Cruinnithe eolais le reáchtáil le grúpaí áitiúla, sula ndéantar iarratas ar chead pleanála d’Ionad Oideachais agus Óige in Indreabhán
Beidh Údarás na Gaeltachta ag déanamh teagmhála le grúpaí pobail agus leis an bpobal i gcoitinn le linn na seachtaine seo, chun iad a chur ar an eolas faoi na pleananna d’fhorbairt Ionad Oideachais agus Óige in Indreabhán, Conamara.
I mí Feabhra na bliana seo, cheadaigh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán €314,280 le go bhféadfadh an tÚdarás dearadh a dhéanamh ar an Ionad agus iarratas pleanála a ullmhú. Tá dréacht-dhearadh den ionad nua réitithe anois agus tá sé i gceist ag an tráth seo an dearadh sin a roinnt leis an dream a bheas ag úsáid an ionaid agus an pobal trí chéile. Mairfidh an comhairliúchán ar feadh roinnt seachtainí agus táthar ag súil go mbeifear faoi réir le hiarratas pleanála a chur faoi bhráid an údaráis áitiúil faoi dheireadh na bliana seo nó go luath san athbhliain.
Beidh an t-ionad ilfheidhmeach seo á bhainistiú ag Údarás na Gaeltachta agus á úsáid ar mhaithe le cúrsaí oideachais agus oiliúna a chur ar fáil i réimse leathan earnálacha. San áireamh anseo beidh oiliúint a bhaineann leis an réimse teanga, closamharc, oideachas agus an teicneolaíocht. Sa bhreis ar sin beidh béim faoi leith ar chúrsaí óige agus freastal á dhéanamh ar ghlúin óg dheisceart Chonamara. Tuigeann an tÚdarás a thábhachtaí is atá sé freastal ar an spriocghrúpa seo chun tionchar dearfach a imirt a thodhchaí na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tacóidh na háiseanna a fhorbrófar san ionad eiseamláireach seo go mór leis an sprioc sin a bhaint amach trí áiseanna foghlamtha, ceol, spóirt, damhsa agus spásanna sóisialta ar ard-chaighdeán a chruthú.
Is mar choláiste Gaeilge a bheidh t-ionad á úsáid le linn tréimhse an tsamhraidh. Tá an tÚdarás tar éis teacht ar shocrú le Coláiste Lurgan a cheadaíonn úsáid maoin dá gcuid ar mhaithe leis an bhforbairt seo. Cuirfear socruithe léasa i bhfeidhm a fhágann go mbeidh Coláiste Lurgan in ann freastal ar 2,000 duine óg gach Samhraidh. Tá an tionscal teanga- bhunithe seo thar a bheith tábhachtach do eacnamaíocht an cheantair agus do fhoghlaim na Gaeilge.
Is mór ag Údarás na Gaeltachta an comhoibriú atá á fháil aige in sna hiarrachtaí atá ar siúl an togra tábhachtach seo a thabhairt go dtí an chéad chéim forbartha eile.