Údarás na Gaeltachta welcomes an additional capital allocation of € 8m as part of the Government's Jobs Incentive Program

24 July, 2020

min read

Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair

Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte chroíúil roimh fhógra an Aire Catherine Martin, T.D., agus an tAire Stáit Jack Chambers, maidir le hallúntas breise caipitil de €8m atá ceadaithe d’Údarás na Gaeltachta mar chuid den gClár Spreagtha Post atá fógartha ag an Rialtas.

 

Údar misnigh é an t-aitheantas seo don obair thábhachtach atá ar siúl ag Údarás na Gaeltachta maidir le forbairt eacnamaíoch na Gaeltachta agus an obair atá ar siúl le pobail Ghaeltachta a bhuanú agus a threisiú

Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta

Tá an t-allúntas caipitil breise á cheadú chun clár athchóirithe a chur i gcrích ar spáis monarchan áirithe agus infreastruchtúr riachtanach eile atá in úinéireacht na heagraíochta. Cuirfidh an t-allúntas breise seo ar chumas Údarás na Gaeltachta uasghrádú a dhéanamh ar fhoirgnimh chun cur leis an maoin, ar chaighdeán cuí, a bheidh ar fáil chun tacú le gnóthaí a bhunú sa Ghaeltacht nó a mhealladh chun na Gaeltachta. Meastar go bhféadfadh na hoibreacha seo tacú le suas le 320 post go fadtéarmach agus níos mó ná 60 post tógála thar thréimhse na forbartha. Ciallaíonn an t-allúntas breise seo go mbeidh buiséad iomlán caipitil de €18m ar fáil d’Údarás na Gaeltachta in 2020, buiséad atá lárnach do straitéis na heagraíochta maidir le forbairt na fiontraíochta sa Ghaeltacht.

Le cois an allúntais chaipitil, tá suim bhreise de €250,000 curtha ar fáil d’Ealaín na Gaeltachta chun sparánachtaí nua a bhronnadh ar ealaíontóirí Gaeltachta agus chun na healaíona a chur chun cinn i scoileanna Gaeltachta.

Dúirt Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta,

“Thar ceann Bhord Údarás na Gaeltachta cuirim fáilte roimh fhógra an lae inniu a chuireann buiséad caipitil breise de €8m ar fáil don eagraíocht i mbliana. Údar misnigh é an t-aitheantas seo don obair thábhachtach atá ar siúl ag Údarás na Gaeltachta maidir le forbairt eacnamaíoch na Gaeltachta agus an obair atá ar siúl le pobail Ghaeltachta a bhuanú agus a threisiú. Tá tábhacht ar leith ar baint le cúrsaí ealaíona i rith na tréimhse seo agus cuirfidh an maoiniú breise ar chumas Ealaín na Gaeltachta tacú le healaíontóirí Gaeltachta agus chun na healaíona dúchasacha a chur i gcroílár na scoileanna Gaeltachta.”

Deir Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta,

“Cuireann muid fáilte chroíúil roimh fhógra na nAirí Martin agus Chambers go bhfuil ciste suntasach caipitil breise ar fáil anois chun tacú le dlús a chur lenár gclár forbartha fiontraíochta agus le fostaíocht sa Ghaeltacht a bhuanú agus a fhás i rith na tréimhse eisceachtúil seo. Beidh réimse leathan d’oibreacha caipitil, uasghrádú foirgnimh agus bunstruchtúir riachtanacha á gcur i bhfeidhm tríd an t-allúntas breise atá ceadaithe inniu. Tacóidh an t-infreastruchtúr feabhsaithe seo linn leis na spriocanna uaillmhianacha fostaíochta atá leagtha síos againn don Ghaeltacht a bhaint amach.”