Údarás na Gaeltachta ag tacú le Clár Intéirneachta RTÉ/Raidió na Gaeltachta 2025

2 September, 2025

min read

Tá tacaíocht deontais curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta do RTÉ/Raidió na Gaeltachta chun cabhrú le feidhmiú a gcláir intéirneachta agus cláir oiliúna 2025. 

Léirigh clár 2024 rath suntasach. D'éirigh le hiar-rannpháirtithe poist a fháil mar thuairisceoirí le Nuacht RTÉ (TG4), leis an Irish Independent, agus mar Chomhordaitheoir Nuachta RTÉ, chomh maith le deiseanna sa phodchraoltóireacht agus le RTÉ Commercial. 

Tabharfar léargas sa clár ar réimsí éagsúla oibre RTÉ - obair léiriúcháin, raidió, teilifís, craoladh ar-líne, cúrsaí teicniúla agus riarachán. 

Mar chuid don clár oiliúna beidh na rannpháirtithe ag caitheamh seal le RTÉ i nDomhnach Broc, agus ansin ag oibriú in RTÉ Raidió na Gaeltachta agus le Nuacht RTÉ i gCasla, Baile na hAbhann agus sna Doirí Beaga. 

Gheobhaidh rannpháirtithe traenáil i réimse leathan scileanna gairmiúla lena n-áirítear iriseoireacht, podchraoltóireacht, eagarthóireacht, láithreoireacht, taighdeoireacht agus scileanna teicniúla. 

I mbliana tá Darren GillespieBláithín Keena agus Méin Nic Craith ag obair i Raidió na Gaeltachta, Nuacht RTÉ TG4 agus Cláracha Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Tá siad leathbhealach tríd an gclár intéirneachta cheana féin agus tá siad ag dul ó neart go neart. 

Chuir Príomhfheidhmeanach Údarás na Gaeltachta Tomás Ó Síocháin fáilte roimh na hintéirní i gcuideachta Ghearóid Mhic Dhonnacha, Ceannasaí Raidió na Gaeltachta, Kevin Burns ceannasaí RTE learn agus Joe Reddington, Ceannasaí Nuacht RTÉ, chuig oifigí an Údaráis. 

Dúirt urlabharaí ó Údarás na Gaeltachta: "Tá an comhpháirtíocht seo ag fás ó bhliain go bliain. Feicimid gur féidir le daoine óga barr feabhais a bhaint amach nuair a thugtar an deis cheart dóibh. Sin díreach an méid atá ag tarlú anseo - daoine óga ag tógáil a ngairme beatha trí mheán a dteanga dhúchais."