Oícheanta eolais le reáchtáil ar fud na Gaeltachta i Meán Fómhair
Tá Údarás na Gaeltachta ag cur deiseanna nua ar fáil do chonraitheoirí oilte chun páirt a ghlacadh i gcomhaontuithe creata ilpháirtí réigiúnacha a chabhróidh le gnólachtaí áitiúla i gceantair Ghaeltachta.
Tá an tÚdarás ag lorg conraitheoirí cáilithe i gceithre earnáil:
Clúdóidh na comhaontuithe creata trí réigiún:
"Is é ceann de phríomhaidhmeanna an chreata seo ná an obair a choinneáil laistigh de phobail na Gaeltachta" a dúirt Cian Ó Donnchadha, Ceannasaí Maoine Údarás na Gaeltachta. "Léiríonn na comhaontuithe creata seo ár dtiomantas leanúnach do thacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí agus conraitheoirí áitiúla."
Roinntear na comhaontuithe creata ina lotaí do gach réimse oibre aitheanta, rud a sholáthraíonn deiseanna do chonraitheoirí de mhéideanna agus speisialtóireachtaí éagsúla ar fud na réigiún Gaeltachta.
Oícheanta Eolais:
Reáchtálfaidh an tÚdarás oícheanta eolais i bpearsa agus ar líne chun an próiseas iarratais a mhíniú. Beidh ionadaithe ó KSN agus ó Údarás na Gaeltachta i láthair chun an próiseas a phlé agus chun ceisteanna a fhreagairt ar na dátaí seo a leanas:
Moltar do chonraitheoirí freastal ar na seisiúin seo chun tuilleadh a fhoghlaim faoi na deiseanna agus na riachtanais iarratais.
Chun clárú d'oíche eolais seol ríomhphoist chuig eolas@udaras.ie