The Minister of State for Gaeltacht Affairs meets Údarás board in Gaoth Dobhair

8 October, 2014

min read

Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i nGaoth Dobhair inniu (19/9/2014), chas An Bord leis an Aire Stáit Gaeltachta nua, Joe Mc Hugh T.D.

Ag cruinniú leis an Aire Stáit, phléigh an Bord nithe a bhain agus atá ag déanamh imní don Údarás, ina measc:

  • Cúrsaí buiséadta an Údaráis
    •  an gá atá le soláthar breise ar chur ar fáil do 2015 agus sa todhchaí chun a chinntiú gur féidir leis an Údarás a fheidhmeanna i dtaca forbairt fiontraíochta agus cruthú fostaíochta a bhaint amach agus an líon poist atá ar fáil sa Ghaeltacht a fhás,
    • cúramaí an Údaráis faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Acht na Gaeltachta 2012, an tábhacht atá le buiséad dóthanach a bheith ar fáil don Údarás chun gur féidir leis oibriú go dlúth leis na pobail Ghaeltachta agus tabhairt faoi ghníomhaíochtaí pleanála teanga agus forbartha pobail i gcomhar leis na comhlachtaí pobalbhunaithe.
  • Leathanbhanda
    • an riachtanas práinneach atá le soláthar leathanbhanda d’ardchaighdeán ar chostas réasúnta a bheith ar fáil ar Pháirceanna Ghnó agus Eastáit Tionscail an Údaráis agus in áiteanna eile sa Ghaeltacht ar mhaithe le cúrsaí fiontraíochta a chothú agus a spreagadh.

Dúirt an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., “Tá lúcháir orm go raibh deis agam bualadh le bord an Údaráis i nGaoth Dobhair inniu. Thréaslaigh mé leis an Údarás as an obair atá ar siúl acu maidir le cúrsaí fostaíochta agus cúrsaí pleanála teanga sa Ghaeltacht.”