Ráiteas ó Chathaoirleach agus ó Phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta

22 March, 2021

min read

Is údar mór bróin dúinn go léir in Údarás na Gaeltachta bás iar-Phríomhfheidhmeannach an Údaráis, Pádraig Ó hAoláin, inné, an 20 Márta 2021.

Ceannaire cumasach, tuisceanach, cineálta a bhí i bPádraig. Fear pobail agus fear Gaeltachta go smior a bhí ann, cé gur tógadh i dTiobraid Árann é.

Chaith sé a shaol ag obair sa dóigh is nárbh é ‘an long anonn’ a bheadh i ndán do mhuintir na Gaeltachta agus tá muid go mór faoi chomaoin aige.

Thar ceann Údarás na Gaeltachta, ba mhaith linn ár gcomhbhrón ó chroí a dhéanamh lena bhean, Betty, lena gclann agus lena chairde go léir.

Leaba i measc na naomh go raibh aige.

Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach, Údarás na Gaeltachta

Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach, Údarás na Gaeltachta

21 Márta 2021