
Tá fáilte curtha ag Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (BOOGRC), Údarás na Gaeltachta agus Muintearas roimh fhógra ón Aire Oideachais agus Óige, an Teachta Hildegard Naughton TD, maidir le maoiniú nua chun tacú le seirbhísí tiomnaithe obair óige a sholáthar ar fud Oileáin Árann.
Cuirfidh an tionscnamh píolótach seo seirbhísí spriocdhírithe obair óige ar fáil ar gach ceann d'Oileáin Árann, trí mheán na Gaeilge, agus is infheistíocht shuntasach í chun tacú le daoine óga atá ina gcónaí i bpobail oileánda. De réir Dhaonáireamh 2022, tá 234 duine óg idir 10 agus 24 bliain d'aois ina gcónaí ar na hoileáin.
Ba é BOOGRC a stiúraigh an t-iarratas maoinithe i gcomhpháirtíocht le hÚdarás na Gaeltachta agus Muintearas, tar éis riachtanais shonracha i measc daoine óga ar na hoileáin a aithint. Beidh an tionscnamh á bhainistiú ag Muintearas, an cheanneagraíocht náisiúnta d'obair óige na Gaeilge sa Ghaeltacht.
Ag tógáil ar chomhoibriú láidir le scoileanna áitiúla BOOGRC, eagraíochtaí forbartha pobail arna dtacú ag Údarás na Gaeltachta, Comhar na nOileán agus grúpaí áitiúla eile, cuirfidh an tionscnamh feabhas ar rochtain ar sheirbhísí óige atá bunaithe ar riachtanais. Cuirfidh sé breisluach le clubanna óige den scoth atá bunaithe cheana féin, trí spásanna sábháilte tacúla a chur ar fáil inar féidir le daoine óga muinín a chothú, caidrimh a fhorbairt agus páirt ghníomhach a ghlacadh ina bpobail.
Beidh gné láidir meastóireachta agus taighde freisin sa tionscnamh píolótach seo chun a thionchar agus a bhfuil le foghlaim uaidh a mheas agus a bheidh mar bonn eolais faoi bheartais agus seirbhísí amach anseo do phobail oileánda amach ón gcósta.
Rónán Mac an Iomaire, Údarás na Gaeltachta:
“Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh an tionscnamh seo, a thacaíonn le daoine óga agus a neartaíonn an Ghaeilge mar theanga phobail. Braitheann pobail láidre oileánda ar dheiseanna do dhaoine óga páirt a ghlacadh agus a bheith gníomhach ina gceantair. Léiríonn an tionscnamh seo an luach buan a bhaineann le seirbhísí óige a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí áitiúla.”
David Leahy, Príomhfheidhmeannach BOOGRC:
“Léiríonn an tionscnamh píolótach seo tiomantas fiúntach do dhaoine óga atá ina gcónaí ar Oileáin Árann agus cuireann sé leis an obair iontach atá ar siúl i ngach ceann de na trí iar-bhunscoil de chuid BOOGRC. Trí bheith ag obair i gcomhpháirtíocht le hÚdarás na Gaeltachta agus le Muintearas, agus trí sheirbhísí a sholáthar i nGaeilge, tacóidh an tionscnamh seo le comhthéacs cultúrtha uathúil shaol na n-oileán agus an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht a chinntiú ar sheirbhísí óige ar ardchaighdeán, beag beann ar thíreolaíocht.”
Léiríonn an tionscnamh misean níos leithne Údarás na Gaeltachta tacú le pobail inbhuanaithe Ghaeltachta, agus an Ghaeilge i gcroílár an tsaoil laethúil, agus a thiomantas leanúnach d'fhorbairt na n-oileán.
Mairéad Ní Oistín, Príomhfheidhmeannach Gníomhach Mhuintearas:
“Tá an-áthas ar Mhuintearas an tionscnamh píolótach seo a chur ar fáil. Cuirfidh ár dtaithí ar obair óige trí Ghaeilge, in éineacht le spiorad láidir pobail na n-oileán, bunús láidir ar fáil chun spásanna cuimsitheacha a chruthú inar féidir le daoine óga forbairt, ceangal a dhéanamh le chéile agus a nguthanna a bheith le cloisteáil.”
Cuirfear tús láithreach le hearcú foirne agus tuilleadh comhairliúcháin le daoine óga agus le pobail ar na hoileáin. Cuirfear sonraí iomlána ar fáil ar shuíomh gréasáin Muintearas agus ar na meáin shóisialta, agus táthar ag súil go seolfar an tionscnamh i bhFómhar 2026.