Pobal agus Inmharthanacht ag croílár Athfhorbairt Theach Gloine Chill Ulta

Ní neart go cur le chéile: beart de réir briathair ar an bhFál Carrach

13 Bealtaine, 2022

nóiméad léite

Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte mhór roimh sheoladh Athfhorbairt Theach Gloine Chill Ulta ar an bhFál Carrach, faoi stiúir Lárionad Acmhainní Nádúrtha CTR, eagraíocht a bhfuil an pobal agus an inbhuanaitheacht go smior ann. Beidh an teach gloine nua-athfhorbartha á sheoladh go hoifigiúil inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue.

Tá An Ghaeltacht Ghlas, forbairt inbhuanaithe an gheilleagair ghlais, sna cheantair Ghaeltachta ar cheann de na príomhspriocanna a leagtar síos i bPlean Stráitéiseach Údarás na Gaeltacha 2021-2025. Beidh an chomhpháirtíocht agus an comhoibriú idir Údarás na Gaeltachta agus fiontair shoisialta amhail an togra Chill Ulta ina bpríomhghnéithe chun an sprioc seo a bhaint amach.

Tá €250,000 infheistithe ag Údarás na Gaeltachta in aisfheistiú an tí ghlais, a chuimsíonn suíomh ar 1 acra. Lena chois sin, baineadh úsáid as ábhair athchursáilte mar chuid den athfhorbairt, cleachtadh atá ag teacht leis na prionsabail a bhaineann leis an inbhuanaitheacht agus leis an ngeilleagar ciorclach.

Tá taiscumair báistí, chomh maith le córás scagatháin gráinnín agus córas steiriliúcháin UV curtha isteach ag an LAN CTR, agus baintear úsáid as muirín as ábhar ó phróiséas táirgthe, aoileach a thagann ón bpobal, agus feamainn chun an chré a úsáidtear sa teach gloine a fhorbairt.

Is togra sóisialta é an Lárionad Acmhainní Nádúrtha CTR a bhfuil stádas carthanachta aige agus tá sé ag cur réitigh Éire-bhunaithe chun cinn maidir leis na dúshláin a bhaineann leis an athrú aeráide; le cuimsiú sóisialta; le díghrádú éiceolaíoch; leis an spleáchas ar allmhairiú táirgí talmhaíochta; agus leis an meath ar theanga, ar chultúr agus ar dhaonra sna ceantair Ghaeltachta. Go sonrach, tá an togra seo dírithe ar athnuachan eacnamaíochta agus cultúrtha i measc an phobail trí na nithe seo a leanas a chur chun cinn: feasacht éiceolaíoch, talmhaíocht agus gairneoireacht bhitheolaíocha, fuinneamh in-athnuaite, agus forbairt gheilleagar ciorclach.

Dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D. ag an seoladh:

“Is cúis áthais dom athfhorbairt an Tí Ghloine anseo i gCill Ulta ar an Fhál Carrach i nGaeltacht Dhún na nGall a sheoladh. Léiriú ar thiomantas Lárionad Acmhainní Nádúrtha maidir leis an inbhuanaitheacht, an pobal, an cultúr agus ó thaobh chúrsaí timpeallachta is ea an iomaí togra gairneoireachta atá ar bun acu, mar aon le taispeántas ar an dua a chaitheann siad chun modhanna traidisiúnta agus nua-aimseartha a chur chun cinn chun an talamh a chothú.”

Labhair Eithne Nic Lochlainn, Bainisteoir leis an Lárionad Acmhainní Nádúrtha, ar stair na dtithe gloine agus ar a mbeidh i ndán dóibh amach anseo:

“Táimid thar a bheith bródúil as an obair atáimid ag déanamh anseo i gCill Ulta, go háirithe an comhoibriú atáthar ag déanamh le heagrais eile, mar shampla, Mental Health Ireland agus lucht an tríú leibhéil, an tOllamh Fiona Doohan agus an réimse clár nuálaíochta atáthar ag tabhairt faoi. Tá an teach gloine anseo ó 1972 agus anois leathchéad bliain níos déanaí, tá sé in úsáid arís chun bia a fhás agus chun a léiriú go gcinntíonn modhanna traidisiúnta maidir le táirgeadh bia inbhuanaitheacht agus muid ag an am céanna ag cosaint na timpeallachta agus ag dul i ngleic le hathrú aeráide.”

Thréaslaigh Cathaoirleach Bhord an Údaráis Anna Ní Ghallachair le LAN CRT:

“Thar ceann Bhord Údarás na Gaeltachta déanaim comhghairdeas lenár gcliant Lárionad Acmhainní Nádúrtha CTR as an athfhorbairt nua seo ar an teach gloine atá suite ar an láthair seo ó na 1970idí. Tá sé iontach go bhfuil a gcuid iarrachtaí glasraí a fhás ag úsáid modhanna inmharthana agus athghiniúnacha, go háirithe agus cúrsaí athraithe aeráide ag baint linn ar fad sna blianta atá le theacht. Léiríonn na tograí taighde atá ar siúl anseo i gCill Ulta an bealach gur féidir le modhanna bainte nua-aimseartha agus traidisiúnta a thabhairt le chéile sa Ghaeltacht chun an timpeallacht a chosaint.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltacha, Mícheál Ó hÉanaigh, ag an ócáid:

“Beidh buntáistí na hinfheistíochta seo le feiceáil ar an bpláta. Ó thaobh táirgeadh bia dhe, baineann Teach Gloine Chill Ulta leas as cleachtaí a spreagann an inbhuanaitheacht agus a imríonn tionchar dearfach ar an timpeallacht, rud atá lárnach i togra stráitéiseach Údarás na Gaeltachta, ‘An Ghaeltacht Ghlas’. Tugann straitéis na Gaeltachta Glaise lámh chúnta agus tacaíocht do ghnólachtaí nuáil-bunaithe atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta, agus is sampla iontach é seo ar an gcineál tionscail atá ag forbairt teicneolaíochtaí nua agus cleachtaí oibre chun inbhuanaitheacht agus cumas fáis a chinntiú don am atá le theacht. Is ábhar bróid dúinn leanúint orainn ag obair i gcomhar le LAN agus táimid ag tnúth go mór le tuilleadh forbairtí sa tionscal sóisialta seo.”