The Board of Údarás na Gaeltachta approved a number of projects today (29/5/20) which will result in 10 new full-time jobs and an investment of up to €1.4m when these projects are underway
Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta ar líne seachas i Leitir Móir
Is i ngort an cíbearspáis seachas ar Pháirc an Mháimín i Leitir Móir, Co. na Gaillimhe a reáchtáladh cruinniú Bhord Údarás na Gaeltachta inniu. Go traidisiúnta reáchtáiltear cruinniú den Bhord ar an láthair ag Comórtas Peile na Gaeltachta chuile bhliain agus ba i Leitir Móir i gContae na Gaillimhe a bhí cruinniú an lae inniu le bheith murach an ghéarchéim atá cruthaithe ag an víreas COVID-19. Cuireadh Comórtas Peile na Gaeltachta na bliana seo ar atráth de bharr srianta sláinte poiblí agus thréaslaigh Bord an Údaráis le Cumann Peile Naomh Anna an chaoi ar dhéileáil siad leis an ngéarchéim a tháinig ina mbealach. Dhearbhaigh an Bord go bhfuil súil acu a bheith ar an láthair i Leitir Móir ar dheireadh seachtaine na Cincíse 2021.
Tacaíocht do 10 bpost nua ceadaithe le hinfheistíocht de €1.4m i gcomhlachtaí Gaeltachta
Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta líon tograí ina mbeidh 10 bpost nua lánaimseartha á gcruthú iontu agus infheistíocht os cionn €1.4m ag baint leo nuair atá na tograí sin faoi lán seoil. Is le tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí Gaeltachta i gcontaetha na Gaillimhe, Dhún na nGall agus Chorcaí is mó a bhain na tograí a bhfuil fostaíocht nua le cruthú iontu agus infheistíocht ó na comhlachtaí féin.
Deontas reáchtála €365,000 ceadaithe d’Ealaín na Gaeltachta
Ceadaíodh deontas reáchtála de €365,000 d’Ealaín na Gaeltachta ag Cruinniú Boird Údarás na Gaeltachta inniu chun cur ar chumas na heagraíochta sin leanúint le clár na n-ealaíon sa nGaeltacht a fhorbairt i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon in 2020. Tá an Chomhairle Ealaíon ag cómhaoiniú Ealaín na Gaeltachta go bliantúil ó bhí 1997 i leith ann. Tugadh léargas don Bhord ar an réimse forleathan oibre a chuir Ealaín na Gaeltachta i gcrích i rith 2019 agus an infheistíocht a rinneadh sna healaíona sa nGaeltacht ina measc:
Scéim na bhFéilte (23 féile ealaíon in 2019 le buiséad €88.85k), Scéim Sparánachta d’Ealaíontóirí (tacaíocht do 14 ealaíontóir le buiséad iomlán €50k), Scéim Forbartha na nEalaíon (Tacaíocht ceadaithe do 11 togra straitéiseach in 2019 le buiséad iomlán de €92k), Scéim Síol (tacaíocht do 66 miontionscadail nó togra tosaíochta le buiséad €34.1k), Scéim Cothú 2019 (tacaíocht do 7 dtogra straitéiseach le cláir imeachtaí bliana a reáchtáil le buiséad de €206k).
Deontas reáchtála €535,000 ceadaithe do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta
Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta deontas reáchtála de €535,000 do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta chun clár oibre an chomhlachta do 2020 a mhaoiniú.
Tá Údarás na Gaeltachta agus Gaeltarra Éireann roimhe ag plé le luathoideachas trí Ghaeilge sa nGaeltacht ó bunaíodh an chéad naíonra in 1979. Bunaíodh Comhar Naíonraí na Gaeltachta in 2004 agus tá sí ar an eagraíocht is mó sa tír a chuireann seirbhísí luathbhlianta ar fáil, i mBéarla nó i nGaeilge. Tá CNNG ag tacú le 115 seirbhís naíonra atá ag cur cúram luathoideachais ar fáil do bhreis agus 1,896 páiste sa nGaeltacht. Tá fás agus forbairt curtha ag CNNG ar na seirbhísí, tacaíochtaí agus scéimeanna a chuireann siad ar fáil chun tacú le cúraimí luathoideachais. I measc na seirbhísí sin tá naíolanna, seirbhísí cúraim tar éis scoile, clubanna bricfeasta i dteannta na gcúig ionad cúram leanaí atá faoina gcoimirce. Tá 178 duine fostaithe sna seirbhísí éagsúla cúram leanaí/luathoideachais sa nGaeltacht agus 11 fostaí sa gcomhlacht féin.
Impleachtaí COVID-19
Tá impleachtaí móra ag COVID-19 ar an earnáil luathoideachais agus ag leanúint treoir shláinte poiblí an Rialtais, tá na seirbhísí luathbhlianta ar fad dúnta faoi láthair. Tá socruithe déanta ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige agus an Roinn Leasa Shóisialaí le tacú leis an earnáil le híocaíochtaí foirne agus tacú le barrchostais seirbhísí.
Sa treochlár atá leagtha síos ag an Rialtas, tá sé beartaithe go ndéanfar roinnt de na seirbhísí cúram leanaí agus luathoideachais a athoscailt ar bhunús céimnithe ag tosú ar an 29 Meitheamh do na hoibrithe riachtanacha amháin, ach iad a bheith in ann na riachtanais a bhaineann le scaradh sóisialta a chur i bhfeidhm. Tá sé beartaithe go ndéanfar na seirbhísí luathoideachais ina n-iomláine á athoscailt ar an 20 Iúil ag brath ar threoirlínte shláinte poiblí an Rialtais. Níl aon amhras ach go mbeidh tionchar thar a bheith suntasach ag na riachtanais a bhaineann le scaradh sóisialta ar na seirbhísí luathoideachais agus ar na gnólachtaí atá ag soláthar agus ag bainistiú na seirbhísí sin.
An Mol Digiteach gteic is faide ó thuaidh in Éirinn le forbairt ar an gCarraig Airt i nDún na nGall
Mar chuid d’fhás an ghréasáin gteic, gréasán digiteach na Gaeltachta, aontaíodh ag Cruinniú Boird Údarás na Gaeltachta inniu (29/05/20) go dtabharfaí tacaíocht do Chomhairle Chontae Dhún na nGall chun mol digiteach gteic a fhorbairt ar an gCarraig Airt i dTuaisceart Dhún na nGall. Beidh gteic@Carraig Airt á fhorbairt as lámh a chéile leis an gComhairle Chontae, a bheidh ag cómhaoiniú formhór chostas forbartha an gteic óna gcistí féin agus le tacaíocht Scéim Athnuachan na mBailte agus na Sráidbhailte.
Is foirgneamh d’achar 168 méadar cearnach ar phríomhshráid Charraig Airt a bheidh á fhorbairt agus ón réamhthaighde atá déanta meastar go mbeidh éileamh leathan ar a leithéid d’aonad sa gceantar seo. Tá méadú mór tagtha ar chianoibriú ó thús Aibreán 2020, go háirithe ag éirí as paindéim COVID-19 agus tá sé anois mar rogha oibre lárshrutha i gcuid mhór comhlachtaí.
Beidh 18 spás comhoibre á gcur ar fáil do chomhlachtaí áitiúla, d’fhiontraithe agus do chianoibrithe. Beidh seomra cruinnithe, ceaintín, seomra cithfholctha agus leithris sa bhfoirgneamh agus beidh rochtain míchumais ag an doras isteach.
Líonra de 31 mol nuálaíochta agus digiteach le ceangal ardluais leathanbhanda é gteic Gréasán Digiteach na Gaeltachta arna fhorbairt ag Údarás na Gaeltachta i gceantair ar fud na Gaeltachta. Cuirfidh na moil dhigiteacha gteic líonra bríomhar d’áiseanna leathanbhanda ardluais ar fáil i gceantair tuaithe Ghaeltachta chun cruthú post a chothú, cabhrú le cianobair, filleadh Dhiaspóra na Gaeltachta a spreagadh agus a chumasú, forbairt coincheapanna agus gnó nua a éascú, agus chun pobal de mhoil a fhorbairt, áit ina gcothaíonn cultúr uathúil na Gaeltachta an chruthaitheacht agus an nuálaíocht.
The once-off emergency measure worth €4.7m was approved to support the stabilisation of the Gaeltacht Irish summer colleges sector
Seán Kyne, Minister of State for the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
€4.7m Stability Fund for the Summer Colleges Industry Welcomed
The Board of Údarás na Gaeltachta warmly welcomed the €4.7m stability fund for the summer colleges industry announced yesterday (28/05/20) by Seán Kyne, Minister of State for the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands. The once-off emergency measure worth €4.7m was approved to support the stabilisation of the Gaeltacht Irish summer colleges sector. The fund will be of great assistance to colleges and families throughout the Gaeltacht who are facing difficulties following the announcement that no Irish language course would be held in the Gaeltacht this summer as a result of the COVID-19 pandemic, in an effort to protect public health.
Development of an Education and Youth Centre at An Cnoc, Indreabhán
At today’s (29/05/20) meeting of the Board of Údarás na Gaeltachta it was outlined that the organisation is working with the Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht, Coláiste Lurgan and the Cois Fharraige community to develop an Education and Youth Centre at an Údarás site in An Cnoc in Indreabhán. This is the site where Coláiste Lurgan is held successfully every summer.
Over the past few months, an ambitious plan has been drawn up with Údarás na Gaeltachta’s Property Department and with the input of Coláiste Lurgan, DCHG and local stakeholders. Údarás na Gaeltachta feels this project will be very worthwhile, not only to Coláiste Lurgan but also to surrounding area. All the preparatory work has been done, taking into account as far as was possible, the wishes of the interested parties, and as with every State funding capital project, the requirements of the Public Expenditure Code from the Department of Public Expenditure and Reform.
Údarás na Gaeltachta is committed to continuing this work in conjunction with the DCHG, Coláiste Lurgan and the local community. The preparatory work has shown the importance of adopting an approach that will lessen as much as possible any short term effects the construction work will have on Coláiste Lurgan.