Údarás na Gaeltachta Board Meeting held at Oireachtas na Gaeilge 2019 in Dublin

1 November, 2019

min read

Cruinniú Boird d’Údarás na Gaeltachta tionólta ag Oireachtas na Gaeilge 2019 i mBaile Átha Cliath.

Tionóladh Cruinniú Boird d’Údarás na Gaeltachta mar chuid d’fhéile Oireachtas na Samhna in óstán an Citywest i mBaile Átha Cliath ar an Aoine 01/11/19 mar a dhéantar go bliantúil.

 

Tacaíocht do 73 post nua ceadaithe le hinfheistíocht de €4.43m i gcomhlachtaí Gaeltachta

Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta líon tograí inniu ina mbeidh 73 post nua lánaimseartha á gcruthú iontu agus infheistíocht os cionn €4.43M ag baint leo nuair atá na tograí sin faoi lán seoil. Is le tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí Gaeltachta i gCo. Dhún na nGall agus i gCo. na Gaillimhe is mó a bhain na tograí a bhfuil fostaíocht nua le cruthú iontu chomh maith le tograí i gCo. Mhaigh Eo agus Co. Chorcaigh chomh maith.

 

Comhchruinniú idir Bord Údarás na Gaeltachta agus Bord Fhoras na Gaeilge

Tionóladh comhchruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta agus Bord Fhoras na Gaeilge den dara huair ag Oireachtas na Samhna 2019 in Óstán an Citywest i mBaile Átha Cliath.

Chuir Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta Anna Ní Ghallachair agus Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge Pól Ó Gallachóir fáilte roimh bhaill an dá bhord agus feidhmeannaigh na n-eagraíochtaí. Tugadh léargas chuimsitheach ar an obair atá ar siúl ag an dá eagraíocht agus na réimsí ina bhfuil deiseanna comhoibrithe idir an dá eagraíocht. Tá obair comónta ar siúl ag an dá eagraíocht i réimse na pleanála teanga agus comhoibriú ar siúl dá réir. Déanadh cur síos iomlán ar an dul chun cinn atá á dhéanamh le réiteach pleananna teanga i limistéir pleanála teanga agus bailte seirbhísí Gaeltachta. Cuireadh eolas ar fáil maidir leis an gcomhoibriú atá ar siúl i gcúrsaí foilsitheoireachta agus foclóireachta na Gaeilge chomh maith le hOidhreacht Cholmcille.

Déanadh plé oscailte ar ábhair a bhain le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta chomh maith le deiseanna comhoibrithe agus forbartha idir an dá eagraíocht. Aontaíodh go ndéanfaí ócáid bhliantúil don chomhchruinniú idir an dá bhord.

 

 

Mol Digiteach gteic agus Ionad Nuálaíochta don óige le forbairt i gCeantar na nOileán i gConamara

Mar chuid do fhás an ghréasáin gteic, gréasán digiteach na Gaeltachta, cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta soláthar caipitil de €35,000 ag a gcruinniú inniu (01/11/19) chun mol digiteach gteic agus ionad nuálaíochta óige a bhunú i gCeantar na nOileán i gConamara.

 

Is i bhfoirgneamh Muintearas Teoranta ar Pháirc Ghnó Thír an Fhia, Leitir Móir a bheidh an t-ionad de thart ar 199 méadar cearnach lonnaithe agus forbrófar ionad nuálaíochta óige i gcomhar le TechSpace, an Roinn, Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Muintearas. Is tionscnamh náisiúnta é TechSpace a thugann deiseanna do dhaoine óga a bheith cruthaitheach in úsáid na teicneolaíochta.

Beidh suas le 12 spás oibre ar fáil i gteic@Ceantar na nOileán agus beidh fáil ar áiseanna cruinnithe, ceaintín agus fáiltithe. Is iad Muintearas Teo a bheidh ag bainistiú an aonaid thar cheann Údarás na Gaeltachta.

 

Beidh an tIonad seo ar cheann de 31 Mol Digiteach atá á fhorbairt ag Údarás na Gaeltachta ar fhad Shlí an Atlantaigh Fhiáin chomh maith leis An Rinn agus Ráth Chairn. Tá sé mar chuid lárnach de straitéis an Údaráis go mbeadh gréasáin de mhoil dhigiteach forbartha trí na Gaeltachtaí éagsúla chun cabhrú le nithe mar cur chun cinn fiontraíochta agus nuálaíochta agus chun deiseanna cianoibre sna réigiúin seo a éascú. Tá ocht gcinn de mhoil gteic oscailte faoi láthair ar fud na Gaeltachta agus súil go mbeidh 15 moil oscailte roimh dheireadh na bliana nó go luath i 2020.