Dara Calleary, TD, ag Seoladh Suirbhé Náisiúnta Tithíochta Gaeltachta i mBaile an Fheirtéaraigh

5 March, 2026

min read

Sheol Dara Calleary, TD, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta suirbhé náisiúnta ar riachtanais tithíochta sa Ghaeltacht inniu ag ócáid speisialta i mBaile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí. Tharla an seoladh ag togra tithíochta nuálaigh a fuair maoiniú le déanaí ó Údarás na Gaeltachta; ceithre thigh leathscoite trí stór a tógadh le cabhair deontais caipitil €274,500 a ceadaíodh do Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teoranta (CFCD Teo.).

Tá an suirbhé nua seo (Líon an shuirbhé anseo) á eagrú ag Údarás na Gaeltachta chun tabhairt faoi mheasúnú cuimsitheach ar riachtanais tithíochta ar fud na Gaeltachta. Iarrtar ar phobail Ghaeltachta, ar eagrais phobail, ar úinéirí tithe agus ar dhaoine aonair a dtuairimí a roinnt, chun bonn eolais a chur faoi bheartas tithíochta amach anseo a fhreastalóidh ar riachtanais ar leith na gceantar Gaeltachta.

Tá Údarás na Gaeltachta ag tacú le Comhairlí Contae agus geallshealbhóirí eile cur le soláthar tithíochta sa Ghaeltacht do dhaoine le Gaeilge. Chuige sin, is deis é an suirbhé seo do dhaoine atá ag iarraidh bheith ag cur fúthú i gceantar Gaeltachta é sin a chur in iúl.

Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an tAire Dara Calleary:

"Tabharfaidh an suirbhé seo deis do gach duine a bhfuil baint acu leis an gceist a rá linn go díreach céard iad na riachtanais atá acu. Ní féidir beartas éifeachtach a cheapadh gan an t-eolas sin a bheith againn.

Tá an togra anseo i mBaile an Fheirtéaraigh ina shampla iontach den mhéid is féidir a bhaint amach nuair a bhíonn an rialtas agus na pobail ag obair as lámha a chéile. Comhghairdeas le CFCD Teo. agus le hÚdarás na Gaeltachta as an obair iontach seo."

Tá togra CFCD Teo. ina fhreagra díreach ar ghéarchéim na lóistíneachta atá ag cur as do choláistí samhraidh Gaeilge sa cheantar. In 2024, bhí liosta feithimh de 1,300 duine óg nach bhféadfaí freastal orthu toisc easpa lóistín.

Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

“Léiríonn an togra i mBaile an Fheirtéaraigh go bhfuil bealaí nuálacha ann chun dul I ngleic le géarchéim na tithíochta sa Ghaeltacht. Bealaí ina n-oibríonn tithíocht, teanga agus pobal as lámha a chéile.  Tá sé tábhachta an suirbhé seo a chomhlánú mar beidh an t-eolas seo ina chuidiú chun beartas tithíochta níos fearr don Ghaeltacht a aimsiú”

Ligfear na tithe ar cíos le daoine a choinneoidh foghlaimeoirí Gaeilge, agus bainfidh coinníollacha daingne teanga leis an togra ar fad.

Tá an suirbhé ar oscailt do gach duine ar spéis leo tithíocht Ghaeltachta; áitritheoirí, eagrais phobail, fostóirí agus lucht gnó. Is féidir an suirbhé a chomhlánú ar líne ag

NASC Líon an shuirbhé anseo . Beidh an suirbhé ag dúnadh ar an 17ú Aibreáin 2026. 

Tá sé i gceist ag Údarás na Gaeltachta an t-eolas seo a roinnt leis na Comhairlí Contae agus eagraíochtaí eile atá ag tacú le soláthar tithíochta sa Ghaeltacht.