RÁITEAS TOSAIGH ÚDARÁS NA GAELTACHTA:
Ráiteas Tosaigh Údarás na Gaeltachta do Chomhchoiste Gaeilge an Oireachtais an Mháirt 24ú Meitheamh 2025
A Chathaoirligh agus a theachtaí agus a seanadóirí, ba mhaith liom ar an gcéad dul síos mo bhuíochas a chur in iúl as an deis a fháil teacht i bhur láthair agus cur síos a dhéanamh ar ‘Clár Oibre agus Tosaíochtaí Údarás na Gaelachta’. Tomás Ó Síocháin is ainm dom agus tá sé de phribhléid agam bheith mar Phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta.
Is áisíneacht stáit í Údarás na Gaeltachta a bunaíodh i 1980. Tá éabhlóid déanta ar chúramaí an Údaráis agus mar atá fhios agaibh tá reachtaíocht os comhair na Dála seo go mbeidh tionchar aige sin air chomh maith céanna. É sin ráite áfach, is é caomhnú agus láidriú na Gaeilge mar theanga bheo, le cois í a thabhairt mar oidhreacht don gcéad ghlúin eile an bunchuspóir atá ag Údarás na Gaeltachta. Is féidir obair na h-eagraíochta a chuimsiú faoi thrí philéir; Fiontraíocht agus Fostaíocht, Forbairt Pobail agus Pleanáil Teanga. Le mo thaobh tá an triúr Stiúrthóir go bhfuil na cúramaí sin roinnte eatarthu:
Déanfaidh mé cur síos gonta ar an gClár Oibre reatha faoi na stiúrthóireachtaí sin.
Forbairt Réigiúnach, Forbairt Pobail agus Pleanáil Teanga – Tá 28 Plean Teanga in áit le 33 Oifigeach Pleanála Teanga fostaithe. Is cabhair é ráiteas an Aire Byrne go mbeidh na pleananna sin ag leanúint ar aghaidh ar feadh seacht mbliana eile agus is léir don Údarás ó aiseolas an phobail go bhfuil ag éirí leis na pleananna sin. Tá Anailísí Polasaí Teanga fostaithe ag an Údarás a bheidh ag tosnú an mhí seo chugainn chun cur le táscairí feidhmíochta na h-oibre sin.
Trasna na Gaeltachtaí ar fad bhí 2,214 páiste ag freastal ar 135 seirbhís luathbhlianta ag deireadh 2024. Bhí os cionn céad – 104 duine fostaithe faoi Scéim na gCúntóirí Teanga agus 36 club óige faoi chúram Mhuintearas fo-chomhlacht do chuid an Údaráis. Tá 88 teagascóir fostaithe ag fo-chomhlacht eile, Ealaíon na Gaeltachta atá ag tacú 4,983 duine óg atá ag foghlaim ceol dúchasach trí Ghaeilge.
Tá tionchar ollmhór ag an 33 eagraíocht forbartha pobail atá á mhaoiniú ag Údarás na Gaeltachta ar shaol laethúil mhuintir na Gaeltachta – ag cur seirbhísí ar fáil ag tapú deiseanna nuálaíochta agus glasa agus le cabhair an 287 duine atá fostaithe ag na h-eagrais forbartha pobail atá mar eiseamlár náisiúnta i leith na forbartha pobail agus úsáid na Gaeilge. Lena chois sin, tá díreach faoi bhun míle duine (998) ar Scéimeanna Fostaíochta Pobail go bhfuil rian a gcuid oibre le feiceáil ar bhonn laethúil fud fad na Gaeltachta.
Fiontraíocht, Fostaíocht agus Inbhuanaitheacht – Bhi 9,743 duine fostaithe i gcliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta ag deireadh 2024 agus chruthaigh na comhlachtaí sin 217 post ina iomláine anuraidh. Baineadh amach díolacháin iomlán do €1.098 míle milliún euro sa bhliain 2024, an figiúr is airde i stair Údarás na Gaeltachta. Rinne na comhlachtaí sin easpórtáil de luach €658m agus íocadh párolla de luach €222m le fostaithe na gcomhlachtaí sin ina iomláine; toradh suntasach ar infheistíocht an cháiníocóra. Tá borradh ar leith faoi fhiontraíocht na mban, tá 41 rannpháirtí ar an gclár CUMASÚ faoi láthair, 150 ina iomláine, agus céim a h-aon TÚS agus céim a dó FÁS ar fáil anois ó Dhún na nGall go Port Láirge.
Tá 465 duine ag obair sa 29 gteic nó mol digiteach atá forbartha fud fad na Gaeltachta, agus osclófar gteic i mBaile na Finne, Oileán Thóraigh, Baile an Sceilg i mbliana agus Campas Íosagáin i 2026. Tá ról fógartha mar Cheannasaí an Ghréasáin faoi láthair agus beidh cúram forbartha an ghréasáin ar an duine sin. Tá imeachtaí agus deiseanna oiliúna ag tarlú sna gteiceanna ar bhonn leanúnach agus tagann ardú ar líon na n-úsáideoirí i rith an tsamhraidh a thugann deis do dhaoine tréimhse níos faide a chaitheamh sa Ghaeltacht.
Seirbhísí Chorporáideacha agus Maoin – Tá 500 áitreabh tráchtála chomh maith le díreach faoi bhun míle heicteáir talún faoi chúram an Údaráis. Imríonn an punann maoine sin ról suntasach i bhforbairt agus buanú obair an Údaráis. Tá tograí suntasacha idir láimhe faoi láthair chomh maith; Campas Íosagáin, Ionad Oideachais agus Óige, Indreabhán, Ionad Mhaigh Cuilinn, uasghrádú ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair agus don gcliantchomhlacht Kelsius ar an bhFál Carrach. Tá an obair sin agus obair eile leanúnach ar bun in iarracht cur le inbhuanitheacht an phunainn trí chéile. Tá tograí suntasacha ar bun in Árainn agus ar Oileán Cléire i bpáirt le Fáilte Éirinn, maraon le togra turasóireachta comhaoinithe le Roinn na Gaeltachta i gCarna: Ionad na nImirceach.
Tá uasghrádú déanta ar chórais inmheánacha an Údaráis. Tá córas nua airgeadais in áit le bliain anuas agus tá feabhas tagtha ar na próiseas a bhaineann le íocaíochtaí agus deontais agus bainistiú léasanna mar thoradh air sin. Tá obair mhór déanta ar chíbearshlándáil agus córais uasdátaithe theicneolaíocht na faisnéise in áit. Tá obair mhór á dhéanamh ar sheirbhís do chliaint an Údaráis, in iarracht freastal pras cuimsitheach a dheánamh ar an bpobal.
A chairde, is tráthúil an deis é seo an clár oibre a chur os bhur gcomhair. Tá an straitéis reatha ag teacht chun deireadh i mbliana, agus tá tús curtha leis an obair ar straitéis nua a ullmhú don gcúig bliana amach romhainn. Roinnfidh mé, sa chomhthéacs sin, cuid do na deiseanna agus dúshláin atá ábharach don bplé sin agus obair an Údaráis as seo go 2030.
An Ghaeilge agus an Intleacht Shaorga – Tá cur síos déanta ar an obair atá ar bun i leith na Pleanála Teanga. Is fiú go mór an deis agus an dúshlán a bhaineann le forbairt na h-intleachta shaorga don teanga. Tá ré na h-intleachta shaorga linn, rud a fhágfaidh go mbeidh sí fréamhaithe i mórán chuile ghné den saol oibre sna blianta beaga atá amach romhainn. Tá uirlisí uile na teicneolaíochta sin á bhforbairt agus faoi thionchar oiliúna an Bhéarla i láthair na huaire. Tá deis stairiúil anois ann bunchloch láidir a leagan síos don Ghaeilge sa ré sin, do phobal na Gaeilge, do phobal na Gaeltachta agus thar aon dream eile, do aos óg na Gaeltachta agus na glúinte atá le teacht. Gan an obair seo, tá baol suntasach ann nach mbeidh an Ghaeilge ábhartha mar theanga in earnálacha oibre éagsúla amach anseo.
Tá obair ar bun ag Údarás na Gaeltachta le h-os cionn bliain anuas ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar an dúshlán ollmhór seo. Cuireadh dréacht cháipéis ar obair an Údaráis os comhair Bhord an Údaráis ar an Aoine seo caite agus tá áthas orm an cháipéis sin a roinnt le comhaltaí an Chomhchoiste inniu le cur síos a dhéanamh ar an obair atá ar bun agus bhur n-ionhcur agus aiseolais a fháil i leith an fhorbairt shuntasach seo.
Tá trí mhór ghníomh i gceist:
Fuinneamh ghlas, infreastruchtúr, pleanáil agus teacht aniar aeráide – Ag a naoi a chlog ar maidin 24ú Éanair na bliana seo, chruthaigh Stoirm Éowyn tonn os cionn fiche méadair ar airde – arb ionann é sin agus fad chúirt leadóige nach mór. Rinne an stoirm damáiste forleathan, ach rinne an stoirm damáiste a d’fhéadfadh a bheith marfach i gConamara. Fágadh na mílte gan cumhacht, gan uisce, agus gan aon mhodh cumarsáide. Ar an dtaobh eile, is léiriú é cumhacht na stoirme ar na h-acmhainní nádúrtha fuinnimh atá ar leic an dorais ag ceantair Gaeltachta.
Ní mór, mar thús buntáiste na n-acmhainní nádúrtha a chur i dtreo an phobail, mar fhuinneamh pobail, nó len’é a úsáid ar mhaithe le fostaíocht agus fiontraíocht a mhealladh chuig ceantracha imeallacha. Ní mór an deis a thapú ceantracha Gaeltachta a bheith mar limistéir nuálaíochta ina bhfuil buntáiste an fhuinnimh ag cruthú ioncaim do fhorbairt pobail, fáilte a chur abhaile rompu siúd atá ar imirce agus iad siúd go bhfuil fonn orthu bogadh chun na Gaeltachta agus oiliúnt a chur ar aos óg na Gaeltachta ar na h-acmhainní nádúrtha agus na deiseanna atá ann mar oidhreacht dóibh.
Tá tacaíocht an phobail ríthábhachtach do obair Údarás na Gaeltachta. Ainneoin go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh agus forbairt ag tarlú, tá dúshlán de shíor ann cead pleanála a fháil.
Tá tograí suntasacha i ngreim ag an dúshlán pleanála; mar shampla Páirc na Mara i gCill Chiaráin, ainneoin go bhfuil fostaíocht cruthaithe agus forbairt ag tarlú ar an gCrompán i gCárna, tá €1.2m caite go dáta ag iarraidh an togra uaillmhianach sin a thabhairt go ceann scríbe. Cuireann an easpa cinnteachta faoin bpleanáil agus an costas dá bharr go mór leis an dúshlán maoinithe don dtogra ina iomláine agus tá obair ar bun ar chás ghnó agus gealltanas tacíochta á lorg ó chomhlachtaí príomháideacha mar chéad chéim in iarracht infheistíocht an stáit a mhealladh sna sála air sin chun an fhorbairt a dhéanamh. Anuas air sin, cuireadh i gcoinne na forbartha ag calafort Ros a’Mhíl agus an limistéir nuálaíochta Smart Bay, i gCuan na Gaillimhe, dhá thogra a chuirfeadh go mór le deiseanna forbartha mara sa réigiún.
Diúltaíodh cead pleanála do fhorbairt uaillmhianach i mBaile an Fheirtéirigh i gCo. Charraí agus ar pháirc ghnó Gaoth Dobhair mar shampla, tá cead pleanála in áit do Pháirc Fotóvoltéach Pobail ach tá gá le h-uasghrádú ar an ghréasán leictreachais chun an pháirc sin a thógáil. Léiríonn na cásanna seo an ghéarghá le cur chuige comhtháite ó thaobh na pleanála agus an dúshláin géar atá ann do thograí forbartha ceal infrastructúr cuí, bunchloch atá in easnamh go mór i gceantair Gaeltachta.
Ceist na Tithíochta Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta €250,000 in airgead caipitil ag cruinniú mhí na Nollag 2023 chun Plean Tithíochta a fhorbairt i gcomhpháirt le geallshealbhóirí leasmhara. Tá ceist na tithíochta mar ábhar seasta ar chlár oibre Bhord Údarás na Gaeltachta ó shin. Tá sé aontaithe ag an mBord go mbeidh aon bheartas ag tacú leis an Ghaeilge agus ag tógáil ar scéimeanna reatha an Rialtais.
Tá an obair ó shin, bunaithe ar thaighde a choimisiúnaigh an tÚdarás ón Eacnamaí An Dr Séin Ó Muineachán, (atá tofa ó shin mar Theachta Dála agus atá anois ar dhuine do Chomhchoiste na Gaeilge). Léiríonn an taighde sin go bhfuil daonra na Gaeltachta ag dul in aois, go bhfuil líon na ndaoine faoi ocht déag ag titim agus líon na ndaoine os cionn 55 bliain d’aois ag fás. Tá céatadán thithe folmha sa Ghaeltacht (11%) níos airde na an meán (8%) náisiúnta agus tá líon na dtithe saoire 5 uaire níos airde sa Ghaeltacht ná an meán go náisiúnta.
Tá roinnt céimeanna tógtha ag Údarás na Gaeltachta ó shin, ag tógáil ar an dtaighde sin.
Cuireann an tÚdarás fáilte roimh ráiteas an Aire Calleary go bhfuil sé ag scrúdú ceist na tithíochta sa Ghaeltacht. Tá an tÚdarás ag obair as láimhe a chéile le Roinn na Gaeltachta ar an gceist seo ó bhí deireadh 2023 ann, agus is léir ag an bpointe seo go bhfuil gá le cur chuige comhtháite ó na h-údaráis áitiúla agus na Ranna Stáit chun dul i ngleic leis an dúshláin ollmhór seo. Beidh an tÚdarás réidh chun tacú leis an obair sin agus ról a ghlacadh i gcur chuige an Aire agus na Roinne nuair a iarrfar ar an Údarás é sin a dhéanamh.
Achoimre
Mar fhocal scoir a Chathaoirligh, ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl daoibh arís as an gcuireadh seo a fháil. Tá éacht déanta ag Údarás na Gaeltachta le dhá scór bliain anuas, tacú le forbairt eacnamaíoch, pobail agus teanga i gceantar a bhíodh faoi mhíbhuntáiste. Ní h-amhlaidh an scéal a thuilleadh, agus cé go bhfuil dúshláin romhainn, is féidir na dúshláin sin a shárú, le h-uaillmhian agus pleanáil agus an tacaíocht cuí uaibhse mar chomhaltaí Oireachtais, ó Roinn na Gaeltachta agus ó na geallshealbhóirí eile. Táimíd ar thairseach athraithe suntasacha teicneolaíochta agus fuinnimh, athraithe teanga-lárnaithe agus a chuireann le cumas na pobail Gaeltachta teacht aniar a fhorbairt agus a bhuanú.
Go raibh maith agaibh agus cuirimse agus mo chomhleacaithe atá anseo fáilte roimh aon cheisteanna atá ag Teachtaí agus Seanadóirí an Chomhchoiste.