Language Plans being implemented in 70% of language planning areas

5 August, 2020

min read

Inis Oirr

Toradh dearfach le feiceáil ar obair dhíograiseach na nOifigeach Pleanála Teanga le linn na paindéime COVID-19

Tugadh le fios do Bhord Údarás na Gaeltachta an tseachtain seo caite go raibh 18 bplean teanga ceadaithe agus á bhfeidhmiú ag ceanneagraíochtaí pobail sa Ghaeltacht agus gníomhaíochtaí leanúnacha teanga ar siúl san 18 limistéir phleanála teanga sin ag leibhéal pobail. Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an bpróiseas pleanála teanga i mbliana agus plean teanga á fheidhmiú anois i 70% de na 26 limistéir phleanála teanga (LPT) atá fud fad na Gaeltachta. Tá infheistíocht de €2m i gceist le feidhmiú na bpleananna sin.

Dhá phlean teanga eile atá faoi bhráid na Roinne Cultúir, Oidhreachta & Gaeltachta i láthair na huaire lena gceadú. Táthar ag súil chomh maith go mbeidh 8 bplean teanga eile réitithe agus curtha faoi bhráid na Roinne roimh dheireadh na bliana. Údar mór misnigh is ea an dul chun cinn seo agus infheistíocht shuntasach i bpobail na Gaeltachta ar fud na tíre.

· Dún na nGall: Tá 6 phlean teanga á bhfeidhmiú le hinfheistíocht de €650,000 as 8 LPT ina iomlán. Tá 6 Oifigeach Pleanála Teanga (OPT) agus 1 Oifigeach Cúnta fostaithe i láthair na huaire.

Tá plean teanga do BSG An Clochán Liath agus LPT An Ghaeltacht Láir á ullmhú i láthair na huaire.

·  Maigh Eo: Tá plean teanga amháin á fheidhmiú le hinfheistíocht de €100,000 as 2 LPT ina iomlán. Tá Oifigeach Pleanála Teanga amháin fostaithe.

· Gaillimh: Tá 6 phlean teanga á bhfeidhmiú as 10 LPT ina iomlán le hinfheistíocht de €700,000. Tá 6 Oifigeach Pleanála Teanga agus 2 Oifigeach Cúnta fostaithe i láthair na huaire. 

· Ciarraí: Tá 2 phlean teanga á bhfeidhmiú don dá LPT sa réigiún le hinfheistíocht de €250,000. Tá 2 Oifigeach Pleanála Teanga agus Oifigeach Cúnta amháin fostaithe.

· Corcaigh: Tá plean teanga amháin á fheidhmiú i LPT Chorcaí le hinfheistíocht de €100,000. Tá Oifigeach Pleanála Teanga amháin fostaithe.

· Port Láirge: Tá plean teanga amháin á fheidhmiú i LPT Phort Láirge le hinfheistíocht de €100,000. Tá Oifigeach Pleanála Teanga nua á cheapadh i láthair na huaire.

· An Mhí: Tá plean teanga amháin á fheidhmiú i LPT na Mí le hinfheistíocht de €100,000. Tá Oifigeach Pleanála Teanga amháin ceaptha.

Tionchar dearfach na nOifigeach Pleanála Teanga

Údar misnigh é do na ceantair Ghaeltachta go bhfuil 18 Oifigeach Pleanála Teanga (OPT) agus ceathrar Oifigeach Cúnta fostaithe anois chun tacú leis na pobail sin a bpleananna teanga a chur i bhfeidhm.

Go deimhin, agus an tír ag dul i ngleic le géarchéim COVID-19, thug na hOifigigh Pleanála Teanga go fonnmhar faoi fheidhmiú a bpleananna agus mar chuid de sin eagraíodh feachtais agus imeachtaí a bhí dírithe

ar mhórtas áite a chur chun cinn, ar úsáid na Gaeilge a spreagadh in iliomad comhthéacsanna, agus ar fheasacht a ardú maidir le spriocanna an phróisis phleanála teanga fhéin.

· Tá feachtais ar líne ar nós #SeoÍAnGhaeltacht, a seoladh ar na meáin shóisialta i dtús mhí na Bealtaine, ag cur go mór le féiniúlacht na Gaeltachta, ag cothú ardú meanma mar aon le mórtas agus bród i leith na teanga.

· Ghlac breis is 730 duine mórthimpeall na Gaeltachta páirt i gComórtas Reatha na Gaeltachta, dúshlán ceithre seachtaine le teacht ar an gceantar Gaeltachta ab aclaí in Éirinn. D'éirigh leis an gcomórtas caidreamh agus cumarsáid trí Ghaeilge a chothú i measc na bpobal éagsúil a bhí rannpháirteach mar aon le mórtas áite a chothú ina measc.

· Reáchtáladh Rás 5k Fíorúil na Gaeltachta ar oíche Fhéile Eoin agus ainneoin na drochaimsire thug líon ard rannpháirtithe ó na LPT éagsúla faoin dúshlán chomh maith.

· Bronnadh deis ar leith ar an bpobal Gaeltachta cur lena scileanna scríbhneoireachta leis an Zúmlann Scríbhneoireachta Cruthaithí, ceardlann ar líne faoi stiúir an scríbhneora Dairena Uí Chinnéide. Bhí toradh suntasach ar na seisiúin agus 80 saothar úrnua scríbhneoireachta Gaeilge cruthaithe, idir fhilíocht, haiku, imeartas focal, splancfhicsean, gearrscéalta agus agallaimh beirte, a thugann léargas ar dhearcadh phobal na Gaeltachta le linn ghéarchéim COVID-19.

Comhoibriú leis an bPróiseas Pleanála Teanga

Anois agus an chéim feidhmiúcháin den phróiseas pleanála teanga á cur i gcrích, tá tionchar níos forleithne an phróisis le sainiú agus deiseanna comhoibrithe le heagrais, gníomhaireachtaí agus pobail á dtapú. Tá dhá fheachtas seolta ag na hOPT i gcomhar le Tuismitheoirí na Gaeltachta le tamall beag anuas agus an-tóir ag pobal na Gaeltachta orthu.

· Maratón na dTeaghlach

Go dtí seo tá 212 teaghlach agus 605 duine as 12 LPT cláraithe le páirt a ghlacadh sa chomórtas seo agus é mar aidhm aige teaghlaigh Ghaeltachta a spreagadh le hachar maratóin a rith nó a shiúl thar thréimhse míosa. Is i gcomhluadar a chéile a bhainfidh siad an éacht seo amach ag luas a oireann dóibh féin.

· Tóraíocht Taisce do Theaghlaigh

Tá an Tóraíocht Taisce ag spreagadh teaghlaigh le sásamh a bhaint as na taiscí agus an dúlra atá thart orthu agus le dul ag spaisteoireacht ina gceantar féin. Ní hamháin go gcothaíonn imeachtaí den chineál seo féiniúlacht Ghaeltachta i measc an phobail ach spreagann sé úsáid na Gaeilge i gcomhthéacs sóisialta.

Dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta :

"Tá muid fíorshásta leis an dul chun cinn atá á dhéanamh ag an bpróiseas pleanála teanga i gcomhar le pobail Ghaeltachta na tíre. Údar misnigh dúinn an bheocht nach beag agus an borradh atá tagtha faoi chúrsaí teanga

fiú ag tréimhse atá fíor-chorraitheach. De bharr shrianta sóisialta na paindéime, tá nuálaíocht na Gaeltachta tagtha chun cinn arís agus na pobail ag léiriú a bhféiniúlacht féin le córais teicneolaíochta agus acmhainní nádúrtha a gceantair féin. Bheadh súil againn go mbeidh plean teanga do gach Limistéar Pleanála Teanga ceadaithe nó faoi bhráid na Roinne roimh dheireadh na bliana agus leas á baint as an infheistíocht shuntasach atá ceadaithe do na limistéir sin.”

Is próiseas comhordaithe atá sa phleanáil teanga, a bhfuil d’aidhm aige tionchar a imirt ar úsáid teanga nó ar fhorbairt teanga. Tá Údarás na Gaeltachta freagrach as an bpróiseas pleanála teanga a bhainistiú agus a riaradh sa Ghaeltacht.

Baineann an phleanáil teanga leis na roghanna teanga a dhéanann an duine aonair maidir le cúrsaí teaghlaigh, pobail, oideachais, sóisialta, gnó agus poiblí. Tá comhoibriú agus rannpháirtíocht an phobail, an Stáit agus na n-earnálacha príobháideacha agus deonacha riachtanach chun go mbeidh rath ar an bpróiseas seo agus chun tacú leis an Ghaeilge a bhuanú sa Ghaeltacht mar theanga bheo. Féach thíos na limistéir a bhfuil pleananna á bhfeidhmiú iontu i láthair na huaire:

LPT Staid Reatha

Allúntas Buiséid

Líon Poist

Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir OPT fostaithe & OPT Cúnta ceaptha agus an plean á fheidhmiú

€150,000

2

Cloich Cheann Fhaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh OPT fostaithe agus an plean á fheidhmiú

€100,000

1

Na Rosa OPT ceaptha agus an plean á fheidhmiú

 €100,000

1

Dún na nGall Theas OPT ceaptha agus an plean á fheidhmiú

€100,000

1

Tuaisceart Dhún na nGall OPT ceaptha agus an plean á fheidhmiú

€100,000

1

Toraigh Plean curtha faoi bhráid na Roinne

An Ghaeltacht Láir  Plean á ullmhú

Árainn Mhór OPT ceaptha agus an plean á fheidhmiú

€100,000

1

Na Déise OPT nua á cheapadh

€100,000

1

Múscraí OPT fostaithe agus an plean á fheidhmiú

€100,000

1

Cléire Plean á ullmhú

Ciarraí Theas OPT ceaptha

€100,000

1

Ciarraí Thiar OPT agus OPT Cúnta ceaptha

€150,000

2

Maigh Eo Thuaidh OPT ceaptha agus an plean á fheidhmiú

€100,000

1

 

Maigh Eo Thiar

Plean á ullmhú

An Cheathrú Rua OPT ceaptha agus an plean á fheidhmiú

€100,000

1

Dúiche Sheoigheach & Tuar Mhic Éadaigh OPT ceaptha

€100,000

1

Conamara Láir OPT agus OPT Cúnta ceaptha agus an plean á fheidhmiú

€150,000

2

Cois Fharraige OPT agus OPT Cúnta fostaithe agus an plean á fheidhmiú

€150,000

2

Ceantar na nOileán OPT fostaithe agus plean á fheidhmiú

€100,000

1

Maigh Cuilinn OPT fostaithe agus plean á fheidhmiú

€100,000

1

Oirthear Chathair na Gaillimhe  Plean á ullmhú

An tEachréidh  Plean á ullmhú

Bearna & Cnoc na Cathrach  Plean á ullmhú

Oileáin Árann  Plean á ullmhú

Ráth Chairn & Baile Ghib OPT ceaptha agus an plean á fheidhmiú

€100,000

1

 

BSG Staid Reatha

Allúntas Buiséid

Líon Poist

An Clochán Liath (BSG)  Plean á ullmhú
Béal an Mhuirthead (BSG) Fógra le déanamh
Daingean Uí Chúis (BSG) Curtha faoi bhráid na Roinne