Tá Údarás na Gaeltachta tar éis dhá scéim nua fostaíochta agus oiliúna a fhógairt a thabharfaidh deis do dhaoine óga sa Ghaeltacht dul i mbun oibre agus forbartha gairmiúla in earnáil na forbartha pobail agus sna fiontair shóisialta.
Scéim na gCéimithe san Earnáil Forbartha Pobail agus Scéim na mBainisteoirí faoi Oiliúint in Eagrais Forbartha Pobail — Tá an dá scéim deartha chun céimithe Gaeltachta a chumasú tograí straitéiseacha a fhorbairt a rachaidh chun sochar da gceantar féin.
Tríd an scéim nua seo tabharfar deis do líon teoranta eagrais forbartha pobail/fhiontair shóisialta Gaeltachta, céimí a earcú le tabhairt faoi thionscadal sonrach breise ar leith a bheadh á chur chun cinn faoi scáth na heagraíochta.
Sa tslí seo, tabharfar deis do chéimí taithí phraiticiúil luachmhar a fháil nuair a bheidh an chéim bainte amach aici/aige.
Ní mór d’aon chéimí an Ghaeilge a bheith ar a thoil aige/ar a thoil aici le buntáiste a bhaint as an deis seo.
Is ionann fiontar sóisialta agus fiontar/gnó a bhfuil sé mar aidhm aige brabach a dhéanamh agus/nó tionchar dearfach a bheith aige ar ghnóthaí sóisialta, forbartha pobail, forbartha sochaí nó timpeallachta ina cheantar nó ina réimse oibre.
Tabharfar deontas suas le €48,000 thar tréimhse dhá bhliain (80% den tuarastal) d’eagraíochtaí Gaeltachta chun céimí a fhostú a bheidh ag obair ar thionscadal nuálach atá mar chuid den phlean forbartha straitéiseach aitheanta ag an eagras.
Déanann fiontair sóisialta trádáil in earraí nó seirbhísí ar bhonn leanúnach ach déantar aon bhrabús a ghineann sé a athinfheistiú chun tionchar sóisialta a bhaint amach.
Beidh ar an gcéimí Gaeilge líofa a bheith aige/aici, agus cuirfidh an eagraíocht meantóir agus clár tacaíochta ar fáil.
Spriocdáta d'iarratais: 30 Meitheamh 2025
Tá an scéim nua phíolótach dhá bhliain seo ag Údarás chun deis a thabhairt d’eagrais forbartha pobail a bhfuil deontas reáchtála a fháil acu ó Údarás na Gaeltachta tríd an gCiste Forbartha Pobail, Forbartha Teanga & Eagraíochtaí Forbartha Pobail, bainisteoir faoi oiliúint a earcú.
Díreoidh an bainisteoir faoi oiliúint ar thionscadail shonracha atá mar chuid de chlár oibre na heagraíochta. Beidh gné oiliúna mar chuid den scéim phíolótach seo chomh maith.
Tríd an scéim seo tabharfar taithí phraiticiúil don bhainisteoir faoi oiliúint maidir le tograí a bhainistiú, a fhorbairt agus a thabhairt chun críche faoi scáth eagras forbartha pobail. Faoin scéim bheifí ag súil go bhforbródh na bainisteoirí faoi oiliúint scileanna ionas go mbeidís in ann feidhmiú mar bhainisteoir ar eagraíocht forbartha pobail lá níos faide anonn.
Cuirfear deontas suas le €64,000 ar fáil, ag clúdach suas le 80% de thuarastal an bhainisteora faoi oiliúint.
Cuirfidh duine ainmnithe ón eagras forbartha pobail treoir agus comhairle ar fáil don té a cheapfar ó lá go lá agus beidh teagmháil rialta feidhmeannach ag feidhmeannach ón Údarás leis an eagras agus an té a cheapfar maidir le dul chun cinn a chlár oibre.
Chomh maith leis sin, tabharfaidh an bainisteoir faoi oiliúint faoi chúrsa oiliúna le linn na tréimhse dhá bhliain.
Ní mór ardchaighdeán Gaeilge a bheith ag té a cheapfar.
Spriocdáta d'iarratais: 30 Meitheamh 2025
"Tá tábhacht ar leith don Ghaeltacht san earnáil forbartha pobail, más i gcur chun cinn seirbhísí pobail, pleanáil teanga, tograí fiontair shóisialta nó go leor eile,"
a deir Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúin, Pobail agus Teanga Údarás na Gaeltachta.
"Aithníonn muid san Údarás, dá réir, an tábhacht a bhaineann le todhchaí na hearnála a neartú trí tacú le daoine cumasacha fuinniúla tabhairt faoi fhorbairt pobail. Tá súil againn go neartóidh na scéimeanna nua seo, ní hamháin an earnáil forbartha pobail sa Ghaeltacht, ach an Ghaeltacht trí chéile."
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le d'oifig réigiúnach áitiúil de chuid Údarás na Gaeltachta nó le hAonad Forbartha Pobal an Údaráis ag afp@udaras.ie
Spriocdáta d'iarratais: 30 Meitheamh 2025