Clár Cumasú na Bliana Seo Tagtha Chun Críche

31 March, 2023

min read

Inniu in Óstán Chois Fharraige, a reáchtáladh comóradh ar mhná Gaeltachta i mbun gnó, agus clabhsúr á chur ar an gcéad chlár píolótach do mhná Gaeltachta i mbun fiontraíochta, CUMASÚ. Is comhpháirtnéireacht é CUMASÚ idir Údarás na Gaeltachta agus EMPOWER, clár fiontraíochta do mhná atá á reáchtáil tríd moil nuálaíochta Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh ó 2017.

Bhí mná as chuile réimse de shaol gnó na Gaeltachta i láthair, agus bhí deis le linn na hócáide éisteacht le cuid de mhná ceannródaíocha na Gaeltachta agus iad ag déanamh cur síos ar an t-aistear a bhí acu go dtí seo.

Labhair Siobhán Ní Chofaigh, bunaitheoir an chomhlachta Mint-Tek agus Evelyn O’ Toole, bunaitheoir agus Príomhfheidhmeannach CLS Teo., chomh maith le cuid de na mná a ghlac páirt sa gcéad chlár píolótach seo, faoin dtaithí féin i mbun gnó.

Roimhe sin, in ardoifig Údarás na Gaeltachta, bhí 13 bean as Gaeltacht na Gaillimhe agus Mhaigh Eo a ghlac páirt sa gcéad chlár CUMASÚ in iomaíocht lena chéile agus iad ag cur a gcuid tograí nua gnó i láthair moltóirí in Údarás na Gaeltachta, mar chríoch ar an gclár. Bhí deis ag gach bean 5 nóiméad de chur i láthair a dhéanamh agus ceisteanna a fhreagairt ansin ó phainéal moltóirí.

Bhí an bua inniu ag an bhfiontraí Margaret Leahy, atá lonnaithe i mBaile na nAbhann i nGaeltacht Chonamara lena togra Artisan Food Tours. Bhuaigh sise an duais as an cur i láthair is fearr.

Ag tagairt don leas a bhain siad as an gcúrsa, dúirt sise: “D’fhoghlaim mé an oiread ar an gcúrsa seo faoin tábhacht atá le taighde a dhéanamh ar chustaiméirí.”

D’aontaigh Emily Lavelle as Acaill, a dúirt: “Bhí na léachtanna thar barr agus d’fhoghlaim mé faoin gcaoi leis an togra atá idir lámha agam a bhriseadh síos ina phíosaí agus tabhairt faoi go córasach, céimiúil.”

Ba é an tAire Stáit sa Roinn Fiontair Trádála agus Fostaíochta, Dara Calleary T.D. a bhronn na teastais ar na rannpháirtithe.  Dúirt seisean: “B’iontach an deis a bhí ann do na mná atá anseo inniu páirt a ghlacadh sa gclár CUMASÚ. Tá tábhacht nach beag leis seo don eacnamaíocht níos leithne freisin. Tá se rí-thabhachtach dúinne sa rialtas, go dtugtar gach tacaíocht do mhná agus iad ag iarraidh gnó a fhorbairt, ar mhaithe le fás eacnamúil agus sóisialta iarthar na hÉireann. Tréaslaím leis na mná seo inniu, agus le Údaras na Gaeltachta agus EMPOWER as an gcomhoibriú a thug an clár seo ar an bhfód. “

Dúirt cathaoirleach sealadach Údarás na Gaeltachta , Mary Uí Chadhain: “Óna gcuid oibre sna pobail Ghaeltachta, chonaic an tÚdarás go raibh gá díriú go sonrach ar mhná a bhí ag iarraidh dul i mbun gnó agus is as sin a d’eascair an comhpháirtíocht seo idir Údarás na Gaeltachta agus EMPOWER. Is ardú croí domsa inniu é na mná Gaeltachta seo a fheiceáil cruinnithe le chéile, idir mná atá ag plé le cúrsaí gnó agus fiotraiochta le fada agus na mná agus atá ag tosaí amach ar a n-aistear. Tá mé cinnte go mbeidh muid ábalta tógáil ar an méid atá ar siúl anseo inniu againn agus leanacht orainn ag tacú le mná a bhfuil smaointe gnó fiúntracha acu, agus dá réir, ag tacú le pobal na Gaeltachta.”

Dúirt Maria Staunton comhordaitheoir an chláir EMPOWER: ‘Tá muid thar a bheith sásta go ndeachaigh muid i mbun an chéad chláir CUMASÚ seo i gcomhair le Údarás na Gaeltachta. 15 bean a ghlac páirt sa gclár agus bhí 13 acu sin linn inniu. Tá go leor oibre déanta ag na mná seo le 12 seachtainí, agus iad i mbun taighde margaíochta agus ag iarraidh a chinntiú go bhfuil téagar lena gcuid smaointe gnó. Inniu, ta muid ag iarraidh misneach a thabhairt dóibh a gcuid tograí a chur i láthair agus go dtabharfadh an próiseas sin cúnamh dóibh forbairt a dhéanamh ar a gcuid scileanna agus ar a gcuid misnigh. Tá comhoibriú agus cur aithne ar a chéile lárnach sa gclár CUMASÚ freisin agus ta a fhios agam go mbeidh na mná seo ag tacú lena chéile amach anseo agus iad ag dul i ngleic le deiseanna agus dúshláin an tsaoil gnó.”