Méadú ar an bhfostaíocht Gaeltacht agus seasmhacht á léiriú ag comhlachtaí Gaeltachta
Coinníodh an fhostaíocht Ghaeltachta ag leibhéal seasmhach in 2022, agus bhí fás suntasach i roinnt earnálacha tábhachtacha. 8,235 post a bhí i gcomhlachtaí a fuair tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta ag deireadh 2022, i gcomparáid le 8,084 in 2021. Cruthaíodh líon suntasach postanna in earnálacha na déantúsaíochta nideoige, na turasóireachta, agus na teanga agus léiríodh seasmhacht agus buanadas sa margadh fostaíochta Gaeltachta. Nuair a thógtar laghdú poist san áireamh, feictear glanmhéadú de 151 sa bhfostaíocht ina iomláine agus ardú ar an líon fostaíochta i bhformhór na gceantar Gaeltachta.
Tá figiúirí fostaíochta na bliana seo, 8,235, á dtuairisciú ag úsáid modheolaíocht atá molta ag an Roinn Fiontair, Trádála agus Fostaíochta. Faoin modheolaíocht seo, rangaítear an fhostaíocht de réir dhá chatagóir: poist lánaimseartha agus eile. Roimhe seo bhíodh an fhostaíocht á tuairisciú de réir fostaíocht lánaimseartha, pháirtaimseartha agus shéasúrach. Tá athshonrú déanta ar fhigiúirí fostaíochta 2021 ionas gur féidir comparáid chruinn a dhéanamh. Is 9,491 post a bheifí á dtuairisciú i gcliantchomhlachtaí an Údaráis don bhliain 2022 ar bhunús fostaíochta iomláine. Leanfar leis an obair atáthar á déanamh ar na bunachair sonraí agus ar na modheolaíochtaí atá in úsáid as seo go ceann bliana eile ar laghad.
Ó thaobh na réigiún de, bhí cúrsaí fostaíochta an-dearfach i gCiarraí, áit a raibh glanmhéadú de 83 post, méadú 13% i gcomparáid le 2021. Bhí an fhostaíocht láidir freisin i bPort Láirge agus i gContae na Mí.
Tar éis dheacrachtaí na paindéime Covid 19, bhí dúshláin eacnamaíochta le sárú ag comhlachtaí le linn 2022, go príomha i dtaobh ardaithe ar chostais, costais fuinnimh go háirithe, agus timpeallacht leochaileach trádála go hidirnáisiúnta de bharr corraíle geopholaitíochta. Is léir go mbeidh cuid de na dúshláin sin fós linn in 2023. Ach tá seasmhacht léirithe ag comhlachtaí Gaeltachta agus téarnamh áirithe feicthe sa bhfostaíocht, atá á thiomáint ag nuálaíocht na gcomhlachtaí.
Rinneadh buanú ar an bpróiseas pleanála teanga in 2022. Faoi dheireadh na bliana, bhí pleananna teanga á bhfeidhmiú i 24 ceann as na 26 Limistéar Pleanála Teanga (LPT) agus in dá Bhaile Seirbhíse Gaeltachta (BSG). Beidh tús á chur le feidhmiú na bpleananna teanga sa dá Limistéar Pleanála Teanga eile, An tEachréidh agus Bearna & Cnoc na Cathrach, go luath in 2023. Tá infheistíocht iomlán bhliantúil de €3.2 milliún i gceist do chur i bhfeidhm na bpleananna teanga atá ceadaithe.
Le linn na bliana seoladh an togra Glúin Z dírithe ar aos óg na Gaeltachta, a bheas ina bhunchloch do straitéis an Údaráis i leith na hóige sna blianta amach romhainn.
Neartaíodh an gréasán gteic arís eile in 2022 agus bhí os cionn 430 duine ag obair i 27 mol digiteach ag deireadh na bliana.
Seoladh Straitéis Fiontraíocht Sóisialta na Gaeltachta, chomh maith le dhá scéim tacaíochta nua agus feachtas eolais i leith an fhiontair shóisialta, le go mbeadh eagraíochtaí agus coistí forbartha pobail ar an eolas faoina buntáistí a bhaineann le gnólachtaí den saghas seo dóibh féin agus dá bpobal. Tháinig ardú substaintiúil ar an maoiniú do chomharchumainn agus d’eagraíochtaí forbartha pobail, rud a chuirfidh ar a gcumas pleananna uaillmhianacha a chur chun cinn, i gcomhar leis an Údarás.
Tá dul chun cinn suntasach á dhéanamh leis an togra straitéiseach 'An Ghaeltacht Ghlas’. Tá forbairtí fótavoltacha curtha sa tsiúl i nGaoth Dobhair, ar an gCeathrú Rua agus ar ár bpáirceanna gnó. Cuirfear breis béime in 2023 ar thacaíochtaí do chliantchomhlachtaí Gaeltachta chun céimeanna a thógáil i leith chúrsaí fuinnimh in-athnuaite agus gníomhaíochtaí athraithe aeráide. Leanfar freisin ag tacú le Ros an Mhíl a fhorbairt mar láthair straitéiseach chun freastal ar earnáil an fhuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta.
Féachfar leis an ngréasán gteic a neartú agus cur leis na deiseanna ann d’fhiontraithe, do ghnóthaí agus do chian-oibrithe na Gaeltachta.
Foilseofar Straitéis Mionfhiontraíochta go luath in 2023 chun tacú le gnóthaí beaga agus chun borradh a chur faoi bhunú comhlachtaí dúchasacha nuálacha, ag tógáil ar an méid a baineadh amach i réimse na Fiontraíochta Sóisialta in 2022.
Tabharfar tacaíocht d’earnáil na turasóireachta; leanfar le cur chun cinn tograí straitéiseacha infreastruchtúir turasóireachta, ina measc Coláiste Íosagáin, agus Solas (Áras Scéalta an Atlantaigh) agus leanfar freisin leis an Scéim Forbartha Turasóireachta, ar cuireadh bonn láidir faoi in 2022.
Beifear ag díriú go láidir ar thurasóireacht teanga le linn 2023 agus ar eispéiris trí Ghaeilge, agus forbairt ar na deiseanna atá ann do dhaoine teacht chun na Gaeltachta agus Gaeilge a fhoghlaim le linn dóibh a bheith ar saoire. Beidh roinnt pacáistí píolótacha á bhforbairt le linn 2023 chun an margadh a thástáil agus a thomhais.
Beidh aitheantas ar leith á thabhairt freisin do líon teoranta ceantair tearcfhorbartha sa nGaeltacht agus beidh pleananna sainiúla á n-aontú agus á gcur i bhfeidhm iontu, chun an earnáil turasóireachta a chur chun cinn.
Cuirfear béim ar leith ag tús 2023 ar an óige agus féachfar, i gcomhar le páirtithe leasmhara Gaeltachta agus Gaeilge, le deiseanna a threisiú inar féidir le haos óg na Gaeltachta a bhféiniúlacht mar phobal teanga a chinntiú, ag tógáil ar an taighde a rinneadh in 2020 agus 2021 tríd an togra Glúin Z.
Beidh céimeanna cinniúnacha á dtógáil sa réimse pleanála teanga i rith 2023. Anois agus pleananna á bhfeidhmiú i mbeagnach gach Limistéar Pleanála Teanga, beidh an tÚdarás ag tacú leis an bpróiseas trí obair thaighde; tá muid i mbun taighde faoi láthair ar an mbealach is fearr le tacú le labhairt na Gaeilge inár gcuid cliantchomhlachtaí; tá obair thaighde ar bun freisin againn i leith na Gaeilge san earnáil miondíola agus fáilteachais, chomh maith le hanailís ar úsáid na Gaeilge i measc an aosa óig. Tá súil againn go gcuirfidh torthaí an taighde sin le cumas na n-oifigeach pleanála teanga aghaidh a thabhairt ar an obair atá ar bun acu sna pobail Ghaeltachta ar bhealach córasach, le breis saineolais agus muiníne.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin:
“Is léiriú é ráiteas dearfach deiridh bliana Údarás na Gaeltachta ar thoradh comhfhiontair fad-bhunaithe idir pobal na Gaeltachta, cliantchomhlachtaí móra agus beaga, lucht taighde agus léinn agus foireann agus Bord Údarás na Gaeltachta. Tá sé de phribhléid agamsa mar Phríomhfheidhmeannach nua-cheaptha fáilte a chur roimh fhoilsiú an ráitis seo, agus an t-aitheantas cuí a thabhairt do shaothair oibre fhoireann na linne seo agus iad siúd a chuaigh rompu.
Tá obair ath-rangaithe ar fhigiúirí fostaíochta ar bun, obair a chuirfidh an tÚdarás ar aon dul le háisíneachtaí eile stáit agus fáiltím, ainneoin sin, go bhfuil ardú ar fhigiúirí na bliana seo. Leanfaidh an obair theicniúil, thábhachtach sin ar aghaidh i gcaitheamh na bliana seo chugainn. Tá an gréasán gteiceanna ag fás leis, gréasán a bheidh á fhorbairt, i dtreo seirbhísí príobháideacha agus poiblí a sholáthar do phobal na Gaeltachta, forbairt a bheidh ar cheann na nuálaíochta go náisiúnta. Tá deis ansin ann na buaic-scéalta sin a insint do phobal níos leithne agus deiseanna nua forbartha agus comhoibrithe a fhorbairt don fhoireann agus don eagraíocht dá réir.
Tá obair leanúnach ar bun ar fhorbairt agus ar chothabháil áiseanna fiontraíochta, agus an obair fhorbartha trí chéile dírithe ar bhuanú agus daingniú na teanga mar theanga phobail sa Ghaeltacht. Sa chomhthéacs sin, is ábhar dóchais an dul chun cinn ó thaobh na pleanála teanga de, agus tuilleadh forbartha beartaithe arís i mbliana go sonrach don óige agus in earnálacha fiontraíochta ar leith.
Is obair leanúnach í an obair fhorbartha atá ar bun, agus ainneoin go bhfuil an baol ann go bhfuil géarú eacnamaíochta ar na bacáin, táim sásta agus mórtasach go bhfuil, agus go mbeidh, na bunchlocha cuí leagtha chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin nuair is gá. Tá an timpeallacht thart orainn de shíor ag athrú, athrú aeráide, tionchar na teicneolaíochta agus athruithe eile nach iad ag cruthú dúshlán agus deiseanna araon do phobal na Gaeltachta agus don teanga a labhrann siad. “
Dúirt Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta:
“Is cúis dóchais do Bhord Údarás na Gaeltachta na figiúirí fostaíochta seo. Is léir go bhfuil seasmhacht i bhfostaíocht na Gaeltachta, tráth a bhfuilimid ag tabhairt aghaidh ar thréimhse chorraitheach eacnamúil go hidirnáisiúnta. Tá dul chun cinn le brath in earnálacha leighis agus innealtóireachta ina bhfuil poist ar ardchaighdeán ar fáil do phobal na Gaeltachta. Beidh an Bord ag leanúint leis an tacaíocht a thugtar do na hearnálacha sin agus earnálacha eile nach iad, a bhfuil féidearthachtaí láidre fostaíochta iontu don Ghaeltacht, ar nós earnáil na n-acmhainní nádúrtha. Tá dul chun cinn suntasach déanta ó thaobh na pleanála teanga de agus formhór mór na bpleananna teanga á gcur i bhfeidhm anois sna Limistéir Phleanála Teanga. Is díol mórtais don Bhord dua agus díograis na nOifigeach Pleanála Teanga agus na nOifigeach Cúnta Pleanála Teanga agus iad i mbun a gcuid cúramaí. Tá lorg dearfach a gcuid oibre le feiceáil ar fud na Gaeltachta. Tá súil ag Údarás na Gaeltachta go mbeidh an obair thaighde atá ar siúl againn ar úsáid na Gaeilge i measc spriocghrúpaí tábhachtacha ar nós cliantchomhlachtaí agus an earnáil fáilteachais agus miondíola, ina chuidiú agus ina thacaíocht dóibh in 2023 agus sna blianta ina dhiaidh sin.”
Dúirt Catherine Martin T.D., an tAire Turasóireacht, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán:
“Cuirim fáilte roimh na torthaí dearfacha atá le sonrú sa Ráiteas. In ainneoin na ndúshlán is léir go bhfuil tionchar dearfach á imirt ag clár oibre an Údaráis ar ghnóthaí sa Ghaeltacht mar a bhaineann sé cúrsaí fiontraíochta agus fostaíochta – gan trácht ar na réimsí eile oibre atá idir lámha ag an Údarás le cúnamh an Státchiste.”
Dúirt an tAire Stáit Gaeltachta, Patrick O' Donovan, T.D.:
“Is ábhar dóchais an fás agus an fhorbairt atá le sonrú in ábhar an Ráitis seo. Táim ag tnúth le bheith ag obair le hÚdarás na Gaeltachta agus le heagraíochtaí Gaeltachta agus Gaeilge mar Aire Stáit don Ghaeltacht sa tréimhse atá amach romhainn.”