Maoiniú ó Údarás na Gaeltachta do phost nua Chomhordaitheora Tithe Folmha sa Ghaeltacht

30 January, 2026

min read

Tá áthas ar Údarás na Gaeltachta a chur in iúl go bhfuil sé ag maoiniú post nua Chomhordaitheoir ar Thithe Folmha sa Ghaeltacht i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Mhaigh Eo. Tabharfaidh an ról nua seo aghaidh ar cheann de na dúshláin is mó atá roimh phobail Ghaeltachta, easpa tithíochta inacmhainne.

Ceapadh Colm MacEachmharcaigh mar an chéad Chomhordaitheoir ar Thithe Folmha sa Ghaeltacht. Beidh sé fostaithe ag Comhairle Contae Mhaigh Eo agus oibreoidh sé i gcomhpháirtíocht le Comhairlí Contae ar fud na Gaeltachta chun deiseanna a aimsiú i ngach ceantar Gaeltachta.

De réir staitisticí ó Dhaonáireamh 2022, tá thart ar 6,160 teach folamh sna ceantair Ghaeltachta, 11% den stoc tithíochta iomlán, atá níos airde ná an meán náisiúnta de 8%. Léiríonn na figiúirí freisin go bhfuil 9,609 teach samhraidh sna ceantair chéanna.

I Maigh Eo féin, tá 817 teach folamh (13%) agus 1,304 teach samhraidh (21%) sna ceantair Ghaeltachta. Tá an dúshlán is mó i nDún na nGall, áit a bhfuil 2,140 teach folamh (12%) agus 4,484 teach samhraidh (27%), 7.7% de thithe uile an chontae.

Ag labhairt faoin gceapachán, dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:  "Ní féidir deiseanna fostaíochta atá ann cheana féin i gceantair Ghaeltachta a líonadh mar gheall ar an easpa tithíochta. Is constaic é freisin dóibh siúd ón nGaeltacht, dóibh siúd a bhfuil ceangail teaghlaigh acu leis an nGaeltacht agus do chainteoirí Gaeilge ar mian leo cónaí san áit ar teanga an phobail í an Ghaeilge. Táimid ag súil go mór le bheith ag obair le Colm agus leis na Comhairlí Contae chun deiseanna nua a aimsiú."

Dúirt Marion Ní Chadhain, Bainisteoir Inbhuanaitheachta agus Cláir Straitéiseacha Údarás na Gaeltachta: "Tá áthas orainn tacaíocht a thabhairt don phost tábhachtach seo. Tá an cheist tithíochta lárnach d'fhás inbhuanaithe na Gaeltachta. Trí thithe folmha a thabhairt ar ais i seilbh, is féidir linn pobail a neartú, líon na gcainteoirí Gaeilge a mhéadú, agus todhchaí na Gaeltachta a dhaingniú. Táimid ag súil le comhoibriú le Colm agus leis na Comhairlí Contae chun deiseanna nua a aimsiú agus tionchar dearfach a dhéanamh."

Príomhdhualgas an Chomhordaitheora

I measc na bpríomhdhualgas atá ar Colm MacEachmharcaigh:

Tuiscint a léiriú ar an gcomhthéacs cultúrtha agus teanga, leis an nGaeilge mar thosaíocht.

Maoin chónaithe fholamh a aithint agus eolas a scaipeadh faoi na buntáistí a bhaineann le tithe folmha a úsáid arís.

Teagmháil agus caidreamh a chothú le húinéirí maoine.

Deiseanna a aimsiú agus a mheas i ngach ceantar Gaeltachta, comhoibriú le húdaráis áitiúla agus eagraíochtaí pobail.

Páirt a ghlacadh sa líonra náisiúnta d'Oifigigh Tithe Folmha.

Monatóireacht a dhéanamh ar thionchar inbhuanaitheachta an phobail, ar an ngeilleagar áitiúil agus ar chaomhnú na Gaeilge.

Plean Oibre 2026

Tá clár oibre cuimsitheach leagtha amach ag Colm don bhliain 2026, lena n-áirítear:

Feachtais le heagraíochtaí forbairt pobail.

Cás-staidéir áitiúla.

Measúnú ar dheiseanna tithe folmha sna ceantairí Ghaeltachta.

Líonrú leis na hoifigigh Tithe Folmha eile.

Spriocanna a shocrú maidir le líon tithe folmha agus deontais.

Suirbhé cuimsitheach Glór an Ghaeltacht a chur chun cinn agus ionchur ar pholasaithe náisiúnta.

Beidh Colm ag obair i gcomhar le Comhairlí Contae ar fud na Gaeltachta, lena n-áirítear Dún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Ciarraí, Corcaigh, Port Láirge agus an Mhí.

Is féidir le húinéirí tithe folmha agus baill an phobail teagmháil a dhéanamh le Colm MacEachmharcaigh ag cmaceachmharcaigh@MayoCoCo.ie. Tá scéimeanna tacaíochta, lena n-áirítear an scéim Croí Cónaithe agus an Deontas Athchóirithe Réadmhaoine Folamh, ar fáil chun athchóiriú a dhéanamh ar thithe folmha. Is é an aidhm ná tithe a líonadh, deiseanna a aimsiú, agus uimhreacha a mhéadú sa Ghaeltacht.