Saothair Ealaíne Chomhaimseartha ag teacht go Mol Dhigiteach gteic sa nGaeltacht

29 January, 2026

min read

Tá lúcháir ar Údarás na Gaeltachta a fhógairt go bhfuil dhá shaothar ealaíne chomhaimseartha den scoth anois ar taispeáint i mol dhigiteach gteic@Uíbh Ráthach i mBaile an Sceilg.

Thug Cumann Ealaíne Comhaimseartha na hÉireann na saothair ar iasacht mar chuid de 'Ealaín sna Moil' clár náisiúnta a chuireann ealaín inspioráideach in spásanna oibre comhroinnte ar fud na tíre.

Is iad Helen Richmond agus Mary Fitzgerald na healaíontóirí. Tá cónaí ar Helen Richmond i ndeisceart Chiarraí le fada an lá, agus is iontach go bhfuil gteic@Uíbh Ráthach ábalta a cuid oibre a thaispeáint ina ceantar dúchais féin.

Cruthaíonn an dá shaothar atmaisféar bhríomhar san mol gteic, spás ina dtagann an pobal le chéile le haghaidh oibre, foghlama agus ceangail.

An Ciste Beag – Deontas Nua d'Ealaíon Phobail

I gcomhar le Cumas Ceantar Uíbh Ráthaigh, tabharfar eolas ag an ócáid faoin 'Chiste Beag' – sruth nua micreamhaoinithe d'ealaíon agus cultúr áitiúil.

Beidh deontais ar fáil do ghrúpaí pobail, eagraíochtaí deonacha agus eagraitheoirí imeachtaí ealaíon atá ag pleanáil imeachtaí neamhbhrabúis in Uíbh Ráthach sna míonna atá romhainn.

Léiríonn an tionscnamh seo tiomantas Údarás na Gaeltachta don chruthaitheacht, don phobal agus don chultúr i gceantair Ghaeltachta. Táimid fíorbhuíoch de Chumann Ealaíne Comhaimseartha na hÉireann agus de Connected Hubs as a dtacaíocht leanúnach.