Deiseanna d’athrú saoil agus ceirde ar fáil do phobal na Gaeltachta tar éis na paindéime

7 Feabhra, 2021

nóiméad léite

Os cionn 50 scoláireacht printíseachta ar fáil mar chuid de scéim de luach os cionn €200,000

 

Beidh deiseanna d’athrú saoil agus ceirde ann do dhaoine a raibh an-tionchar ag Paindéim COVID-19 orthu mar thoradh ar Scéim Scoláireachtaí Printíseachta Údarás na Gaeltachta 2021 a fógraíodh inniu.  Tá os cionn 50 scoláireacht printíseachta de luach níos mó ná €2,000 an ceann iad ar fáil ón eagraíocht chun tacú le daoine gur mian leo ceird a fhoghlaim nó tabhairt faoi shlí bheatha nua.

Mar gheall ar ghéarchéim COVID-19 is deis é seo do dhaoine slí bheatha nó ceird nua a fhoghlaim nó athoiliúint a fháil agus cáilíocht phrintíseachta atá aitheanta ag an gComhairle Phrintíseachta a bhaint amach.  Aithnítear na cáilíochtaí seo ag Leibhéal 6 agus os a chionn, go caighdeán céime de réir an chreat náisiúnta foghlama, DCCÉ (Dearbhú Cáilíochta & Cáilíochtaí Éireann/QQI).

 

Tá 12 earnáil éagsúil ag teacht faoin scéim agus 59 printíseacht ag baint leo sin, iad ar fad aitheanta ag SOLAS agus oscailte do phobal na Gaeltachta le líofacht i nGaeilge.

Seo a leanas na hearnálacha ina bhfuil Scoláireachtaí Printíseachta Údarás na Gaeltachta ar fáil:

·        Bithchógais; ·        Fáilteachas agus Bia;
·        Tógáil; ·        Teicneolaíochtaí Faisnéise;
·        Leictreach; ·        Lóistíocht;
·        Innealtóireacht; ·        Mótar;
·        Airgeadas; ·        Seirbhísí Réadmhaoine;
·        Gruaig; ·        Díolachán.

 

Cé go mbíonn an-tóir i gcónaí ar na ceirdeanna traidisiúnta mar phluiméireacht, siúinéireacht, meicníocht agus leictreoir, tá an-bhorradh tagtha faoi phrintíseachtaí nua-aoiseacha agus níos mó daoine ag tabhairt a n-aghaidh ar phrintíseachtaí Bithchógais, Innealtóireachta, Seirbhísí Airgeadais, Cuntasaíochta, Ríomhaireachta agus go leor eile.

 

Tá tacaíocht d’os cionn €2,000 ar fáil do chomhlacht/chonraitheoir atá toilteanach printíseach acu a fhostú i rith na tréimhse printíseachta.  An-bhuntáiste atá sa scéim seo do chomhlachtaí agus tá stair fhada ag cliantchomhlachtaí an Údaráis a bheith ag tacú le printísigh atá ag foghlaim a gceirde.  Tá Údarás na Gaeltachta ag reáchtáil na scéime seo ó na 1970idí agus ó shin i leith táthar ag tacú le hiarrthóirí Gaeltachta cáilíocht a bhaint amach in aon cheann de na Scéimeanna Printíseachta Caighdeánbhunaithe atá aitheanta ag SOLAS.  Faoi scoláireacht an Údaráis, tugtar cabhair airgid don phrintíseach agus don chomhlacht/chonraitheoir lena bhfuil an printíseach fostaithe ag céimeanna éagsúla le linn na printíseachta.

 

Ag labhairt di ag fógairt na Scéime Scoláireachta dúirt Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta Anna Ní Ghallachair

“Tá muid an-bhródúil as an scéim seo agus na daoine ar fad a bhfuil ceirdeanna éagsúla bainte amach acu le ceathracha bliain anuas.  Is léiriú é rath na scéime agus an stair fhada a bhaineann léi go bhfuil an-tóir uirthi agus an-suim ag daoine i gceirdeanna éagsúla, idir cheirdeanna traidisiúnta agus cheirdeanna nua-aoiseacha.”

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh:

Léiríonn an stair fhada atá ag an eagraíocht leis an scéim an tairbhe a fhaigheann muintir na Gaeltachta as.  Tá muid an-mhórtasach as an obair mhór atá curtha i gcrích ag an scéim ó na 1970idí go dtí an lá atá inniu ann agus go deimhin is iomaí duine a thosaigh amach ar phrintíseacht a bhfuil a ngnó féin acu anois.  Tá muid an-bhuíoch do na fostóirí agus na comhlachtaí ar fad a thacaigh le printísigh ar feadh na mblianta fada.  Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le SOLAS chomh maith as tacú linn i gcur chun cinn cúrsaí oideachais agus oiliúna sa nGaeltacht.”

 

Beidh glaoch reatha an Earraigh ar iarratais do Scéim Scoláireachtaí Printíseachta Údarás na Gaeltachta 2021 oscailte go dtí an 05/03/2021.

Tá an scéim scoláireachta oscailte do réimse leathan de phobal na Gaeltachta agus caithfidh iarrthóirí a bheith os cionn 16 bliain d’aois ar a laghad agus an scoil a bheith fágtha acu.

Is féidir le lucht spéise tuilleadh eolais maidir le critéir cáilithe na Scéime Scoláireachta seo agus foirm iarratais a líonadh ar líne ag https://udaras.ie/oiliuint-fostaiocht/oiliuint/#sceim-na-bprintiseach.

 

 

Eolas breise:

Scéim Scoláireachta do Phrintísigh – céard atá i gceist;

  • An Phrintíseacht Cheirde: (siúinéireacht, leictreach, pluiméireacht, plástráil, srl),
    Bronntar Sainteastas Ceardaíochta, le haitheantas Dearbhú Cáilíochta & Cáilíochtaí Éireann / QQI Uasteastas Leibhéal 6 orthu siúd a chríochnaíonn an cúrsa.Tá suas le 40 scoláireacht á dtairiscint do rannpháirtithe incháilithe ráthúla.

 

  • An Phrintíseacht Nua-aoiseach:
    Ón mbliain 2016, tá múnlaí nua á bhforbairt le freastal a dhéanamh ar na bearnaí scileanna atá aitheanta i réimsí oibre éagsúla ag brath ar gach earnáil. Faoin tráth seo tá 55 cúrsa printíseachta ar fad, le haitheantas iomlán agus faofa ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (10 gcúrsa sa mbreis ar an mbliain seo caite). Táthar ag cur leis an liosta i gcaitheamh an ama agus tá na sonraí ar fad le fáil in apprenticeship.ie.Tá suas le 10 scoláireacht á dtairiscint do rannpháirtithe incháilithe ráthúla.

 

Seo leanas an liosta iomlán den 59 printíseacht atá ar fáil faoi Scéim Scoláireachta Printíseachta Údarás na Gaeltachta 2021:

BITHCHÓGAIS (BIOPHARMA)   FÁILTEACHAS AGUS BIA  (HOSPITALITY & FOOD)
Anailísí Saotharlainne  (Laboratory Analyst) Búistéir (Butcher)
Teicneoir Saotharlainne  (Laboratory Technician) Chef de partie
TÓGÁIL (CONSTRUCTION) Commis Chef
Bríceadóireacht agus Obair Chloiche (Brick and Stonelaying) Sous Chef
Cearpantóireacht agus Siúinéireacht (Carpentry and Joinery)   TFC  (ICT)
Geo-Dhruileálaí (Geo-Driller) Ealaíontóir Teicniúil CGI  (Beochan, Cluichí, VFX) (CGI Technical Artist (Animation, Games, VFX)
Péinteáil agus Maisiúchán (Painting and Decorating) Cibearshlándáil (Cybersecurity)
Plástráil (Plastering) Innealtóir Líonra Comhlach (Network Engineer Associate)
Pluiméireacht (Plumbing) Forbróir Bogearraí Comhlach (Software Developer Associate)
Gearradh Cloch agus Saoirseacht Chloiche (Stonecutting and Stonemasonry) Teicneoir Innealtóireachta Teileachumarsáide agus Líonra Sonraí (Telecommunications and Data Network Technician)
Déantúsaíocht agus Bailchríochnú Adhmaid (Wood Manufacturing and Finishing)   LÓISTÍOCHT (LOGISTICS)
Leictreach (Electrical) Bainisteoir Lean Sigma (Lean Sigma Manager)
Meicnic Aerárthach (Aircraft Mechanics) Comhlach Lóistíochta (Logistics Associate)
Leictreach (Electrical) Comhlach Slabhra Soláthair (Supply Chain Associate)
Ionstraimíocht Leictreach (Electrical Instrumentation) Bainisteoir Slabhra Soláthair (Supply Chain Manager)
Córais Slándála Leictreonaí (Electronic Security Systems) Speisialtóir Slabhra Soláthair (Supply Chain Specialist)
Innealtóir Leictreach Tionsclaíoch (Industrial Electrical Engineer)   MÓTAR (MOTOR)
Ionstraimíocht Leictreach (Electrical Instrumentation) Meicnic Talmhaíochta (Agricultural Mechanics)
Cuisniúchán agus Aerchóiriúchán (Refrigeration and Air Conditioning) Feistiú Gléasra Tógála (Construction Plant Fitting)
INNEALTÓIREACHT (Engineering) Meicnic Feithiclí Troma (Heavy Vehicle Mechanics)
Bainistíocht Seirbhísí Innealtóireachta (Engineering Services Management) Meicnic Mótair (Motor Mechanics)
Crúdóireacht (Farriery) Deisiú Creatlach Feithiclí (Vehicle Body Repairs)
Insliú Tionsclaíoch (Industrial Insulation)   SEIRBHÍSÍ RÉADMHAOINE (PROPERTY SERVICES)
Innealtóireachta Déantúsaíochta (Manufacturing Engineering) Ceantálaíocht agus Seirbhísí Réadmhaoine (Auctioneering and Property Services)
Teicneolaíocht Déantúsaíochta (Manufacturing Engineering)   DÍOLACHÁN (SALES)
Uathoibriú Meicniúil agus Feistiú Cothabhála (Manufacturing Engineering) Maoirseacht Mhiondíola (Retail Supervision)
Oibriú Miotail (Metal Fabrication) Díolachán (Sales)
Innealtóir OEM (OEM Engineer)   CRANNADÓIREACHT (ARBORICULTURE)
Feistiú Píobáin (Pipefitting) Crannadóireacht (Arboriculture)
Teicneolaíocht Próiseála Polaiméirí (Polymer Processing Technology)   EARCAÍOCHT (RECRUITMENT)
Oibriú Miotail Leatháin (Sheet Metalworking) Feidhmeannach Earcaíochta (Recruitment Executive)
Príomhinnealtóir (Principal Engineer)   GRUAIG (Hair)
Uirliseoireacht (Toolmaking) Gruagaireacht (Hairdressing)
AIRGEADAS (Finance)    
Teicneoir Cuntasaíochta (Accounting Technician)
Cleachtóir Árachais (Insurance Practitioner)    
Comhlach Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta (International Financial Services Associate)
Speisialtóir Seirbhísí Idirnáisiúnta Airgeadais (International Financial Services Specialist)