Tairbhe mór faighte ag an tionscal as an €6.3 milliún a infheistíodh ann le deich mbliana anuas
Le deich mbliana anuas, d’infheistigh Ealaín na Gaeltachta, comhfhiontar idir Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon a chuireann forbairt na n-ealaíon comhaimseartha agus traidisiúnta chun cinn sna ceantair Ghaeltachta, os cionn €6.3 milliún sna ealaíona sa Ghaeltachta. Fograíodh é seo ag seoladh cheiliúradh deich mbliana Ealaín na Gaeltachta in Óstán an Chonnemara Coast, sna Forbacha aréir (Déardaoin 25ú Meán Fómhair).
Dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Pádraig Ó hAoláin go raibh tacaíocht suas le €1 milliún sa bhliain á tabhairt ag Ealaín na Gaeltachta do na healaíona i gcuideachta le cúnamh deontais ar leith bhreise ón Chomhairle Ealaíon agus ó Údarás na Gaeltachta do thograí áirithe.
“Bhí timpeallacht na n-ealaíon comhaimseartha réasúnta láidir sna ceantair Ghaeltachta nuair a bunaíodh Ealaín na Gaeltachta 10 mbliana ó shin ach bhí an t-infrastruchtúir a bhain leis lag go leor. Ní raibh creatlach láidir tacaíochta ann, bhí na healaíona traidisiúnta idir dhá cheann na meá agus bhí cuid mhór de na healaíontóirí agus na grúpaí ag feidhmiú neamhspleách ar a chéile. Deich mbliana ar aghaidh tá timpeallacht na n-ealaíon bríomhar, anamúil, agus éagsúil agus ag clúdach go leor réimse ealaíne. Go deimhin, cuireadh beocht úr i sna healaíon mar gur éirigh le Ealaín na Gaeltachta cuid mhór de na foirmeacha ealaíne, na nithe comhaimseartha agus na nithe traidisiúnta, nascadh le chéile. Chiallaigh sin chomh maith gur mealladh ealaíontóirí nua a bhí ag teacht chun cinn ar fud na tíre agus thar sáile fiú chuig geilleagar agus timpeallacht cruthaíoch uathúil na gceantar Gaeltachta.”
“Tá an amharclann phuipéad Fibín, atá á reáchtáil ag Mícheál Ó Dónaill agus Darach Ó Tuairisg ar cheann de na samplaí eiseamláireacha atá againn. Go dtí seo, tá ainmniúchán do Ghradaim Amharclainne an Irish Times mar aon le hainmniúchán Allianz Business to Arts buaite ag na puipéadóirí óga sin, a bhí ag staidéar faoi threoir chlann Henson tráth. Ansin, tá Ian Joyce agus Úna Hyland ann a tháinig as Béal Feirste le Ceardlann na gCnoc a bhunú i nDún na nGall, áit a bhfuil siad páirteach i roinnt de na tionscadail amharclannaíochta is spreagúla sa tír – tionscadail a bhfuil níos mó aitheantais idirnáisiúnta á fháil anois acu”, a dúirt sé.
“Agus ealaíontóirí idirnáisiúnta á lua againn, tá an damhsóir traidisiúnta Seosamh Ó Neachtain againn chomh maith, cé nach bhfuil sé ach sna tríochaidí, a bhfuil an damhsa ar an sean-nós curtha os comhair na sluaite ar fud na cruinne, mheall sé daoine óga chuig an fhoirm ealaíne sin atá uathúil dúinne agus chinntigh a marthanas ar an tslí sin. Is mór an sásamh dúinn go léir an tóir mór atá anois ar an fhoirm ealaíne seo ag daoine óga agus ag an bpobal i gcoitinne.”
“Is féidir le hEalaín na Gaeltachta a bheith an-bhródúil as an mhéid atá baint amach aici le deich mbliana anuas, ó thaobh tionscnaimh ealaíon nua a fhorbairt agus ó thaobh na tionscnaimh sin atá againn cheana a chaomhnú araon, nithe a bhainfidh na mílte daoine sult astu, cibé acu atá cúlú eacnamaíoch ann nó nach bhfuil. Sé an dúshlán atá anois romhainn ná tógáil ar a bhfuil déanta agus cur leis na háiseanna, na caighdeáin a ardú tuilleadh agus cur le hioncam na n-ealaíontóirí.”