a fhorbairt ar fud na Gaeltachta.” (Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta)

Chun eolas rialta a fháil faoin gClár Tacaíochta don Fhiontraíocht Shóisialta, agus faoi chláir phíolótacha EmpowerUS eile go léir, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin oifigiúil EmpowerUS agus lean sinn ar X agus LinkedIn.

Má tá suim agat páirt a ghlacadh sa Chlár Tacaíochta don Fiontraíocht Shóisialta nó más mian leat tuilleadh a fhoghlaim, déan teagmháil le Micheál Ó Conghaile, Údarás na Gaeltachta  (m.oconghaile@udaras.ie ) nó Alex Miller, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste (alex.miller@qub.ac.uk).